Freasúra Stormont – feabhas de dhíth

Dhá pháirtí iad an UUP agus an SDLP agus ní comhghuaillíocht, is cuma cad ba mhaith le dreamanna eile

Freasúra Stormont – feabhas de dhíth

Is iontach go deo an chaoi ar éirigh leis an DUP agus Sinn Féin in éineacht a leagan siúd de ghnó an fhreasúra a chur i gcion ar dhaoine. Is mó fós an t-iontas é i bhfianaise a n-éagumas maidir le teachtaireacht dhearfach faoina réimeas féin a chur i gcion ar dhaoine. Seans gur easpa taithí ar fhreasúra i Stormont a chuidigh leo ‘foirmle’ gan dealramh a chumadh do chur chuige an UUP agus an SDLP. Tá an dá pháirtí sin ag tabhairt aghaidh ar a gcéad théarma mar fhreasúra oifigiúil. Dhá pháirtí iad agus ní comhghuaillíocht ach, a bhuíochas don bhFeidhmeannas, is é tuairim na coitiantachta, agus go leor tráchtairí, gur cheart dóibh a bheith ag feidhmiú mar aonad.

Seafóid is ea é. Raiméis a fheileann go maith don pháirtnéireacht idir an DUP agus Sinn Féin. Dar leis an insint seo, caitheann an UUP agus an SDLP iad féin a iompar go seasta amhail malairt Feidhmeannais. Dá réir freisin, ’sé ceannaire an UUP, Mike Nesbitt ceannaire an fhreasúra agus ’sé ceannaire an SDLP, Colum Eastwood a thánaiste.

Is maith le Nesbitt an teideal agus baineann sé leas as ach sin é. Dá gcuirfeá an fhoirmle sin i bhfeidhm i dTeach Laighean bheadh Fianna Fáil agus Sinn Féin ag dul i gcomhar le chéile mar mhalairt rialtais, nó i Westminster bheadh Jeremy Corbyn agus Alex Salmond nasctha le chéile!

Ba é an Luan an chéad lá de dheich gcinn atá ceadaithe mar laethanta an fhreasúra i Stormont. ’Siad an UUP agus an SDLP an dá pháirtí a bhfuil stádas agus acmhainní acu mar fhreasúra; thuill siad an stádas sin mar go raibh siad i dteideal a dhul sa bhFeidhmeannas faoi chóras D’Hondt ach roghnaigh siad an freasúra. Tá Alliance, Pobal roimh Bhrabach, Comhaontas Glas agus TUV lasmuigh den Fheidhmeannas freisin, ach níl siad sa bhfreasúra oifigiúil a ceadaíodh den chéad uair faoi théarmaí teoranta an Tús Nua a síníodh anuraidh.

Bíonn urlabhraithe an DUP agus Shinn Féin ar bís chun sonc a thabhairt don fhreasúra gach deis a fhaigheann siad. Dé Luain, bhí an dá mhórpháirtí in ann an ceann is fearr a fháil ar mholtaí an fhreasúra. Anuas air sin, bhíodar ag caitheamh anuas ar an UUP agus SDLP mar nár ghníomhaigh siad mar mhalairt feidhmeannais.

Feileann sé go maith don DUP agus Sinn Féin a bheith ag caint ar easpa aontais an fhreasúra chun na scoilteanna follasacha eatarthu féin a cheilt. Ní mór do fhreasúra a thaispeáint go bhfuil siad in ann ag obair rialtais agus go bhfuil siad níos cumasaí ná lucht na cumhachta – sa chás seo páirtí aontachtach agus páirtí náisiúnach atá riachtanach le haghaidh roinnt na cumhachta.

Toghann na vótóirí páirtithe. De réir an chórais reatha tá páirtithe i dteideal a bheith sa bhFeidhmeannas i gcoibhneas le líon na suíochán a bhuann siad. Ní sheasann an DUP agus Sinn Féin i dtoghcháin ar chomhchláir don Fheidhmeannas. Tuige a mbeifí ag súil lena leithéid ó pháirtithe an fhreasúra? Go bunúsach nach é gnó an UUP a léiriú go gcruthódh siadsan níos fearr ná an DUP sa bhFeidhmeannas? Agus nach é cúram an SDLP a chruthú gurbh fhearr an rogha don phobal náisiúnach iadsan ná Sinn Féin sa bhFeidhmeannas ?

Ní beag sin. Beidh le feiceáil cé mar a chruthóidh siad. Ní dea-theist orthu é gur lig siad don DUP/Sinn Féin an soiscéal faoin bhfreasúra a chraobhscaoileadh. Beidh neart deiseanna acu chun airí a phromhadh. Ní mór dóibh a bheith seiftiúil chun a bheith éifeachtach i bhfianaise na huimhríochta sa Tionól. Is beag cruthaitheachta atá léirithe acu go fóill. Feabhas de dhíth, mar a deir na tuairiscí scoile – ach faoina dtéarmaí tagartha féin agus ní de réir rialacha an DUP/Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Freasúra Stormont – feabhas de dhíth'