‘An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916’ forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach le foilsiú san Irish Times amárach

Tá an forlíonadh á fhoilsiú mar chuid de Chomóradh 1916-2016 Fhoras na Gaeilge agus súil acu go spreagfaidh an forlíonadh ‘comhrá faoin nGaeilge’ agus a bhfuil i ndán di

image001

Foilseofar leis an Irish Times amárach forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach, An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916, mar chuid de Chomóradh 1916-2016 Fhoras na Gaeilge. 

Déanfar cíoradh sa bhforlíonadh ar cheisteanna a bhaineann leis an bhfís a bhí ann don Ghaeilge agus do shochaí na hÉireann céad bliain ó shin.

I measc na n-údar a mbeidh alt leo in An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916 tá an tOllamh Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame a shamhlaíonn an dearcadh a bheadh ag an seisear déag a cuireadh chun báis i 1916 faoi chomóradh 2016.

I measc na scríbhneoirí eile a chuir peann le pár don fhorlíonadh tá Alan Titley, Des Geraghty, Dara Ó Cinnéide agus Áine Ní Chiaráin.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go gcuirfidh mórán daoine spéis san fhorlíonadh speisialta.

“Beidh an forlíonadh ina fhoinse luachmhar d’institiúidí tríú leibhéal a dhíríonn ar aon ghné den phleanáil teanga, cúrsaí cumarsáide, cúrsaí litríochta agus staire agus teagasc na Gaeilge. Beidh sé ina ábhar spéise do scoileanna, d’eagraíochtaí Gaeilge, na meáin agus do phobal na Gaeilge araon.

“Tá súil againn go spreagfaidh an forlíonadh comhrá faoin nGaeilge, faoin áit a bhfuil sí anois, faoin todhchaí atá i ndán di agus faoi mheon an phobail ina leith,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916’ forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach le foilsiú san Irish Times amárach'

  • Fearn

    Muise, nach trua nach bhfuil sé ar líne?

  • Ruairí Ó Bléine

    Ag a “Dé Céadaoin, Márta 9 2016 ag 8:05 pm” a hinsíodh dúinn go mbeadh an

    forlíonadh seo le fáil “amárach”. Sin 4 uair a chloig de foláireamh!

    Tá sé deacair seo a thuiscint.

  • Pól Ó Braoin

    An suimiúil. Tá sé á léamh faoi láthair agam agus táim a cheapadh gur fada a bheas sé ar an tseilf ina fhoinse thagartha dom.