An fiontraí Pádraig Ó Céidigh ainmnithe ina Sheanadóir

An fear Gaeltachta i measc na ndaoine a d’ainmnigh an Taoiseach don Seanad tráthnóna, ach tá sé ar dhuine de thriúr a roghnaigh Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil

Padraig O Ceidigh CEO Foinse announces the winners of Foinse sa Rang O2 Ireland Essay Competition. 10/5/2004 Photo: RollingNews.ie
Pádraig Ó Céidigh. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá Pádraig Ó Céidigh, an fiontraí aitheanta as Conamara, ainmnithe ina Sheanadóir.

Bhí Ó Céidigh, a sheas i dtoghchán an tSeanaid ar rolla Ollscoil na hÉireann an mhí seo caite, i measc na ndaoine a d’ainmnigh an Taoiseach don Seanad tráthnóna. 11 ainmniúchán a bhíonn ag an Taoiseach, ach d’fhág Enda Kenny faoi cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin é triúr a roghnú an babhta seo. Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go raibh Ó Céidigh ar dhuine den triúr sin.

Trí shuíochán a bhí ar fáil ar rolla Ollscoil na hÉireann agus cé nár éirigh leis an bhfear gnó as an Spidéal i gConamara ceann acu a bhuachan, bhí sa tríú háit go dtí an 25ú comhaireamh nuair a d’éirigh le Alice-Mary Higgins, iníon Uachtarán na hÉireann, dul chun tosaigh air.

I measc na ndaoine eile a d’ainmnigh an Taoiseach tráthnóna, tá an t-iar aire sláinte James Reilly agus John O’Mahony, a chaill a shuíochán Dála san olltoghchán nuair a sheas sé i nGaillimh Thiar. Ainmníodh ceathrar eile a bhí ina dTeachtaí Dála cheana, Michelle Mulherrin, Frank Feighan, Ray Butler agus Paudie Coffey,

Fág freagra ar 'An fiontraí Pádraig Ó Céidigh ainmnithe ina Sheanadóir'