An fhírinne lom nochtaithe ag an iris ‘Playboy’ dár dTeachtaí Dála

Más féidir le hiris athrú gan choinne, is féidir le polaiteoirí teacht ar mhalairt intinne faoin gcéad rialtas eile, ar an gcúis chéanna – riachtanas

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Is ait an mac an saol, buíochas le Dia, agus neart le déanamh dá bharr ag iriseoirí. Ar shíl duine ar bith 50 bliain ó shin, nó fiú bliain ó shin, nach bhfoilseodh Playboy grianghraif de mhná nochta ó Mhárta 2016?

Dúirt príomhfheidhmeannach na hirise, Scott Walters, go raibh pictiúir dá leithéid ‘passé’ faoin am seo, mar gheall ar an bhflúirse radharcanna ‘gnéasúla’ ar an idirlíon nach dteastaíonn ach clic amháin chun teacht orthu.

Ní moráltacht ach cúrsaí gnó a thug ar an gcomhlacht polasaí na hirise a athrú. Tá Playboy ag cailliúint thart ar $3m gach bliain, agus tá díolachán ag titim go leanúnach ón mbuaicphointe, 7.2 milliún i 1972, go dtí 800,000 faoi láthair. Teastaíonn custaiméirí nua, ar pháipéar agus ar líne, agus meastar go dteastaíonn ábhar nach ábhar rónáire é ó leitheoirí nua.

San iris amháin a chuirfidh Playboy an cosc i bhfeidhm, em mar eolas duit. Thug an comhlacht le fios nach gcuirfear srian ar bith ar an bpornagrafaíocht ar líne a dhíolann an comhlacht.

Ina dhiaidh sin féin, is díol speise é malairt treo na hirise ar dhá chúis mhóra:

1. Ní raibh duine ar bith á thuar roimh ré, sa chomhlacht ná i measc a naimhde.

2. Ní ar bhonn cirt a cuireadh i bhfeidhm é, ach toisc gur oir sé do leas an chomhlachta.

Cén bhaint atá ag an athrú seo, atá suarach chomh maith le bheith suntasach, le polaitíocht na hÉireann tar éis an olltoghcháin? Baint i bhfad amach, ar ndóigh, ach b’fhearr gan neamhshuim a dhéanamh de.

Beidh rogha le déanamh ag scata Teachtaí Dála san earrach idir olltoghchán eile gan mhoill agus socrú de chineál éigin a chuirfidh moill ar olltoghchán. Ainneoin gach séanadh roimh ré, is é is dóichí ná a mhalairt go seachnóidh móramh toghchán eile.

Beidh rialtas nua sa tír i 2016, mar sin, fiú mura mbeidh ann ach rialtas mionlaigh a bhunóidh Fine Gael agus tacaíocht choiníollach ón taobh amuigh geallta ag Fianna Fáil.

Ach ná cuir teacht le chéile ar bith as an áireamh. Múineann gá ceacht.

 

ALAN KELLY – ÁBHAR IMNÍ

Níl toradh fós ar an argóint idir an t-aire comhshaoil atá ag moladh srianta ar chíos agus an t-aire airgeadais atá ag cur ina gcoinne. Ná cinnteacht ar bith ann, ainneoin an riachtanais, go gur féidir teacht ar comhthuairim idir Alan Kelly agus Michael Noonan roimh ré.

Teastaíonn réiteach go géar roimh an olltoghchán ón dá pháirtí sa rialtas, ionas gur féidir leo plean tithíochta a fhoilsiú roimh lá na vótála. Go dtí seo, tá bac á chur ar sheoladh an phlean ag fódsheasamh Alan Kelly.

Léiríodh an brú ar an aire comhshaoil faoi dhó le cúpla lá anuas. I dtosach, nuair a cháin sé maorlathas gan ainm (sa státseirbhís, sna húdaráis áitiúla – cá bhfios?) nach raibh ag comhoibriú leis.

Agus ar an dara dul síos, nuair a dúirt sé Dé Máirt

“Alan Kelly on his own cannot solve this issue”.

Má labhraíonn polaiteoir faoina shaol nó faoina shaothar féin amhail is gur ag tagairt do dhuine éigin eile atá sé, ní foláir a bheith aireach.

Agus gan amhras, mar a deir Cathal Mac Coille, tuilleann colúnaí a dhéanann an rud céanna an oiread céanna amhrais.

 

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'An fhírinne lom nochtaithe ag an iris ‘Playboy’ dár dTeachtaí Dála'