An Ghaeilge ina ‘driobaillín’ ag Coiste Gaeilge an Taoisigh agus na healaíona curtha lena chúraimí

Beidh an coiste a bunaíodh chun plé go sonrach le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ag déileáil feasta le gnóthaí ealaíon chomh maith

30/1/2014. Dail Scenes

Tá cúram na n-ealaíon curtha le cúraimí Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais a bunaíodh faoi chathaoirleacht an Taoisigh in 2011 chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta le Tuairisc.ie inné go mbeidh an coiste rialtais, a bunaíodh chun plé go sonrach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ag déileáil feasta le gnóthaí ealaíon chomh maith.

An Coiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thabharfar as seo amach ar an gcoiste a bhfuil cúram na Straitéise 20 Bliain air.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach mbeadh sa choiste feasta ó thaobh na Gaeilge de ach “leithscéal de choiste” agus nach mbeadh an Ghaeilge ach ina “driobaillín” ann.

“Ag am go bhfuil an Dáil ag tabhairt aitheantas aisti féin don Ghaeilge le coiste nua Oireachtais, tá an Rialtas ag dul glan in aghaidh na Straitéise. Bunaíodh an coiste faoi chathaoirleacht an Taoisigh mar chuid de mhór-iarracht náisiúnta ar son na Gaeilge agus le go mbeadh údarás an Taoisigh ag an obair.

“Cuir seo le gach rud eile a tharla don Ghaeilge – ceapadh Aire Sóisearach seachas Aire Sinsearach, mar shampla – agus is léir cén dearcadh atá ag an Rialtas seo. Tá an Straitéis stróicthe as a chéile acu.”

Dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta le Tuairisc.ie go mbíonn “tábhacht” le “gach ábhar” atá faoi chúram choiste Rialtais.

“Bunaítear Coistí Comh-Aireachta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla agus tugtar ainmneacha agus cúraimí dóibh a mheasann an Rialtas a bheith cuí ag an am, ag féachaint do shannadh freagrachtaí na nAirí,” a dúirt an t-urlabhraí.

Is beag dóchas atá ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, áfach, go mbeidh an stádas céanna ag an nGaeilge faoin leagan amach nua.

“Tá a fhios agam céard a tharlós anois. Beidh cruinnithe acu faoi chúrsaí ealaíon agus fágfar cúig nóiméad ag an deireadh don Ghaeilge,” a dúirt Ó Cuív.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí gur 15 mí ó shin a bhí a gcruinniú deireanach ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air.

Ba é an cruinniú sin, ar an 30 Márta 2015, an t-aon chruinniú a tionóladh anuraidh den choiste a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Sé cinn de chruinnithe ar fad a bhí ag an gCoiste ó thús 2013 i leith.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ina ‘driobaillín’ ag Coiste Gaeilge an Taoisigh agus na healaíona curtha lena chúraimí'

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart iad a chaitheamh amach agus a n-eireaball ina ngabhal acu.

  • Seosamh O Ciardha

    Dà mbeadh Eamonn in aire bheadh port eile a sheinnt aige