An Ghaeilge liom, an Ghaeilge romham, an Ghaeilge im dhiaidh…

Braitheann an craoltóir Páidí Ó Lionáird go bhfuil an t-ádh leis Gaeilge a bheith aige agus go mbeadh folús doimhin ina shaol d’uireasa na teanga

Páidí

Mairnéalach. Sin an focal ar theip orm smaoineamh air nuair a bhí an crú ar an tairne. Bhíos 11 nó 12 b’fhéidir agus mé i rang 5 nó 6 i Scoil Naomh Abán, Baile Mhic Íre, i bparóiste Bhaile Bhúirne.

Ábhar náire a bhí ann. Ní domsa, áfach, ach don bPríomhoide, an Máistir Mac an Mhaoir. Bhí an cigire, Séamus Mac Gearailt i láthair – é ag fiosrú cumas nó easpa cumais Gaeilge na ndaltaí scoile.

Níorbh ábhar náire domsa é nach raibh focal agam ar dhuine a bheadh ag caitheamh a shaoil ar muir; domsa, níor bhain sé le gnáthrithim an tsaoil. Tá Baile Bhúirne le cois scór míle ón bhfarraige – an Neidín, siar ó dheas, an áit is gaire dúinn.

Dá bharr sin, ní raibh an fharraige ná slite beatha na ndaoine uirthi lárnach ná fiú imeallach i mo shaolsa.

Bhí isteach is amach le seacht mbliana caite ar scoil agam faoin tráth seo agus fios maith agam go raibh rud éigin difriúil fúm.

B’fhéidir gur chóir go mbeadh m’fhoclóir níos forbartha, níos leithne agus níos doimhne ná mar a bhí – ní raibh agus sin mar a bhí –  ach ní raibh aon Bhéarla in aon chor agam nuair a chuas ar scoil an chéad lá riamh. Ní cuimhin liom go raibh fadhb agam a bheith ag meascadh le mo chomhuaisle.

As mo rang bunscoile, ina raibh 18 scoláire, bhíos ar an aon duine ann a tháinig as teaghlach ina raibh an Ghaoluinn amháin á labhairt againn eadrainn féin.

Bhí scoláirí eile a raibh bunús maith na teangan acu ach ní raibh sí á húsáid mar theanga teaghlaigh.

Dá bhrí sin ar fad, nuair a thagadh cigire ar cuairt, chuirtí sinne, a raibh greim mhaith againn ar an nGaeilge, chun tosaigh sa tseomra ranga le ceisteanna an chigire a fhreagairt.

Cur i gcéill cinnte ach cuma faoi.

Nuair a iarradh orm mo smaointe i leith na Gaeilge a bhreacadh síos don alt seo, níor shamhlaíos go dtiocfadh cás eiseach an duine i gceist. Níor tuigeadh dom riamh go raibh mistéir eiseach ag baint le labhairt na Gaeilge, ach tuigim anois gurb amhlaidh go bhfuil.

Cá gcuirim mé féin i gcomhthéacs na teangan? Cá bhfeicim an teanga i gcomhthéacs m’fhéiniúlachta? An bhfuil ceangal idir an teanga agus an tuiscint atá agam ar cé mé fhéin?

Agus má tá, cé chomh dlúth, chomh doimhin is atá an ceangal sin? Go craiceann? Go cnámh? Go smior? Nó an bhfuil doimhneas níos doimhne ná sin ann? Doimhneas anama? Doimhneas i gcroí an duine?

Anois agus an tír i ngreim chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916, tá go leor údar againn féachaint orainn féin agus ionainn féin.

Cé sinn agus cá bhfuil ár dtriall? An bhfuil na mianta céanna againn agus a bhí acu siúd a dhréacht Forógra na Poblachta le linn Éirí Amach na Cásca 1916?

Ceisteanna eiseacha agus íogaire gan aon agó.

Níos faide siar sa stair, nuair a bhí Naomh Pádraig ar a dhícheall págánaigh na hÉireann a mhealladh lena chreideamh Críostaí, thug sé faoi na ceisteanna teibí ar fad a bhain leis an gcreideamh a fhreagairt trí chomhthéacs nua, intuigthe a chur ar fáil do na hÉireannaigh.

I ‘Lúireach Phádraig’, mhínigh sé don slua cén tuiscint a bhí aigesean ar a chreideamh i gCríost – cad a chiallaigh Críost dó.

Críost liom, Críost romham,

Críost im dhiaidh, Críost istigh ionam,

Críost fúm, Críost os mo chionn,

Críost ar mo lámh dheis, Críost ar mo

lámh chlé, Críost i mo luí dom, Críost i mo sheasamh dom,

Críost i gcroí gach duine atá ag cuimhneamh orm,

Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom,

Críost i ngach súil a fhéachann orm,

Críost i ngach cluas a éisteann liom.

Nílim ag rá gur féidir an focal ‘Gaeilge’ a mhalartú le ‘Críost’ sa mhéid thuas agus go mbeadh ciall leis na habairtí i gcónaí, ach má dhéanaimse amhlaidh, déanann sé ciall domsa. Cuir an focal ‘Gaeilge’ in áit an fhocail ‘Críost’ i ‘Lúireach Phádraig’ agus sin mar a bhraithimse faoin nGaeilge im shaol.

An Ghaeilge liom, an Ghaeilge romham,

An Ghaeilge im dhiaidh, An Ghaeilge istigh ionam…

Bhronn an Ghaeilge orm gach a bhfuil agam – ag an leibhéal is bunúsaí, thug sé cumas cumarsáide agus slí bheatha dá réir dom. Más fíor do na húdair, bronnann mo dhátheangachas deiseanna breise orm i bpróiseáil eolais agus i réiteach fadhbanna.

Tá samplaí níos soiléire agam de na buntáistí a bhaineann le mo chumas Gaeilge a labhairt agus í a bheith lárnach im shaol. Bhuaileas le mo bhean chéile de bharr na Gaeilge, cuir i gcás, agus murach san, ní bheadh mo mhac ar an saol.

Ní bheadh cónaí orm san áit a bhfuilim murach an Ghaeilge.

Ní aithneofaí mé mar atáim murach an Ghaeilge.

An mbeinn pósta agus clann orm? Gach seans go mbeinn agus go mbeadh, ach bheadh sé difriúil.

An mbeinn fostaithe agus mo chuid oibre chomh lárnach sin dom’ fhéinaitheantas? Gach seans, ach bheadh sé difriúil.

An mbeinn sásta ionam féin? Gach seans go mbeinn… ach arís bheadh sé difriúil.

Bheadh gach gné dem shaol difriúil. B’fhéidir nach mbeinn, in aon tslí gurb eol dom, níos measa as. B’fhéidir nach mbeinn ar an ngannchuid nó nach mothóinn chomh difriúil sin d’uireasa na Gaeilge, ach tá a fhios agam go mbeinn cosúil leis na céadta eile a deir liom, le linn gnáthchomhrá, go bhfuil aiféala orthu nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.

Agus ní deirim seo ag ceapadh gur mó d’Éireannach mé de bharr go bhfuil ar mo chumas Gaeilge a labhairt. Níl aon stampa breise ar mo phas dá bharr. Ní chaithim aon lipéad ná suaitheantas le rá gur Gaeilgeoir mé – ní gá dom é.

B’fhéidir gur leor fáinne amháin a thugann le fios go bhfuilim pósta!

Mar sin féin, is ball de chumann mé atá ag dul i laghad bliain i ndiaidh bliana, más fíor. Cumann na ndaoine a rugadh agus a tógadh le Gaeilge mar an chéad teanga acu – an t-aon teanga teaghlaigh.

Cuirim fúm i gConamara, an ceantar is mó ina labhraítear an Ghaeilge, ach áit mar sin féin ina bhfuil an teanga ag caolú agus ag cúngú lá i ndiaidh lae. (Tá tuiscint níos fearr acu anseo ar chúrsaí mara chomh maith!).

Ní bhraithim gur lú de dhuine mé dá bharr seo ar fad. A mhalairt; braithim go bhfuil an t-ádh liom agus go mbeadh folús doimhin im shaol nach líonfaí d’uireasa na Gaeilge.

– Tá an t-alt seo mar chuid de shraith alt atá coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge ar an dtéama ‘Ár dTeanga, Ár nOidhreacht – Léargas ar theanga bheo’ foras daite

Fág freagra ar 'An Ghaeilge liom, an Ghaeilge romham, an Ghaeilge im dhiaidh…'

  • Seán Ó Riain

    An-alt scríofa ag Páidí anso. Is mór a chuaigh sé i bhfeidhm orm.

    Ach rud beag amháin, a Pháidí: ná bí róchaighdeánach! Scríobh “ná fuil, ná beinn, ná mothóinn”, mar a dhéanfadh dea-Mhuimhneach! Is dúchasaí san!

  • Màire Dermody

    Tà an t- alt sin thar barr. Aontaím leat a Phàidi. Sin scéal cuid mhaith againn gurbh í an ghaeilge àr gcéad teanga. Thaitin an t-alt go mör liom