An FCA, an BMI agus Cúltaca an Airm…

B’fhéidir go bhfuil rialacha níos déine ag baint le háit a fháil i gCúltaca an Airm, ach  ní ceart beagán a dhéanamh don FCA san aimsir a caitheadh

An FCA, an BMI agus Cúltaca an Airm…

Scór ‘brú aníos’ agus gan anonn ná anall ar bith a bheith ag baint leo; sin agus scór ‘suí aniar’ ina dhiaidh sin, bain as agus rith míle go leith in imeacht 11 nóiméad nó níos lú ná sin. B’fhéidir nach dtabharfadh cumas aclaíochta mar sin an-fhada thú i Rio de Janeiro an tseachtain seo chugainn ach ní haon ribín réidh é.

Agus teastóidh na cáilíochtaí sin thuas uait má tá sé i do chloigeann iarratas a chur isteach ar bhallraíocht i gCúltaca an Airm. Tá an Cúltaca sa tóir ar fhir agus ar mhná óga anois. Ach ní hé seo an Fórsa Cosanta Áitiúil mar a bhíodh sé. Tá an FCA imithe agus tá an Cúltaca tagtha ina áit agus ná téigh ina ghaire má tá beagán geire ort!

Fir agus mná óga atá lom agus ligthe atá uathu. Cuirfidh an Sáirsint scrúdú an BMI, an tInnéacs Corpmhaise. Cuirfear airde agus téagar colainne i gcomórtas lena chéile. Ansin tabharfar breithiúnas faoi chúrsaí meáchain. Má tá tú tada os cionn 24 ar scála an BMI, ní thabharfaidh tú seirbhís don tír sa gCúltaca. Stopfar thú ó dhul isteach ann.

Cá ndeachaigh an FCA? a d’fhiafraigh tú.

Laethanta a bhíodh iontu nuair a tugadh seirbhís do Phoblacht na hÉireann. Bhíodh na céadta fear óg ar champaí de chuid an Fhórsa Cosanta Áitiúil ar an Rinn Mhóir i nGaillimh an tráth seo bliana. Coicís a mhaireadh an cúrsa oiliúna; scaití bhíodh fáil ar an dara cúrsa coicíse. Bhíodh fir óga – go háirithe as na ceantair tuaithe – ag faire le dul ar na cúrsaí samhraidh seo. Bhí cúpla údar leis sin: bhí an chathair faoi lán seoil an tráth sin den bhliain agus bhí an-chraic ann dá réir; lena chois sin, bhí pá saighdiúra lán-aimseartha ar fáil do lucht an FCA ar an gcúrsa – agus seomra agus beatha in aisce. Bhí sé sin uilig le cur sa gcomhaireamh, chomh maith leis an traenáil agus an tseirbhís don Stát. Ní raibh aon chall duit aon imní a  bheith ort faoin BMI ach an oiread.

Ní raibh scrúdú ná anailís colainne ag baint leis an mballraíocht. Bhí cuid de na fir óga aclaí, cuid acu réasúnta aclaí agus cuid acu a leag go láidir ar an rud ar a dtugtar an saol sóisialta anois. Bhíodar ann a bhí in ann siúl sách díreach, agus sách sciobtha freisin, ar an aicearra ón Rinn Mhóir le taobh an ráille traenach go dtí an Fhaiche Mhór leis an tráthnóna.

Bheadh a fhios agat go raibh a gcompás dírithe ar sprioc éigin. Ach ní thabharfá siúl saighdiúra ar an leathmhaing a bhíodh ar chuid acu ag filleadh dóibh! Ní hin le rá nach rabhadar ar fáil go maith moch ar maidin ar Chearnóg na Beairice.

Bhíodh an FCA ina chineál ceap magaidh scaití. ‘Fíor-chrowd amadán’ (FCA) a thugadh fear thart anseo orthu tráth. Bhí leagan eile ag Béarlóirí ar an FCA – ‘Free Clothes Association’! Luaigh an fonnadóir, Larry Cunningham, an t-éadach agus é ag cur síos ar a óige féin sa leabhar a scríobh an t-iriseoir, Tom Gilmore faoi. Bhí bua ag an FCA ar an gcaoi sin, a deir Larry; bhí na bróga móra agus an cóta mór an-áisiúil sa ngeimhreadh! Ar ndóigh, ní raibh duine ceaptha éide FCA a chaitheamh taobh amuigh de na dualgais oifigiúla ach bhí an saol agus an smacht i bhfad níos scaoilte. Ní raibh bróga agus cultacha faiseanta na lipéad fairsing ach an oiread ag an am.

Ach, ní ceart beagán a dhéanamh den FCA san aimsir a caitheadh. Dá mbeadh duine ag iarraidh leas a bhaint as an oiliúint, bhí sin – ar nós mórán chuile shórt eile sa saol – ag brath ort féin. Bhí tuiscint le fáil ar ghunnaí agus ar armlón agus bhíodh an mháirseáil agus an bhéim a bhí ar néatacht go maith, sin agus rialacha míleata – cé nach mbíodh ann ach tréimhsí gearra i dtimpeallacht an airm.

Ní dóigh go dtiocfadh sé sa déanamh go brách go mbeadh ar bhaill an FCA – go deimhin an Cúltaca anois – a dhul chun catha nó ar dhualgais thromchúiseacha. Is tír neodrach muid agus ba dheacair cruóg mar sin a shamhlú. Is dóigh, gur bhain sé sin cuid den dáiríreacht den tseirbhís. Ní hionann é agus Meiriceá san áit a mbíonn ar an National Guard – cúltaca na tíre sin – a dhul i dteannta an Airm go láithreacha contúirteacha thar sáile scaití, an Iaráic agus an Afganastáin, mar shampla.

Tá na bunriachtanais níos géire anois ó thaobh aclaíochta de san gcúltaca agus caithfidh teastas imréitigh Gardaí a bheith acu siúd atá ag iarraidh ballraíocht a fháil ann. Caithfidh siad an t-iarratas a chur isteach freisin ar an ríomhaire i leaba ‘liostáil’ sa halla pobail áitiúil.

Tá na Rásaí i nGaillimh arís agus tá an chraic sa gcathair; tá an t-aicearra ann fós as an Rinn Mhóir chomh fada leis an bhFaiche Mhór. Ach cár fhága tú an BMI?

Fág freagra ar 'An FCA, an BMI agus Cúltaca an Airm…'