An féidir cogadh a sheachaint ar leithinis na Cóiré?

B’fhéidir go gcreideann na Meiriceánaigh gur mó an baol dóibh dul chun cinn d’aon chineál a bheith ar bun sa Chóiré Thuaidh, ná an tsíocháin faoi airm atá sa leithinis faoi láthair

An féidir cogadh a sheachaint ar leithinis na Cóiré?

Céard atá ar siúl i leithinis na Cóiré?  An féidir tubaiste dhomhanda a sheachaint, nó an é nach dtuigeann ceannaire na Cóiré Thuaidh, Kim Jong Un, aon rud seachas an brú míleata mar a deir Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump?

Sin é an chaoi a gcuirtear an scéal os ár gcomhair sna mórmheáin, ach le tuiscint cheart a fháil ar an scéal, is fiú breathnú níos doimhne isteach sna cúrsaí seo.

Ar an gcéad dul síos, ní gá meas a bheith againn ar réimeas na Cóiré Thuaidh. Cuireann an t-ómós ríoraíoch ar a bhfuil an réimeas sin air déistin bunaithe orainn in Éirinn den chuid is mó, cé go gcaithfí a admháil gur éirigh leis an gcéad Kim, Kim Il Sung, stát neamhspleách a bhunú sa Chóiré, rud nach raibh ann leis na céadta bliain roimhe sin.

Bhí an chéad Kim i gceannas ar na páirtiseánaigh a throid i gcoinne na Seapánach sa dara cogadh domhanda.  Ach ghabh na Meiriceánaigh greim ar an taobh ó dheas den tír, chruthaigh siad dhá stát dhifriúla ar an leithinis, agus bhrúigh siad uachtarán ar an stát nua nach raibh fiú teanga na Cóiréise aige, Syngman Rhee.

Cogadh fíochmhar a tharla sa leithinis sna caogaidí idir na Meiriceánaigh agus an Chóiré Thuaidh. Fiú an t-am sin bhagair na Meiriceánaigh go mbainfidís leas as arm núicléach, agus rinne siad bratbhuamáil ar fud na Cóiré a mharaigh na céadta mílte.

Ach níor ghéill na Cóiréigh, is tháinig deireadh leis an gcogaíocht faoi 1953, cé nár ndearnadh aon chomhaontú síochána ann.

Ó shin i leith, ar feadh 64 bliain, tá cleachtaí míleata in aghaidh na Cóiré Thuaidh ar siúl ar tír is ar muir ag na Meiriceánaigh gach bliain. Ní hábhar iontais ar bith é mar sin go bhfuil na Cóiréigh imníoch faoi ionsaí míleata orthu ó na Meiriceánaigh.

Lena chois sin, chonaic siad ar tharla don Iaráic is don Libia.  I gcás na Libia, rinne Gaddafi socrú leis an iarthar go scriosfadh sé a gcuid diúracán ar an gcoinníoll nach ndéanfadh an t-iarthar ionsaí air. Bhuel, mar is eol go maith do chách níor chloígh an t-iarthar leis na geallúintí sin agus scriosadh an Libia mar stát nuair nach raibh aon bhealach fiúntach fágtha acu chun iad féin a chosaint.

Is fiú a thabhairt faoi deara gur thóg an Chóiré Thuaidh an cinneadh go gcuirfí airgead mór isteach sa chlár núicléach in 2003 nuair a rinneadh an t-ionradh ar an Iaráic, agus gur cuireadh dlús leis an bhforbairt sin in 2011 nuair a scriosadh an Libia.

Maidir lena bhfuil ar siúl faoi láthair, bhí cleachtaí míleata ar bun ag na Stáit Aontaithe, an Chóiré Theas agus an tSeapáin sular – is ea, sula –scaoil lucht na Cóiré Thuaidh an diúracán trasna oileán Hokkaidó na Seapáine– oileán a bhí mar bhunáit do na cleachtaí míleata.

Anois ní dóigh liom go bhfuil sé ciallmhar ag na Cóiréigh a bheith ag saighdeadh faoi na Meiriceánaigh.  Tá fearg mhór ar na Meiriceánaigh go bhfuil tír bheag ar nós na Cóiré ag tabhairt a ndúshláin, ach tá lucht na Cóiré ag iarraidh a léiriú go bhfuil siad ábalta freagra a thabhairt ar aon ionsaí is nach ngéillfidh siad don bhagairt.

D’fhéadfadh an scéal dul ó smacht go héasca, agus is léir an toradh a bheadh ar chaismirt núicléach: na milliúin marbh, an Chóiré agus an tSeapáin scriosta agus tubaiste eacnamaíochta agus aeráide don domhan mór nach féidir a mheas ag an bpointe seo.

Sa chomhthéacs sin céard is fiú an chaint leibideach seo faoi smachtbhannaí breise?

Ní geilleagar trádála é geilleagar na Cóiré Thuaidh, agus, mar a dúirt Vladimir Putin, uachtarán an Rúise, go dtí go mothaíonn siad slán b’fhearr leis na Cóiréigh féar a ithe ná stop a chur lena gclár núicléach.

Agus sin é croí an scéil: go dtí go mothaíonn siad slán. Idir an dá linn, ní trí bhagairtí nó smachtbhannaí a chothófar muinín ach trí chainteanna.

Is é sin, ní mór don dá thaobh, ach do na Meiriceánaigh go háirithe, éirí as a bheith ag cur leis an teannas agus staonadh den reitric bhagrach atá ar siúl faoi láthair.

Dá bhféadfaí é sin a dhéanamh bheadh cúrsaí i bhfad níos fearr. Tá forbairt eacnamaíochta agus shóisialta ar siúl sa Chóiré Thuaidh, dar leis an Financial Times, borradh ag teacht ar an eacnamaíocht agus feabhas mór ag teacht ar chaighdeán maireachtála an ghnáth-dhuine.

Ach b’fhéidir go gcreideann na Meiriceánaigh gur mó an baol dóibh dul chun cinn den chineál sin a bheith ar bun sa Chóiré Thuaidh, ná an tsíocháin faoi airm atá sa leithinis faoi láthair.

Ach fad is a bhaineann sé leis an saol mór, caithfidh muid cogadh núicléach a sheachaint, agus is trí chainteanna amháin a éireoidh linn sin a dhéanamh.

Má thograíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney rud ar bith a rá faoin scéal seo, an bhfuil seans ar bith ann go ndíreodh sé ar an riachtanas seo?

Fág freagra ar 'An féidir cogadh a sheachaint ar leithinis na Cóiré?'