An forlámhas traidisiúnta iompaithe bun os cionn ag BÁC agus scéalta móra caide eile

Ba dhóigh leat gur dheacair do dhuine bheith dearfach faoin mbiaiste peile atá díreach thart ach ar mhaithe na cothromaíochta agus le sprid na Nollag, seo na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar ár gcolúnaí ó thús na bliana ar mhachairí na caide

Thosnaigh an bhliain 2015 amach le díospóireacht ar an gcultúr atá sa treis i gcúrsaí peile le blianta beaga anuas, ar an easpa spleodair a bhaineann le bheith id’ imreoir eadarchontae sa lá atá inniu ann, agus ar na dualgais throma atá ar pheileadóirí na linne seo.

Cé gur beag an leigheas a bheadh ag imreoirí ón dá thaobh air, bhí easpa spleodair ag baint leis an lá is mó sa bhliain – cluiche ceannais na hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí i mí Mheán Fhomhair.

Díreach roimh dheireadh na bliana, d’eisigh Ard-Stiúrthóir CLG, Pádraic Duffy cáipéis ina raibh moltaí fiúntacha chun dul i ngleic le fáth a mbuartha agus chun cuid den sprid a bhain le cluichí na nGael a athghabháil don ngnáthimreoir.

Ba dhóigh leat gur dheacair do dhuine bheith dearfach faoin mbiaiste peile atá díreach thart ach ar mhaithe na cothromaíochta agus le sprid na Nollag san aer, seo a leanas na hócáidí, na cluichí agus na tréithe is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thús na bliana ar mhachairí na caide.

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 2/8/2015 Dublin vs Fermanagh Fermanagh's Sean Quigley scores a goal by pushing Dublin goalkeeper Stephen Cluxton into the net with the ball Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
t ©INPHO/Morgan Treacy

Báide Sheán Quigley in aghaidh Átha Cliath sa chluiche ceathrú ceannais craoibhe. Tá a fhios agam nár chóir go mbeadh an scór ceadaithe ag réiteoir Chiarraí, Pádraig O’ Sullivan, ach is dóigh liom mar sin féin go raibh sé ag teacht le sprid an lae i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí Lúnasa agus b’fhiú scaoileadh leis chun an meangadh gháire a bhí ar aghaidh Quigley os comhair Chnoc 16 amach a fheiscint. Go deimhin féin, thug Quigley an chraobh go léir ag gáirí. Fiú nuair a bhí na hiarrachtaí ar scóranna ag dul amú ceann ar cheann ins an mbabhta cáilithe i gcoinne na hIarmhí, bhí sé de dhánaíocht agus de thiarnúlacht ann an ceann a chaitheamh san aer, leathshúil a chaochadh ar a chéilí comhraic agus leanúint air ag tabhairt faoin sprioc, beag beann ar a bhotúin go léir. Imreoir as an ngnáth sa lá atá inniu ann is ea Quigley, a mhaígh go raibh pizza ag a 2 a chlog ar maidin aige roimh chluiche cáilithe anuraidh ina bhfuair sé 2-8. Ba chóir breis imreoirí dá leithéid a bheith ag imirt inniu.

Leinster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 28/6/2015 Westmeath vs Meath Westmeath's John Heslin and Denis Corroon celebrate after the game Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
John Heslin agus Denis Corroon ag ceiliúradh ©INPHO/James Crombie

An Iarmhí ag buachtaint i ndeireadh thiar thall ar chontae na Mí. B’fhéidir nach raibh mórán tábhachta ag baint leis an mbua lasmuigh den Iarmhí agus is cinnte nár fhág sé rian buan ar chraobh na bliana 2015, ach ní dhéanfaidh éinne a bhí i láthair dearmad a dhéanamh ar an dteacht aniar iontach a dhein an Iarmhí sa dara leath. Bhí contae na Mí ocht bpointe chun tosaigh ag leath am ach, a bhuíochas do shárthaispeántais ó John Heslin agus Kieran Martin go háirithe, bhí a gcéad bhua riamh sa chraobh ag an Iarmhí i gcoinne na Mí. B’fhéidir nár deineadh mórán eile sa chraobh ina dhiaidh sin ach bhí a lá bán ag an Iarmhí agus ní bhainfidh éinne díobh é.

Kerry Senior Football Training & Press Day, Fitzgerald Stadium, Killarney, Co. Kerry 18/9/2014 Fionn Fitzgerald  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
 ©INPHO/Ryan Byrne

Cúilín cinniúnach an Ghearaltaigh i Stáid an Ghearaltaigh. Is furaist dearmad a dhéanamh air, ach bhí leathchois ag Corcaigh i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe agus an t-am, geall leis, caite i gcluiche ceannais na Mumhan i mí Iúil. Ní hé Fionn Fitzgerald an t-aimsitheoir is aitheanta amuigh i gcúrsaí caide i gCiarraí ach ná bíodh aon amhras ort ná go raibh sé ag tabhairt faoi phointe leis an gcic úd. Bhain an comhscór an ghaoth as na seolta ag Corcaigh don méid a bhí fágtha sa tsamhradh acu agus ba gheall le háiféis iad na cúiseanna/leithscéalta a d’eascair as oifig Bhord an Chontae ina dhiaidh sin – iad ag cáiseamh cinneadh réiteora agus drochaimsir i measc nithe eile. Is binn béal ina thost.

GAA Football All Ireland Senior Championship Semi-Final Replay, Croke Park, Dublin 5/9/2015 Mayo vs Dublin Worried Mayo fans during the second half Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan
 ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Teacht aniar Mhaigh Eo. Maigh Eo, Maigh Eo, Maigh Eo. Tá deireadh agam leo. Ní bheidh aon iontaoibh go deo arís agam astu. Díreach nuair is dóigh leat go bhfuil na haon tuaiplis feicthe agat uathu, cuireann siad ceann eile anuas air. Ach an bhfuil rud éigin sa teacht aniar sin a dheineadar an chéad lá in aghaidh Átha Cliath a thabharfadh léas beag dóchais dá lucht leanúna don mbliain seo chughainn? Lig dom féin leo!

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 20/9/2015 Kerry vs Dublin Dublin captain Stephen Cluxton lifts the Sam Maguire trophy Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Stephen Cluxton  ©INPHO/James Crombie

An forlámhas traidisiúnta iompaithe bun os cionn, isteach is amach agus drom ar ais ag Áth Cliath. B’ait liomsa i gcónaí an chaint a deintí faoin gcoimhlint thraidisiúnta a bhí idir Ciarraí agus Áth Cliath. Dá mba choimhlint cheart í, bheadh an chreach roinnte go cothrom nó geall leis cothrom idir an dá thaobh. Sa 30 bliain idir 1977 – nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí – agus 2007, chas na foirne ar a chéile ocht mbabhta ar fad agus bhuaigh Ciarraí gach cluiche seachas an ceann a chríochnaigh ar comhtharrac i Staid Semple in 2001. Tar éis do Chiarraí na startled earwigs a mhúscailt in 2009, tá éirithe le hÁth Cliath an lámh in uachtar d’fháil i dtrí mhórchluiche agus trí mhór-ócáid as a chéile – 2011, 2013 agus 2015. Táid níos tapúla, níos cruaite agus níos ocraí ná gach aon fhoireann seachas Maigh Eo. Beidh sé deacair iad a stop sa bhliain 2016.

 

Fág freagra ar 'An forlámhas traidisiúnta iompaithe bun os cionn ag BÁC agus scéalta móra caide eile'

  • Micheal

    Pe´r bith rud a dearfaimid faoi na cluichi no faoi abhar ar bith eile ar Tuairisc.ie biodh se seimh, tlath, failli agus pc no ni fhoilseofar e. Tuairiscean lar an bhothair gan ghus a theatsaionn, an ea?