An é seo an teach is daoire a cuireadh ar an margadh riamh sa Ghaeltacht?

Teach i nGaeltacht Chonamara a rabhthas ag lorg tuairim is €7 milliún air cheana curtha ar an margadh arís. Pictiúrí: Daft.ie

An é seo an teach is daoire a cuireadh ar an margadh riamh sa Ghaeltacht?

D’fhéadfadh gurb é an teach ‘Barna Gardens’, atá ar díol faoi láthair i nGaeltacht Chonamara, an teach is daoire a cuireadh ar an margadh riamh sa Ghaeltacht.

Bhíothas ag lorg tuairim is €7,000,000 ar an teach,  atá taobh thoir de shráidbhaile Bhearna i nGaeltacht na Gaillimhe, an uair dheiridh a raibh  sé ar díol, agus meastar go bhfuiltear ag súil le praghas mór arís an géabh seo.

Teach Bhearna 14.13.42

Tógadh an teach agus na garraithe galánta atá ina thimpeall sa bhliain 1995. Tá an teach féin beagnach 700 méadar cearnach agus tuairim is 0.4ha talún leis. Tá seacht seomra codlata ann agus seacht seomra folctha chomh maith le linn snámha agus tobán cuilithe.

Is ó phálás Kensington i Sasana, teach cónaithe oifigiúil an Diúc William agus a bhean an Bhandiúc Catherine, a tháinig murláin na ndoirse tosaigh agus tá an dá theach samhraidh sa ghairdín múnlaithe ar Hidcote Manor i gCnoic na Cotswolds i Sasana.

Teach Bhearna 14.13.16

Teach trí stór atá ann agus tá an tríú hurlár “in oiriúint do lóistín foirne dá mba ghá” dar leis na ceantálaithe Mullery, atá i bhfeighil an díolacháin.

Ní raibh na ceantálaithe sásta a rá le Tuairisc.ie cén praghas atá á lorg ar an dteach nár díoladh roinnt blianta ó shin agus €7 milliún á lorg air.

Ba é an t-ailtire Patrick McCabe as Gaillimh a dhear an teach, atá lonnaithe cúpla ciliméadar soir ó Bhearna féin, in aice le Coill Bhearna. Ba é an dearthóir tírdhreacha Jim Reynolds a leag na gairdíní amach.

Teach Bhearna 14.13.54

Teach Bhearna 14.13.31 Teach Bhearna 14.14.13 Teach Bhearna14.12.49

Fág freagra ar 'An é seo an teach is daoire a cuireadh ar an margadh riamh sa Ghaeltacht?'

  • Jack

    Caithfidh mé a rá go bhfuil sé ait go bhfuil muid fós ag cur luacha aird ar an stíl ailtireachta seo, go háirithe sa Ghaeltacht!. Caithfidh muidne mar thír féachaint ar an gceist seo- Cén fáth a bhfuil muid fós ag ceapadh go bhfuil na rudaí is gallda na rudaí is saibhre agus is fearr. Tá sé seo ag tarlú timpeall na tíre agus tuigeann lucht na Gaeilge an méid seo ó thaobh na teanga de, ach baineann rudaí seo go mór leis an scéal agus is rud aisteach é go bhfuil muid ag tógáil tí mar seo i lár na Gaeltachta.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Gaeltacht? Taobh thoir de Bhearna?

  • Breathnóir

    Tá an teach sin cosúil le leagan nua-aosaithe de theach an tiarna talún.
    Is dócha go bhfuil daoine ann ar mhaith leo ligean orthu go mbaineann siad leis an aicme sin – bhí Charles Haughey ina measc nuair a chuimhníonn tú air – ach is meon aisteach é go fóill féin.