An fheadóg séidte i gcluiche na cáinaisnéise agus tús curtha leis na ruathair aonair

Cluiche na cáinaisnéise. Tá an liathróid caite isteach... agus fonn imeartha ar gach aire

An fheadóg séidte i gcluiche na cáinaisnéise agus tús curtha leis na ruathair aonair

Tuigimid go léir conas a thosaíonn gach cluiche cáinaisnéise. Caitear an liathróid isteach i measc na n-imreoirí, mar a chaith Paschal Donohoe liathróid na bliana seo isteach trí mhí ó shin.

Mar is gnáth, chuir Paschal fainic ar a chomrádaithe sa rialtas agus ar an bpobal go mbeidh airgead gann an bhliain seo chugainn agus nach féidir géilleadh d’fhormhór na n-iarratas go gcaithfí níos mó. Arís, cosúil le gach aire a bhí sa roinn airgeadais roimhe, dúirt Paschal go mbeadh méadú ar bith a cheadódh sé fíorbheag, mar gheall ar (1) rialacha an AE (2) an Breatimeacht (3) ár bhfiacha arda agus (4) údair éiginnteachta de chineálacha éagsúla.

Ní foláir a rá láithreach nach gcuirfeadh aire stuama airgeadais ar bith na deacrachtaí atá romhainn as an áireamh. Tá an geilleagar ag neartú agus an ráta dífhostaíochta ag laghdú i gcónaí. Ach tá fiacha an stáit (thart ar 200 billiún) níos airde per capita i gcónaí ná in aon bhallstát eile san AE.

Ní féidir neamhshuim a dhéanamh ach oiread den chontúirt go gcuirfidh Breatimeacht, nó Breatimeacht sa mhullach ar ghéarchéim eile, brú as cuimse ar an státchiste.

Ní foláir cuimhneamh freisin ar arduithe pá atá geallta sa tseirbhís phoiblí agus ar mhaoiniú breise rialtais a theastaíonn ó Uisce Éireann (270 milliún i mbliana) mar gheall ar chealú na dtáillí uisce. Measann saineolaithe, má chuirtear na cúinsí seo go léir sa mheá, nach mbeidh ach fíorbheagán (500 milliún ar a mhéid) sa bhreis le caitheamh ag an rialtas in 2018.

Fillimis ar an gcluiche. Ní fhaigheann foirne an fhreasúra deis imeartha riamh seachas dhá mholadh a dhéanamh: (a) go gcaithfí breis airgid ar scéimeanna den uile chineál agus (b) go dtabharfaí faoisimh éagsúla do dhaoine nó do dhreamanna éagsúla.

Tar éis don aire airgeadais an liathróid a chaitheamh isteach i mbliana, thug an Taoiseach an chéad chic di, agus faoiseamh cánach don aicme a éiríonn go moch ar maidin á ghealladh aige. Is ina dhiaidh sin a thosaigh Regina Doherty ag ciceáil na peile i dtreonna éagsúla. Dúirt sí dhá mhí ó shin go dtabharfaí tús áite d’ardú ar an bpinsean. Ach chuir sí an liathróid sa treo eile seachtain ó shin – ní thabharfaí tús áite do phinsinéirí sa Bhuiséad, a dúirt sí, toisc go gcaithfí cabhrú le tuismitheoirí aonair agus le páistí.

Chuir an Taoiseach deireadh le rith aonair an Dochartaigh gan mhoill, agus geallúint eisithe ó Cheanada aige go mbeadh ardú ar an bpinsean sa Bhuiséad, mar a sonraíodh i gclár an rialtais. Idir an dá linn, thapaigh imreoirí eile an deis aird an phobail a tharraingt orthu féin. Dúirt airí éagsúla nach gcuirfeadh ganntanas airgeadais srian ar thógáil tithe.

Gheall an t-aire stáit Kevin ‘Boxer’ Moran nach mbeadh srian airgeadais in aon chor ar an gcabhair a thabharfadh an rialtas do na ceantair ina ndearnadh mórdhamáiste de bharr stoirmeacha i nDún na nGall. Bhain aire sóisearach eile, Mary Mitchell O’Connor, geit os comhair na gceamaraí as Richard Bruton, nuair a d’fhógair sí gur chóir an tuarastal céanna a íoc le gach múinteoir.

Ní dhéanann rith aonair ar bith dá fheabhas é maitheas d’fhoireann mura dtagann scór dá thoradh. Is féidir an rud céanna a rá faoi na ráitis go léir thuas. Is féidir gach beartas thuas a chosaint, ach ní hacmhainn don rialtas íoc astu go léir in 2018.

Tarraingíonn gach rith aonair aird na meán agus an phobail ar imreoirí éagsúla sa chluiche cáinaisnéise, an captaen san áireamh. Ach ní ar an imirt ar an bpáirc a bheidh toradh an chluiche seo ag brath.

Beidh airí rialtais agus státseirbhísigh ag cur is ag cúiteamh, agus ag streachailt in aghaidh a chéile, as seo go ceann sé seachtaine. Ní bheidh i bhformhór na ráiteas agus na leidí poiblí a scaipfear roimh ré ach geáitsíocht. Déanfar na fíor-roghanna faoi rún, mar a dhéantar i gcónaí.

Tá briseadh de dhíth go géar orm,’ a dúirt aire liom ag am bricfeasta cúpla bliain ó shin le linn chomhráite faoin mbuiséad idir é féin agus státseirbhísigh a roinne agus foireann na roinne airgeadais.

Bhí ár gcéad chruinniú againn ag a seacht ar maidin. Beimid ag bualadh leo arís ag a deich, agus uair éigin eile inniu ina dhiaidh sin. Cuireann siad [an Roinn Airgeadais] brú dian leanúnach ort maidir le gach líne a chuirimid os a gcomhair.’

Tá cur chuige nua cáinaisnéise geallta ag an rialtas le cúig bliana. Nuair/má chuirtear i bhfeidhm é, pléifidh agus breithneoidh coiste Oireachtais caiteachas reatha, an léargas airgeadais, agus roghanna maidir le caiteachas breise amach anseo.

B’fhearr a d’oirfeadh cur chuige dá leithéid do leas na tíre ná an tseanchluichíocht pháistiúil atá ar bun faoi láthair, arís.

Fág freagra ar 'An fheadóg séidte i gcluiche na cáinaisnéise agus tús curtha leis na ruathair aonair'