An Ghaeilge ‘níos tabhachtaí ná mar a bhí riamh san AE’ – Kyne

Tá sé ‘ríthábhachtach’ go gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san AE , a deir Aire na Gaeiltachta agus é ag moladh do dhaoine iarratais a dhéanamh ar phoist sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

Seán Kyne
Seán Kyne

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu go bhfuil sé “ríthábhachtach” go gcuirfí deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE as seo go ceann cúig bliana “lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge san AE agus chun deiseanna luachmhara fostaíochta a chinntiú d’aistritheoirí le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha”.

Ag deireadh na bliana seo caite ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón AE nó go rachadh maolú na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.

I mí Iúil seo caite, d’fhógair an Rialtas go mbeifí ag éileamh go gcuirfí siar cúig bliana dáta éagtha mhaolú na Gaeilge san AE seachas deireadh a chur láithreach leis.

Ciallaíonn maolú na Gaeilge nach gá don AE na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i dteangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge.

Mar chuid den phróiseas a chuirfidh deireadh leis an maolú, tá 62 post do theangeolaithe le Gaeilge fógartha ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.

Is é an 12 Iúil 2016 an spriocdháta le haghaidh iarratas ar na postanna sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Ag labhairt dó ag cruinniú Choiste Stiúrtha an Ionaid Barr Feabhais do Ghairmeacha AE in OÉ Gaillimh inniu, dúirt an tAire Kyne gur “céimeanna tábhachtacha breise” i dtreo “deireadh a chur leis an maolú” iad na comórtais do Chúntóirí Teanga le Gaeilge agus an comórtas  atá ar bun faoi láthair d’aistritheoirí le Gaeilge.

“Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear deireadh leis an maolú seo thar na cúig bliana amach romhainn lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge san AE agus chun deiseanna luachmhara fostaíochta a chinntiú d’aistritheoirí le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha.”

“Mholfainn do chainteoirí Gaeilge as gach disciplín, ní hamháin iad siúd a bhfuil céimeanna acu sa Ghaeilge, smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar na poist seo a bhfuil pá an-mhaith ag baint leo – poist as a bhféadfadh gairmeacha éagsúla eascairt i réimsí polasaí éagsúla ag leibhéal an Aontais Eorpaigh,” a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘níos tabhachtaí ná mar a bhí riamh san AE’ – Kyne'

  • Concubhar

    San iontróir ar an bpríomh leathnach don scéal seo, tugtar ‘Aire na Gaeilge’ ar Seán Kyne. An ann don bpost seo?

  • padraig

    Theastódh réabhlóid san oideachas in Éirinn chun an ‘Ghaeilge’ a chur á teagasc arís mar agus na Coláistí Ullmhúcháin a athbhunú láithreach agus oidí sároilte sa Ghaeilge a chur i gceannas. Bun is barr na faidhbe nach múintear ‘Gaeilge’ do pháistí óga ná do mhic léinn scoile ná ollscoile in Éirinn agus dá thoradh sin beidh sé thar abheith deacair teacht ar 62 aistritheoir dhíograiseacha oilte a bheidh in ann ag an aistriúchán sin sa Bhruiséil a líonadh. Ach gan dabht ar bith líonfar na folúntais ar aon chaoi (an Irish solution to an Irish problem) ós rud é go bhfuil Kyne á fhógairt gur cheart do dhaoine ‘le Gaeilge’ cur isteach orthu.