An féinphic ag cur cosc ar chomhrá agus cairdeas…

Ba i Nua Eabhrac, Cathair na bhFéinphiceanna, a bhraith ár gcolúnaí uaidh na comhráite a spreagtaí fadó nuair d’iarrtaí ar strainséir pictiúr a thógáil

20150105_140848
Maitiú Ó Coimín, iriseoir le Tuairisc.ie, i Manhattan, áit ar bhraith sé uaidh an ceamara mór buí a bhí aige roimh theacht an fhéinphic…

 

Cé gur breá liom mo ghuthán cliste agus an ceamara atá air, airím uaim laethanta órga na gceamaraí analógacha ar bhealach.

Níl mé ag caint ar an turas fada ón teach chuig an gcógaslann, an fanacht fada ar phictiúir ina dhiaidh sin nó an líon teoranta pictiúirí ab fhéidir liom a thógáil le mo cheamara mór buí, ach airím uaim an chaint agus an comhrá a spreag na ceamaraí sin.

Chaith mé seachtain i Nua Eabhrac ag tús na bliana agus rinne mé mar a dhéanann gach turasóir maith agus thóg mé bleaist grianghraifeanna den áit agus de mo chuid cairde ann. Ach fad is a bhí mé i gcathair sin na bhféiníní, d’airigh mé uaim rud éigin atá mar chroíchuid den taisteal – spraoi a bheith ag duine le taistealaithe eile.

Roimh theacht na maidíní féinín agus an ceamara tuathail ar ghutháin chliste, ba ghnáthchleachtadh é fiafraí de chomhthurasóirí pictiúr a thógáil nuair a theastaigh ceann de do ghrúpa.

Is cosúil go bhfuil an ré sin thart agus is uaigní i bhfad an domhan dá bharr. Bhuail an smaoineamh seo mé agus mé ar an mbád i dtír ó Oileán an Choraintín go Manhattan ag deireadh an lae. Bhí an ghrian ag dul faoi san iarthar agus bhí gathanna deiridh na gréine á gcaitheamh ar an bhFarraige Mhór. Toisc an bheirt eile a bheith ag obair sa gcathair an lá sin, bhí mé i m’aonair ar an mbord uachtair ag breathnú ar dhealbh na saoirse nuair a chonaic mé beirt bhan bheaga ag streachailt lena gceamara.

Bhí mé ag breathnú orthu ar feadh tamaillín, ag déanamh gáirí fúthu leis an bhfírinne a rá, sular fhiafraigh mé díobh ar mhaith leo cúnamh. An fhadhb a bhí acu, ar ndóigh, ná nár leor fad a lámh le pictiúr díobh beirt agus cathairdhreach Nua Eabhrac faoi sholas deiridh na gréine a fháil in aon phictiúr amháin.

“D’yiz wan’ me t’take da der for yiz?” a d’fhiafraigh mé díobh.

“Um…’scuse me…?” a d’fhreagair an bhean ghorm ar dheis.

“D’pitcher darlin’, y’ill wrench dee arm ourrarar sockeh if ye stretch er eny furder,” a mhínigh mé.

“Oh! Ya! Sure, great idea! Ah had NO CLUE wut you woz sayin’ man! Dat is one crazy-ass muddafuc*in’ ack-scent you got boy,” a dúirt sí.

Agus as sin, d’eascair comhrá mór fada agus chuir mé aithne ar bheirt bhan álainn, Meiriceánach agus a col ceathrair a bhí ar cuairt ón gCéine. Labhair muid faoi Nua Eabhrac, faoin turasóireacht, faoi thuineacha cainte, faoi chanúintí, faoi theangacha agus mionteangacha agus faoi na diabhal féiníní sin!

Chaith muid an leathuair a’ chloig sin ag caint agus ag gáirí faoin saol mór agus in áit turas fuar uaigneach a bheith agamsa ar ais chuig an móroileán, roinn mé mo bhéile leis an mbeirt eile agus bhí cairde nua agam tamall. Ar theacht i dtír dúinn, d’fhág muid slán lena chéile agus chuaigh mé ar aghaidh chuig an gcéad áit eile.

As sin amach, bheartaigh mé pictiúr a thógáil do chuile dhuine a bhí ag streachailt le féiníní agus d’iarr mé ar dhaoine eile pictiúr a thógáil díom nuair a bhí mé i m’aonair. Anois is arís, ní raibh ann ach gur tógadh pictiúr, glacadh buíochas agus fágadh slán ach amanntaí eile, go háirithe nuair ba thurasóirí eile a bhí i gceist, mhair an comhrá ar feadh tamaillín agus chuir sé go mór leis an tsaoire.

Is dream chairdiúil muid na Gaeil. B’fhéidir gurbh fhearr le daoine áirithe comhrá a sheachaint agus an pictiúr a thógáil iad féin – agus bíodh an rogha sin acu, níl le rá acu ach “Thanks, man, but the selfie stick got this!”

Fág freagra ar 'An féinphic ag cur cosc ar chomhrá agus cairdeas…'