An Ghaeilge i mbéal an phobail a bhuíochas le Sam Bennett, Bart Simpson agus #bród 1916

Le linn dheireadh seachtaine na Cásca bhí an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail ar líne agus idir rothaithe agus carachtair chartúin á cur chun cinn!

Pic TV

Bhí an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail ar líne le linn dheireadh seachtaine na Cásca a bhuíochas le Sam Bennett, Bart Simpson agus an #bród a mhúscail ceolchoirm RTÉ Centenary i measc mhuintir na hÉireann.

Bhí an haischlib #bród i measc na haischlibeanna ba mhó trácht ar Twitter in Éirinn aréir le linn chraoladh Centenary ar RTÉ 1. Ba é seo an dara huair i mbliana a bhí focal Gaeilge ag treochtáil ar an líonra sóisialta. Bhí #NollaigNamBan ar an haischlib ba mhó trácht ar Twitter in Éirinn ar feadh tamaill ar an 6 Eanáir.

Níl aon cheist faoi ach gurb é an giolc Gaeilge is mó a thuill aird an phobail ag an deireadh seachtaine an freagra a thug an rothaí Sam Bennett ar iris rothaíochta a thug le fios, le teann magaidh, dar leo féin, gur Briotanach a bhí i rothaí Charraig na Siúire. Pé ar bith, ní raibh aon ghlacadh ag Bennett, a bhuaigh an chéad stad de Critérium International na Corsaice, le giolc Cycle Sport Magazine.


Thuill freagra Gaeilge Bennett na céadta athghiolcacha agus croíthe.

Idir an dá linn,ghnóthaigh físeán scigaithrise Gaeilge, bunaithe ar The Simpsons os cionn 250,000 amharc Facebook nuair a foilsíodh é ag an deireadh seachtaine. Ba iad an ‘banna ceoil’ An Criú Craiceáilte a chuir Gaeilge i mbéal Bheairtle Mhic Shim.

Is léir óna leathanach Facebook gur de thoradh ar shraith pictiúr na hArdteiste a bunaíodh An Criú Craiceáilte. Tagraíonn a bport nua, ‘Is Maith Liom Techno’ do mhír chluastuisceana a bhí mar chuid de scrúdú na hArdteistiméireachta roinnt blianta ó shin. Bítear ag spochadh fós as an mír áirithe sin ina raibh fear a bhí i bhfad níos sine ná Bart Simpson ag déanamh aithrise ar ghlór an charachtair cháiliúil.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge i mbéal an phobail a bhuíochas le Sam Bennett, Bart Simpson agus #bród 1916'