An DUP ag cur in aghaidh ‘ceol’ agus ‘craic’ i gcomhartha Gaeilge do Lá Fhéile Pádraig i dTír Eoghain

‘Ceol, Craic agus Carnabhal’ a bheidh scríofa ar an gcomhartha atá le crochadh ar an Srath Bán an bhliain seo chugainn le linn na Féile Pádraig. Ní mó ná sásta atá comhairleoir de chuid an DUP…

An DUP ag cur in aghaidh ‘ceol’ agus ‘craic’ i gcomhartha Gaeilge do Lá Fhéile Pádraig i dTír Eoghain

Tá comhairleoir de chuid an DUP i gcontae Thír Eoghain ag cur in aghaidh comhartha Gaeilge atá le crochadh Lá Fhéile Pádraig ar an Srath Bán.

Dúirt Drew Thompson ag cruinniú de chuid Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin le deireanas go n-aireodh daoine ó chúlraí aontachtacha, protastúnacha agus dílseacha nach bhfuil aon fháilte rompu ag an bhféile mar gheall ar an gcomhartha agus mar gheall ar “ainm Gaeilge” na féile.

Dúirt sé nach raibh aon fhadhb aige le ceol Gaelach, damhsa Gaelach ná bia Gaelach ach nach raibh aon ghá ainm Gaeilge a thabhairt ar an bhféile in áit ‘St Patrick’s Day Festival’.

‘Ceol, Craic agus Carnabhal’ a bheidh scríofa ar an gcomhartha atá le crochadh sa bhaile an bhliain seo chugainn le linn na Féile Pádraig.

“Cén fáth a gcaithfear teideal Gaeilge a thabhairt ar an bhféile nuair a bhaineann sé le Pádraig naofa agus tá a fhios ag gach mac máthar gur Éireannach é Pádraig naofa? Níl aon eolas agam faoin nGaeilge agus ní maith liom a bheith ag spochadh as rud ar bith, ach is í an fhadhb atá agamsa ná go mbreathnóidh an pobal aontachtach ar an teideal Gaeilge mar rud a chuirfidh ó dhoras iad.

“Má fheiceann aontachtóirí ón gceantar sin an teideal sin, ceisteoidh siad an mbeadh aon fháilte rompu ag an bhféile agus an bhfuil cuireadh ceart á thabhairt dóibh,” a dúirt Thompson.

Thug urlabhraí de chuid na Comhairle le fios don nuachtán The Belfast Telegraph gurb é téama sealadach na féile ‘Ceol, Craic agus Carnabhal’ agus gur féile í a bheidh dírithe ar an bpobal agus go mbeidh fáilte roimh theaghlaigh ag an ócáid.

Is í an Chomhairle a bheidh ag eagrú na féile i mbliana seachas an choiste pobail a bhíodh á heagrú go dtí seo. Tá £20,000 breise le hinfheistiú ag an gComhairle i bhféile na bliana seo chugainn, anuas ar an £10,000 a chuirtí ar fáil gach bliain go dtí seo.

Anuraidh, vótáil comhairleoirí aontachtacha in aghaidh comharthaíocht Nollag i nGaeilge sa bhaile, agus b’éigean do phobal Gaeilge an tSratha Báin airgead a bhailiú ar líne le soilse Nollag Gaeilge a fháil.

Bailíodh os cionn £2,600 don togra agus crochadh an chomharthaíocht Ghaeilge idir dhá fhoirgneamh trí stór i lár an bhaile.

Fág freagra ar 'An DUP ag cur in aghaidh ‘ceol’ agus ‘craic’ i gcomhartha Gaeilge do Lá Fhéile Pádraig i dTír Eoghain'

  • Aonghus

    Caithfear dúshlán an aineolais agus na cúngaigeantachta seo ag an gComhairleoir Thompson a thabhairt agus a chur ina luí air gur Preispitéirigh formhór lucht labhartha na Gaidhlige in Albain, gur labhair Preispitéirigh Uladh an Ghaeilge tráth is gur seo a spreag Linda Irvine agus aontachtaigh oirthear Bhéal Feirste chun foghlama, go bhfuil Preispitéirigh líofa fós i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, gur scoláirí prosastúnacha leithéidí Mayer, Flowers agus Dúglás de hÍde s’againn fhéin ba chúis le hathbheochan na Gaeilge, gur i nGaeilge a deirtear paidreacha ag searmanais de chuid Eaglais na hÉireann agus nach bagairt ar bith í teanga ársa na tíre seo dá bhféiniúlacht ach ní shin í an fhadhb!

    Chun forlámhas iomlán a bheith agat ar dhaoine ní foláir a gcultúr agus a dteanga a scrios agus iachall a chur orthu teanga a máistrí a labhairt chun go mbeidh siad ina searbhóntaí umhla acu. So a chleacht Impireacht Shasanna agus is iontach an léirmhíniú a thug Pádraig Mac Piarais ar an meon seo ina thráchtas ‘The Murder Machine’, critique ar pholasaí oideachais na Breatainne sa tír seo. Fearacht an Phiarsaigh is maith a thuig Cecil Woodham Smith an dearcadh céanna nuair a scríobh sí sa chéad leathanach dá leabhar ‘The Great Hunger’ nár glacadh linne Gaeil isteach sa Ríocht Aontaithe in 1801 mar mhacasamhail na Sasannach, na nAlbanach ná muintir na Breatainne Bige, ach chun sinn a choineáil faoi smacht agus anois go bhfuil borradh faoin nGaeilge ó thuaidh is léir nach bhbhfuilimid chun glacadh leis an status quo a thuilleadh. Sin í an fhadhb!