An fearr don scríbhneoir a bheith i mbun léachtóireachta nó garraíodóireachta?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Bíonn nach mór chuile scríbhneoir ag brath ar phost lae, ach ní hé chuile phost lae a oireann don scríbhneoir

An fearr don scríbhneoir a bheith i mbun léachtóireachta nó garraíodóireachta?

Ní haon rún é nach aon mhianach óir í an scríbhneoireacht chruthaitheach. Ní éiríonn ach le dornán beag scríbhneoirí teacht i dtír uirthi go hiomlán, agus is údair leabhar mórdhíola i mBéarla an chuid is mó acu sin.

Bíonn an chuid eile againn ag brath ar phost lae (nó ar scata jabanna beaga) chun greim a chur inár mbéal.

An fhadhb, áfach, ná go n-ídíonn post lae (nó scata jabanna beaga) am agus fuinneamh. Tar éis lá oibre agus uair an chloig nó dhó sa trácht, bíonn sé deacair aghaidh a thabhairt ar an leathanach bán. Ar ndóigh, bhí údair mhór-le-rá ann ar éirigh leo an dá thrá a fhreastal: d’oibrigh Kafka i gcomhlacht árachais, ba leabharlannaí é Borges, ba léachtóir ollscoile é Ó Cadhain. Léachtóirí iad cuid mhór scríbhneoirí Gaeilge comhaimseartha freisin.

Bhí teach caife agam féin tráth.

Ag an am, shíl mé gur smaoineamh maith é: d’íocfadh an caifé na billí, agus scríobhfainn leabhar i ndiaidh leabhair in áit spreagúil a mbeadh soláthar seasta caiféine ann! Agus cinnte, casadh na céadta carachtar spéisiúil orm – ach tar éis dom an lá a chaitheamh ag déanamh caife agus ceapairí, ní bhíodh an teacht aniar ionam peann a chur le páipéar. Blianta tar éis dom an caifé sin a dhíol a scríobh mé úrscéal (Aiséirí) bunaithe ar an tréimhse sin – ach faoin am sin, bhí cónaí orm sa Bhrasaíl, áit nach bhfuil an costas maireachtála chomh hard agus atá in Éirinn, rud a d’fhág go raibh mé in ann díriú go hiomlán ar an scríbhneoireacht.

Bheadh sé chomh maith ag scríbhneoir nach mbeadh sásta céim radacach mar sin a thógáil glacadh leis go mbeidh sé ag brath ar phost éigin eile chun na billí a íoc. Go traidisiúnta, bíonn luí ag scríbhneoirí leis an múinteoireacht agus leis an iriseoireacht, ach ar bhealach, ní mholfainn post lae ar bith a d’ídeodh an aigne nó a mbeadh teagmháil thuirsiúil leis an bpobal ag baint leis.

Feictear dom gur obair láimhe (garraíodóireacht, siúinéireacht, meicneoireacht) is fearr a d’oirfeadh don scríbhneoir a bheadh ag iarraidh teacht isteach rialta a shaothrú: ar an gcaoi sin, bheadh am ag an tsamhlaíocht a bheith ag plé le scéal fad is a bheadh na lámha ag obair.