An DUP éirithe níos righne faoi Acht Gaeilge agus an clog ag bagairt arís

Maidir le hathbhunú Stormont, tá na roghanna ag laghdú go pras agus líon na gceisteanna ag méadú

An DUP éirithe níos righne faoi Acht Gaeilge agus an clog ag bagairt arís

Óráid dhearfach Uachtarán Shinn Féin i mBaile Uí Mhurchú. Fáilte roimhe ag an DUP a dúirt go raibh athrú tuine le sonrú inti.

An Státrúnaí Brokenshire den bharúil gur chomharthaí dearfacha iad an dá chor sin, na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin ‘neartaithe agus níos mó téagair iontu’, dar leis.

Tharla an méid sin taobh istigh de cheithre huaire fichead idir an Domhnach agus an Luan. Ach céard ba bhrí leis? Seans go bhféadfaí na hinstitiúidí i Stormont a athnuachan go feidhmiúil? Nó an dá pháirtí araon ag iarraidh milleán as teip a sheachaint? An milleán faoin fhreagracht as riail dhíreach a aistriú?

Níor fhreagair na ráitis dheimhneacha na ceisteanna. An raibh rud éigin nua á rá i ndáiríre? Ar chreid an dá pháirtí go raibh siad in ann comhghéilleadh a aimsiú? Ar mian leo é sin a dhéanamh? Faoi Acht Gaeilge? Acht Cultúir? Faoi phósadh comhghnéis? Faoi phaireacht mheasa? Faoi roinnt na cumhachta, murab ionann agus roinnt na creiche? Roinnt cumhachta ar bhonn comhionannais? Chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí ar mhaithe le híobartaigh seachas na páirtithe leasmhara?

Cuireadh suntas ann gur i ndúnáras poblachtach, i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste a dúirt Gerry Adams go raibh Sinn Féin tiomanta do roinnt na cumhachta abhus. Ba iad a lucht tacaíochta a d’áitigh ar Adams agus a chomhghleacaithe Stormont a scor i mí Eanáir agus meastar nár mhór don pháirtí a bheith in ann a léiriú go raibh margadh an-mhaith acu chun tacaíocht a vótóirí a fháil le filleadh ar roinnt na cumhachta leis an DUP.

Shéan sé an tuairimíocht nach raibh suim ag Sinn Féin a thuilleadh i Stormont. “Maíonn ár gcéilí comhraic, eite den DUP agus ceannaireacht Fhianna Fáil ina measc, nach spéis linn an Tionól níos mó,” arsa Gerry Adams “ach tá a fhios acu nach fíor dóibh.” Bhí teachtaireacht lom aige do gach éinne, an chosmhuintir phoblachtach san áireamh, a dúirt sé. B’in go raibh Sinn Féin toilteanach margadh a dhéanamh leis an DUP agus na páirtithe eile chun filleadh ar an bhFeidhmeannas. Chuir sé fainic ar dhaoine áfach – bheadh téarmaí agus coinníollacha le sásamh; mar a dúradh ó mhí Eanáir, ní bheadh feidhm leis na hinstitiúidí gan comhionannas, meas agus ionracas.

Ní raibh athrú ar bith le brath ansin, mar sin. Ach fós ceapadh go mb’fhéidir go raibh cóiréagrafaíocht ar siúl; an dóchas níos láidre ná an taithí. Tá cibé comhráite atá ar siúl idir an DUP agus Sinn Féin faoi rún. B’fhéidir ach ní móide gur bhog an dá pháirtí le tamall. Má rinne, ní faoin Acht Gaeilge é.

Rinne ceannaire an DUP Arlene Foster agallamh teilifíse inar dhúirt sí arís go mbeadh Acht Gaeilge aonair doghlactha. Ba chosúil go raibh seasamh an DUP éirithe níos righne le cúpla seachtain anuas. Rinne Foster tástáil ar bhaill an DUP lena hóráid mí ó shin ag tairiscint plé faoi Acht Gaeilge (agus Cultúir) taobh istigh d’achar gearr ach an Feidhmeannas a bheith athbhunaithe. Thug Sinn Féin an t-eiteachas don tairiscint ar an toirt ach léirigh pobalbhreith a rinneadh ó shin go dtabharfadh breis agus leath de chosmhuintir an DUP droim láimhe le reachtaíocht Ghaeilge. I ndiaidh na pobalbhreithe, dúirt an DUP go raibh Sinn Féin ag iarraidh aontachtaithe a uirísliú lena n-éileamh. Ní léir cén solúbthacht a fhágann sé sin acu ó deir Sinn Féin gur sine qua non é Acht Gaeilge.

Tá na mionpháirtithe ar an taobhlíne gan eolas acu faoina bhfuil ar siúl ach an méid a fuair siad ag cruinniú faisnéise leis an Státrúnaí Dé Máirt. Dá dhéine í an iomaíocht idir an DUP agus Sinn Féin is ea is mó an brú ar na páirtithe beaga. Le blianta ba é Jim Allister, TUV, an cadhan aonair ag screadaíl faoi chomhrialtas deonach in ionad roinnt na cumhachta éigeantach ach tá caint níos forleithne anois faoina leithéid.

Dé Luain bhí James Brokenshire ag trácht arís ar theorainn ama a chur leis na hiarrachtaí réitigh i Stormont. Deireadh na míosa seo chugainn an sprioc aige an t-am seo mar go gcaithfear buiséad a sholáthar faoin tráth sin. An ndéanfaidh púca oíche Shamhna an gnó a bhí dodhéanta le leathbhliain?

Riail dhíreach faoi choim, nó leathriail is ea an buiséad a fhágáil faoi Westminster ach obair laethúil a fhágáil faoin státseirbhís. Ní theastaíonn an trioblóid ó rialtas Theresa May, is cosúil agus níl aon ghlacadh ag an Taoiseach Varadkar le riail dhíreach Westminster gan lámh ag Baile Átha Cliath san obair. Slán an tsamhail, ní theastaíonn toghchán Tionóil eile ach an oiread, a dúirt an Taoiseach i Londain Dé Luain.

Tá na roghanna ag laghdú go pras agus líon na gceisteanna ag méadú.

Fág freagra ar 'An DUP éirithe níos righne faoi Acht Gaeilge agus an clog ag bagairt arís'