Gol nó gáirí? Cé acu ba cheart a dhéanamh faoi alt faoin nGaeilge ar shuíomh nua aontachtach?

Suíomh nua aontachtach ar a maíonn daoine gan ainm gur uirlis a bheidh san Acht Gaeilge chun an Bhriotanacht a dhíothú sa Tuaisceart

Gol nó gáirí? Cé acu ba cheart a dhéanamh faoi alt faoin nGaeilge ar shuíomh nua aontachtach?

Gol nó Gáirí. Ní bheifeá cinnte cé acu ba cheart a dhéanamh nuair a léifeá an príomh-alt ar shuíomh nua aontachtach. ‘Cath cultúrtha ar aontachtachas’ atá faoi chaibidil agus ní nach ionadh ’sí an Ghaeilge nó an tAcht Gaeilge atá faoi chaibidil.

Is é unionistreveille.com an suíomh idirlín nua. Iarpholaiteoirí atá ina bhun, deirtear, ach níl siad toilteanach a n-ainmneacha a fhoilsiú. Múscail a aontachtaithe, an mana. Díospóireacht agus anailís a chothú chun a dhul i ngleic leis an gcontúirt atá ag bagairt ar aontachtaithe an aidhm atá acu, a deir siad. Beidh altanna ag ucht gnó, scoláirí agus polaiteoirí ar an suíomh agus iarrtar ar úsáideoirí a bpríobháideachas a chosaint. Is cosúil nach neosfar cé hiad na scríbhneoirí ná an lucht eagair ach iarrtar ar léitheoirí leanúint leis an bplé ar mheáin shóisialta agus i measc an phobail, gan laincis na ceartaiseachta polaitiúla.

Deirtear san alt Cultural War on Unionism, ó tharla cainteanna polaitiúla in ainm is a bheith ag atosú gan mhoill, go gcaithfidh gach aontachtaí treisiú ar a iarracht chun seasamh in aghaidh Acht Gaeilge. “D’eascair an cath cultúrtha seo as an bhfeachtas cinedhíothach a fearadh ar Phrotastúnaigh/Aontachtaithe tar éis don Saorstát scaradh ón Ríocht Aontaithe,” a scríobhtar.

Is é feachtas Shinn Féin ar mhaithe le hAcht Gaeilge an casadh is deireanaí ina gcath cultúrtha, a deir an t-údar agus is é a chuspóir an bonn a bhaint de Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe. Teastaíonn ó Shinn Féin, a deirtear, samhailchomharthaí Briotanacha a laghdú agus a lagú chun a chur in iúl gur mó atá i bpáirt ag an tuaisceart leis an deisceart ná leis an mBreatain Mhór ar bhonn cultúir agus dá bhrí sin ar bhonn polaitiúil.

Aitheantas oscailte ó aontachtach atá anseo go bhfuil an col le hAcht Gaeilge bunaithe ar an ngaelachas a threascairt ionas go gcoinneofaí Tuaisceart Éireann Briotanach. Níl smid san alt faoi chearta teanga a bheith aitheanta sa Ríocht Aontaithe in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Cé gur cosúil nach bhfuil baint ag an DUP ná ag an UUP leis an suíomh nua seo tá an leagan amach sin coitianta ina measc.

Ní raibh an Ghaeilge coiteann riamh i dTuaisceart Éireann mar theanga labhartha, a deir an scríbhneoir. Agus é ar an seanphort aontachtach, deir sé gur mó cainteoirí Sínise ná Gaeilge atá abhus. Polainnis a luaigh Arlene Foster nuair a chuir sí a racht di faoi na crogaill. Ní bheadh aon locht ag an údar ar chead a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt! Ní luaitear conas a stopfadh sé iad. Ach is é éileamh Shinn Féin go mbeadh na cearta teanga éigeantach an fhadhb, dar leis. Ní admhaíonn sé go bhfuil cearta per se éigeantach. Bheadh sé sásta dá mbeadh úsáid na Gaeilge deonach. Le caoinchead aontachtaithe, is dóigh?

Maíonn sé go gcuirfeadh Acht Gaeilge ualach mór ar an státchóras agus ar an sparán poiblí. Bheadh acmhainní atá gann cheana féin á n-ídiú ar fheachtas frithBhriotanach Shinn Féin, dar leis. Maíonn sé go gcuirfeadh an tAcht iachall ar an earnáil phríobháideach chomh maith leis an earnáil phoiblí a bheith dátheangach, cé nach bhfuil a fhios go beacht ag éinne cad iad téarmaí an Achta atá á lorg ag Sinn Féin.

Mar fhocal scoir, deir sé go mb’fhéidir gur cheart Comhaontú Aoine an Chéasta a athscrúdú mar gurb é an rogha atá anois ag aontachtaithe, Stormont a fháil ar ais nó a bpáirtíocht sa Ríocht Aontaithe a chaomhnú. Teastaíonn Stormont ó Shinn Féin chun scaradh ón Ríocht Aontaithe agus dar leis-sean gur sárú ar phrionsabail an Chomhaontaithe é sin.

Ní léir fós an chun brú a chur ar an DUP gan ‘géilleadh’ d’Acht Gaeilge a foilsíodh an t-alt. Is cosúil gur brúghrúpa iad an lucht eagair. Tá an chaint faoi cheartaiseacht pholaitiúil ag teacht le nósmhaireacht David McNarry, iar-UKIP, iar-UUP. Tugann an cur síos ar easpa smaointeoireachta  folús san dioscúrsa aontachtach le fios gur daoine atá míshásta leis an DUP atá bainteach leis an suíomh. 

Neamhghéilliúlacht atá á craobhscaoileadh ag an unionistreveille.com. Fearacht gach dreama eile tá gá ag aontachtaithe le hathscrúdú a dhéanamh ar a gcur chuige ach ní cúlú den sórt seo an freagra. Gan blas íoróine ná aon trácht ar stair na Breataine i leith na Gaeilge in Éirinn, cuireann an t-údar an t-éileamh ar Acht Gaeilge, cath cultúrtha, i gcomparáid le hiompar réimeas ollsmachtach. Ba minic cultúr á úsáid acusan mar arm cogaidh, ar sé, agus an uirlis chéanna á húsáid aige féin chun dul ar an ionsaí.

Fág freagra ar 'Gol nó gáirí? Cé acu ba cheart a dhéanamh faoi alt faoin nGaeilge ar shuíomh nua aontachtach?'