An Ghaeilge ina dlúthchuid de spiorad fhoireann Chúige Chonnacht, a deir Pat Lam

Cur síos déanta ag bainisteoir Chúige Chonnacht, Pat Lam, ar a thábhachtaí is atá an Ghaeilge don fhoireann a bhuaigh Cluiche Ceannais an PRO12 Dé Sathairn

Bainisteoir Chúige Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie
Bainisteoir Chúige Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie

an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach d’fhoireann rugbaí Chúige Chonnacht, dar lena mbainisteoir Pat Lam.

Dúirt an Nua-Shéalannach go mbaineann a fhoireann leas as an teanga chun “ceangal a dhéanamh le chéile agus leis an bpobal a ndéanaimid ionadaíocht air”.

Ón am ar tháinig sé isteach, rinne Lam iarracht mhór spiorad a chothú i measc a chuid imreoirí agus mhothaigh sé gur bealach iontach í an Ghaeilge chun é sin a dhéanamh.

I dtús báire, ní raibh i gceist ach go ndéarfadh na himreoirí ‘Dia Dhuit’ lena chéile gach maidin ach ní fada go raibh tuilleadh Gaeilge le cloisteáil uathu agus an teanga ina dlúthchuid de spiorad na foirne.

“Fiú buachaillí na hÉireann nuair a thosaigh siad ag rá ‘Dia Dhuit’ ansin thosaigh siad ag labhairt níos mó Gaeilge agus spreag sé bród ionainn maidir leis an áit as a dtagann muid, agus ba rud millteanach mór dúinn na ceangail sin,” a dúirt Pat Lam leis an gclár Off the Ball ar Newstalk.

Nuair a bhuaigh na Connachtaigh cluiche ceannais an PRO12 ag an deireadh seachtaine, choinnigh Lam leis an nGaeilge agus é ag déanamh a chuid agallamh teilifíse i ndiaidh an chluiche stairiúil i gcoinne Chúige Laighean. Agus é ag labhairt le Marcus Horan ar TG4, dúirt Lam gur “lá bródúil do dhaoine Chonnacht” a bhí sa bhua.

Nuair a ceapadh ina bhainisteoir ar Chúige Chonnacht ar dtús é, rinne Lam cur i láthair do na himreoirí faoi na rudaí a bhí tábhachtach dósan ina shaol lasmuigh de chúrsaí rugbaí agus leag sé béim ar a mhuintir agus a áit dúchais. Ansin d’iarr sé ar na himreoirí féin amhlaidh a dhéanamh.

“Thug mé dúshlán do na himreoirí uile cur i láthair a dhéanamh faoi chéard a bhí tábhachtach dóibh. Le linn tréimhse an réamhshéasúir, tugadh deich nóiméad dóibh uile chun an cur i láthair a dhéanamh agus nuair a chonaic mé céard a bhí déanta acu, dúirt mé ‘wow’.

“Bhí siad ag déanamh cur síos ar a muintir, ar a ndúchas, ar a dtreibh. Tháinig tocht ar chuid acu agus iad ag labhairt faoina seantuismitheoirí agus bhain sé sin creathadh mór asam.”