An féidir leas a bhaint as Brexit ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe?

Tá Sinn Féin ag éirí rócheangailte leis an Eoraip, ag cosaint cheart an Tuaiscirt fanacht ann in ionad a bheith ag brú cheart an Deiscirt éalú as

An féidir leas a bhaint as Brexit ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe?

An bhféadfaí leas a bhaint as Breatimeacht le hathaontú na hÉireann a chur chun cinn, díreach mar a d’fhéadfadh muintir na hAlban leas a bhaint as le neamhspleáchas na tíre sin a chur chun cinn?

Creideann Sinn Féin gur féidir. Tá siad ag treisiú ar a n-iarracht go reáchtálfaí reifreann faoin teorainn, agus ag tabhairt tacaíocht freisin do chás atá á dhéanamh sa chúirt i mBéal Feirste nach féidir le rialtas na Breataine na Sé Chontae a thógáil amach as Aontas na hEorpa mar gheall ar reachtaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá béim á leagan ag Sinn Féin, go háirithe, ar an scéal gur vótáil móramh sna Sé Chontae, 56%, i gcoinne na Breatimeachta.

Ní léir ámh go gciallaíonn an vóta sin dáiríre gurbh fhearr leis an bpobal ó thuaidh (nó ón dá phobal mar is cruinne a rá) imeacht ón Ríocht Aontaithe ar mhaithe le fanacht in Aontas na hEorpa.

Is cosúil gur vótáil móramh mór den phobal náisiúnach i gcoinne na Breatimeachta, cuid mhór acu, ar ndóigh, a rinne amhlaidh bunaithe ar chomhairle Shinn Féin, agus seans maith gur athaontú na hÉireann a bhí ar intinn acu seachas todhchaí an Aontais Eorpaigh.

Mar an gcéanna maidir leis an bpobal Aontachtach. Agus iad faoi thionchar an DUP, bhí móramh beag díobh ar son na Breatimeachta. Feictear domsa gur vótáil an chuid eile den phobal Aontachtach ar son an Bhreatain fanacht san Aontas.

Ar an tuiscint sin, is deacair a shamhlú go bhfuil céatadán suntasach den phobal sin a bheadh sásta an nasc leis an mBreatain a chur ar ceal ar mhaithe leis an nasc leis an Eoraip a choinneáil.

Ní hin le rá nach cóir an cheist sin a chur. A mhalairt i mo thuairimse.

Is ceart go mbeadh reifreann faoin teorainn ann ó am go chéile. Thabharfadh feachtas reifrinn seans dóibh siúd atá i bhfabhar Éire Aontaithe an cás eacnamúil is polaitiúil a dhéanamh ar a shon sin – in ionad an scéal a fhágáil faoi lucht na gclaondearcthaí traidisiúnta.

Go deimhin tá feachtas den chineál seo á lorg ag Sinn Féin le cúpla bliain, ach ní bhfuair an páirtí aon tacaíocht dá n-éileamh ó pháirtithe móra eile an deiscirt. Go deimhin, cháin Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre éileamh Shinn Féin.

Agus cé go bhfuil athrú poirt éigin anois ag na páirtithe sin faoin scéal agus taibhse na Breatimeachta ag bagairt, ní dócha go mbeadh siad sásta aon fhuinneamh a chaitheamh leis an éileamh ar reifreann ag an bpointe seo.

I gcás na hAlban, ar ndóigh, tugann Breatimeacht seans tábhachtach dóibh ceist an neamhspleáchais a chur ar an gclár oibre arís. Mar a dúirt iarcheannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, Alex Salmond, níl sé de chead ag polaiteoir ar bith i Sasana srian a chur le dul ar aghaidh na hAlban.

Seans maith freisin gur vótáil roinnt díobh siúd in Albain a bhí i gcoinne na Breatimeachta ar mhaithe le ceist an neamhspleáchais a mhúscailt athuair.

Bheadh sé íorónta ar fad ar ndóigh, dá mbainfeadh na hAlbanaigh leas as Breatimeacht le neamhspleáchas a bhaint amach sula ndiúltódh aicme oibre na tíre sin don Aontas Eorpach is a chuid polasaithe déine!

Ag filleadh ar Éirinn, tá baol mór ann i gcás Shinn Féin go gcaillfidh siad tacaíocht ó dheas as a bheith ag tacú leis an Eoraip. Chuir Sinn Féin i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh (an iarracht le hollstát a dhéanamh den Aontas) go rialta agus feachtais acu i gcoinne Chonradh Nice, Conradh Liospóin agus an Conradh Fioscach.
Tacaíonn timpeall 40% den phobal leis an dearcadh sin i dtaobh na hEorpa, ach toisc go bhfuil siad ag cur i gcoinne na Breatimeachta, tá Sinn Féin ag éirí níos ceangailte ná riamh leis an Eoraip, ag cosaint cheart an Tuaiscirt fanacht san Eoraip in ionad a bheith ag moladh cheart an Deiscirt éalú as.

Agus má theipeann ar an iarracht athaontú na hÉireann a chur chun cinn tríd an mBreatimeacht, agus creidim go dteipfidh, beidh sé an-deacair don pháirtí filleadh ar an bhfrithEorpachas a thuilleann an oiread sin tacaíochta dóibh.

Ar bhealach, léiríonn an chontrárthacht seo fadhb bhunúsach an pháirtí, agus tionchar suntasach na críochdheighilte: tá riachtanais éagsúla ann idir Tuaisceart agus Deisceart, agus mura dtéitear i ngleic leis an éagsúlacht sin go stuama d’fhéadfadh sé dochar mór a dhéanamh don pháirtí sa dá chuid den tír.

Ba é James Connolly, ar ndóigh, a dhiúltaigh do Rí Shasana is do Kaiser na Gearmáine araon. Agus sin í an cheist – an féidir saoirse na hÉireann a bhaint amach trí bheith dílis d’Aontas na hEorpa?
Agus an dtiocfaidh radacachas Shinn Féin slán ón dílseacht chéanna?