An fear is troime sa nGaeltacht – an gcuirfeadh mórán isteach ar chomórtas dá leithéid ar RnaG?

Mar a deir duine éigin sa mbreacGhaeltacht ‘níl sé politically correct a thuilleadh’ a bheith trom

An fear is troime sa nGaeltacht – an gcuirfeadh mórán isteach ar chomórtas dá leithéid ar RnaG?

Bhíodh caint thart anseo i bhfad siar sna blianta ar bhean théagartha, bail ó Dhia uirthi, a thug an fear a bhí sí ag gabháil a phósadh abhaile.  Chuaigh fear na comharsan ar cuairt chun an tí.  Nuair a chuaigh an cúpla óg ag spaisteoireacht chuaigh an bheirt fhear i mbun comhrá cois teallaigh.  “Bhuel, a Phádraic,” arsa athair na mná óige “céard a cheapfá don fhear atá aici?”

Rinne Pádraic beagán staidéir sular fhreagair sé:  “Bhuel…ar ndóigh…tá sé togha ach gurb é a laghad a locht.”  Ní raibh fear an tí á ligean sin le Pádraic.  Arsa an t-athair á fhreagairt,  “Ní locht ar bith é sin.”

Bhí an t-am ann nuair a bhíodh meas ar mheáchan in Éirinn.  Bhíodh daoine spórtúil as na ‘Yanks’ a thagadh abhaile agus ballasta maith feola orthu – fir bhreátha agus mná breátha, a mhic ó.   Mar a deir duine éigin liom le gairid, agus muid ag breathnú ar sheanphictiúir, is é an chaoi a gceapfá go raibh an seandream sin againne “ag dul i bhfolach ina gcuid éadaí”. Ní raibh geir ná feoil orthu – bhí an obair crua agus an ní raibh an bheatha fairsing.  Bhí na Meiriceánaigh ar a mhalairt caoi.  B’ionann ruainne raimhreachta agus dul chun cinn sa saol.  Níl sé fíorchuimse blianta ó chaill muid meas ar an toirt anseo in Éirinn.

An fear is troime sa nGaeltacht?  Meas tú an gcuirfeadh mórán isteach ar chomórtas den sórt sin anois?  Bheadh sé breis agus cúig bhliana fichead ó shin ó d’eagraigh Raidió na Gaeltachta an cineál sin comórtais, agus chuir  fir isteach air.  Níl a fhios agam cé a bhuaigh é agus ní bhacfaidh mé leis an stair a chíoradh!  Ach, bhí spéis sa gcomórtas…. agus níor mheáchan ar an té a bhuaigh an chraobh an gradam sin a bheith faighte aige.

Dá mbeadh comórtas ar bith den saghas sin á eagrú inniu táim cinnte go  mbainfeadh sé le fir a mbeadh cuid mhaith clocha caillte acu.  Cé a struipeálfadh amach ina chraiceann dearg inniu go taispeánfadh sé go raibh sé ar an duine is troime sa nGaeltacht, nó sa mbreacGhaeltact féin?   Mar a deir duine éigin sa mbreacGhaeltacht ‘níl sé politically correct a thuilleadh’ a bheith trom.  Tá sé ina pholasaí náisiúnta anois go gcaithfear an raimhreacht a laghdú agus fógraíodh é sin le déanaí.  Tréimhse deich mbliana atá leagtha síos i straitéis an Rialtais leis an bhfeoil a bhaint de dhaoine.

Tá, de réir na staitisticí, dhá thrian de dhaoine fásta na hÉireann théis ramhrú an iomarca agus tá duine as chuile cheathrar gasúr agus déagóirí ró-throm.  Ar ndóigh, tá sé feiceálach go bhfuil daoine ag éirí níos troime sa tír seo.  Sa mullach air sin, tá daoine ag fás níos airde, go suntasach.  Níl mórán gnaithí ag fear ar bith i lár páirce sa bpeil Ghaelach anois mura bhfuil sé trí nó ceithre orlaí le cois na sé troithe.  Tá fir an dara líne i measc thosaithe rugbaí na hÉireann idir sé troithe go leith agus seacht dtroithe. Bhí an t-am ann nuair a bhíodh Éirinn buailte cheal airde sa gcuid sin den fhoireann.   

Ó tharla gur mó seans atá ann go mbeidh duine níos troime de réir mar atá airde ann, is léir go gcaithfeadh sé go mbeadh an pobal sa tír seo níos troime ná a bhídís, gan trácht ar raimhreacht  ar chor ar bith.  Ach san am céanna, tá bealach ann le tomhas níos cruinne a fháil ar an meáchan ‘ceart’, seo é an BMI nó an Body Mass Index.

Cuirtear airde agus déanamh colainne sa gcomhaireamh sa miosúr seo.  Ach, beag beann ar an eolaíocht sin, bheadh mórán chuile bhall d’fhoireann rugbaí na hÉireann i bhfad ró-throm de réir na dtorthaí a bheadh air seo – sin ceann de na lochtanna a bhaineann leis an gcóras BMI.  Ní fhaigheann sé léamh réadúil ar dhaoine a bhfuil téagar an-láidir cnámha agus matán iontu. Mar shampla, beadh na frapaí ar fhoireann na hÉireann idir 18 agus 20 cloch.  De réir an BMI, níor cheart dóibh a bheith tada le cois 13 cloch.

Chuir an Dr Robert H. Shermling as an Rannóg Sláinte in Ollscoil Harvard i Meiriceá tuairisc amach cúpla mí ó shin faoi cheist an BMI. 

Thagair sé do thorthaí nach mbíonn súil leo i dtaobh an mhiosúir cholainne seo; bíonn daoine ann a bhfuil BMI ard acu (tá siad trom) agus atá folláin agus tarlaíonn a mhalairt scaití freisin – daoine atá tanaí agus mífholláin.  Go deimhin, bhí an lucht taighde curtha chomh mór sin trína chéile agus gur chaitheadar amhras ar chóras an BMI uilig.

Ina dhiaidh sin féin, ní chaitheann na húdaráis sláinte i Massachusetts, an áit a bhfuil Harvard lonnaithe, an BMI amach le huisce na bhfataí.  Faoi láthair, tá clár nua ag tosú sna scoileanna sa Stát sin a fhágfaidh go ndéanfar tomhas BMI ar chuile dhalta.  Cuirfear na torthaí abhaile chuig a gcuid tuismitheoirí.  Táthar ar súil go dtarraingeoidh sé seo aird as cheist an mheáchain i measc na ndaoine óga sna Stáit.  Agus cén bhail atá orthu sna Stáit? a  deir tú.

Bhuel, de réir suirbhé a rinneadh le gairid tá dhá thrian de dhaoine fásta Mheiriceá rómhór, tá an gheir gafa chun righnis orthu agus an otracht buailte orthu.   Maidir leis na gasúir, tá an tríú cuid acu ag iompar fuílleach feola.   Fágann seo go bhfuil na Meiriceánaigh chun cinn orainn fós ach béarfaidh muid orthu má coinníonn muid leis an mbord agus leis an gcnaiste.

Ar ndóigh, déantar staidéar go leor ar an ábhar seo i Harvard agus i measc saineolaithe mór le rá.  Ach gan staidéar ar bith, bhuail fear as Conamara ar an speireadh é.  Bhí fear a bhí ag cur an iomarca brú ar an scála ag gearán go raibh sé dodhéanta an ballasta feola a laghdú.  Seo é an freagra a tugadh air.  “Breathnaigh, a Pheadair, dá dtiocfadh gorta chaillfeá meáchan!”

Tá toirt agus meáchan san abairt lom sin.

Fág freagra ar 'An fear is troime sa nGaeltacht – an gcuirfeadh mórán isteach ar chomórtas dá leithéid ar RnaG?'