‘An gcasfaidh muid ‘an bhfuil cead againn sweets más é do thoil é?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Oíche Shamhna agus tá amhrán ag teastáil chun milseáin a fháil. Fág faoin mBábaí é

‘An gcasfaidh muid ‘an bhfuil cead againn sweets más é do thoil é?’

Bhuail An Cailín Mór Beag trí chnag ar an doras. D’oscail sé. ‘An bhfuil aon amhrán agaibh?’ a d’fhiafraigh bean an tí den trí phúca a bhí roimpi ar an tairseach.

‘An bhfuil sé in am a ghabháil thart le haghaidh Oíche Shamhna fós, a Mhamaí? a d’fhiafraigh An Cailín Mór Beag díom an mhaidin sin agus na cornflakes slogtha aici, ar éigean.

Anois agus é ina thráthnóna, bhí an chuma orthu go raibh cumas na cainte sciobtha uathu. Bhí siad ag stánadh aníos ar bhean an tí go ciúin faiteach agus greim docht acu ar na málaí beaga agus iad ag faire ar an mbabhla mór milseán a bhí ina lámh aici.

‘Tá amhráinín agaibh, nach bhfuil?’ a dúirt mé leo ag iarraidh spreagadh beag a thabhairt dóibh.

Thosaigh Beainín na Naíonáin Bheaga ag caint liom i gcogar. “An gcasfaidh muid ‘an bhfuil cead againn sweets más é do thoil é?’” a d’fhiafraigh sí díom go hamhrasach agus muid tagtha ag an gcrosbhóthar cinniúnach seo in eachtraí na hoíche.  

Is é an Babaí a chorraigh ar dtús. Thóg sé céim amháin chun cinn is sheas amach chun tosaigh ar an ngrúpa. ‘Tá mála mór a’msa,’ a dúirt sé, is shín sé amach an mála bags for life Aldi a bhí á tharraingt ina dhiaidh aige.

‘Ach an bhfuil aon amhrán agat?’ a d’fhiafraigh sí dhe. Bhí sé ina sháinn. Thuig siad má bhí milseán le fáil nárbh fholáir dóibh a theacht ar stéibh éicint as áit éicint.

Bhreathnaigh mé ar an gCailín Mór Beag. Is uirthi a bhí chuile shórt ag brath. Bhí a fhios agam go raibh cúpla líne de rann Samhna foghlamtha aici. Ní raibh le déanamh aici ach é a rá. Anois agus chuile dhuine ag faire uirthi, bhí an misneach ag teip uirthi.

Thug bean an tí croitheadh beag don bhabhla mór milseán. Lean an tsáinn ar aghaidh.

‘Tá amhrán a’msa!’ a d’fhógair an Babaí go tobann. Bhreathnaigh muid uilig air agus iontas orainn. Má bhí amhrán aige, ba i ngan fhios dúinne a bhí sé aige. Thosaigh sé ag imeacht ó thaobh go taobh. ‘Oíche Shamhna, Oíche Shamhna, aon, dó trí,’ a chas sé le fonn. Ansin stop sé arís.

‘An é sin an méid atá ann?’ a d’fhiafraigh bean an tí dhe agus iontas uirthi.

Níl a fhios agam ar faoi gheasa ag na púcaí nó ag na milseáin a bhí sé. ‘Ó, ní hea,’ a dúirt sé.  

Thosaigh sé ag luascadh na lámha anonn is anall is é ag croitheadh a thóna. ‘Aldi, Lidl-di-Aldi, Lidl-di-Aldi, Lidl-di-Aldi-Aldi, deaidí, deaidí, deaidí-ó!’