An Ghaeilge agus an Tuircis na teangacha is lú a ndéantar dul chun cinn iontu ar Duolingo

Ainneoin go bhfuil an cúrsa Gaeilge i measc na ndeich dteanga is mó a bhfuil daoine cláraithe leo ar an aip foghlama teangacha, líon beag de na foghlaimeoirí Gaeilge a dhéanann dul chun cinn

An Ghaeilge agus an Tuircis na teangacha is lú a ndéantar dul chun cinn iontu ar Duolingo

Tá an cúrsa Gaeilge ar Duolingo ar cheann den dá chúrsa is lú a ndéanann daoine dul chun cinn iontu. Dheimhnigh Duolingo do Tuairisc.ie gurb iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga is lú a ndéanann lucht úsáidte na haipe dul chun cinn leo.

Tá tuairim is 3.76 milliún duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo.

Thug urlabhraí de chuid Duolingo le fios do Tuairisc.ie gur 15% d’úsáideoirí na haipe a chríochnaíonn na cúrsaí teanga.

Dheimhnigh an t-urlabhraí, áfach, gurb iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga is lú a ndéantar dul chun cinn iontu, mar a luadh le déanaí ar an iris Wired sa Bhreatain.

“Cailleann formhór na n-ardán foghlama a n-úsáideoirí i ndiaidh an chéad lae, agus mar sin tá bród orainn go gcoinnímid líon réasúnta ard foghlaimeoirí. Feictear dúinn, freisin, go gcríochnaíonn go leor daoine cuid den chúrsa agus ansin titeann siad i ngrá leis an teanga agus bíonn fonn orthu taisteal chun tuilleadh staidéir a dhéanamh uirthi,” a dúradh.

Oibríonn Duolingo de réir córas bronnta pointí. Tugtar ‘experience points’ orthu seo san aip. Nuair a chríochnaítear ceacht teanga, bronntar méid áirithe pointí ar an bhfoghlaimeoir agus ceadaítear dó dul ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile.

Éiríonn na ceachtanna agus na cleachtaí níos deacra de réir mar a théitear chun cinn i dtreo dheireadh an chúrsa.

Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil aon eolas acu faoi mheánlíon na bpointí atá faighte ag lucht foghlama na Gaeilge go dtí seo agus nach bhféadfaí na pointí sin a aimsiú mar go mbíonn daoine ag foghlaim cúpla teanga éagsúil ar an aip.

Seoladh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo i mí Lúnasa na bliana 2014. Tá an Ghaeilge anois ar cheann de na deich dteanga is mó tóir ar an aip ar fud an domhain. Is mó an tóir atá ag úsáideoirí na haipe ar an nGaeilge ná mar atá acu ar an bPolainnis, an Danmhairgis agus an tSualainnis.

Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí sin lonnaithe, ach tá muintir na hÉireann, na Breataine, agus Cheanada i measc na ndreamanna eile is mó a chláraíonn leis an gcúrsa teanga.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge agus an Tuircis na teangacha is lú a ndéantar dul chun cinn iontu ar Duolingo'

  • Pól Réamonn

    Tá mé ag baint úsáide as Duolingo chun Spáinnis a fhoghlaim. Is uirlis iontach é.