‘An-dul chun cinn déanta’ ar cheist Amharclann Ghaoth Dobhair — Kyne

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil “dóchas” aige gur féidir teacht ar réiteach a bheidh “sásúil do na páirtithe uile”

‘An-dul chun cinn déanta’ ar cheist Amharclann Ghaoth Dobhair — Kyne

Rinneadh “an-dul chun cinn” ag cruinniú a bhí ag ionadaithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le hailtirí Amharclann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo caite, dar leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne.

Pléadh ag an gcruinniú an deontas conspóideach a bronnadh ar Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair an bhliain seo caite agus na “dúshláin” maidir leis atá le sárú i láthair na huaire.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil “dóchas” aige gur féidir teacht ar réiteach a bheidh “sásúil do na páirtithe uile”.

“Tuigtear dom go ndearnadh an-dul chun cinn ag an gcruinniú ar an Aoine seo caite.  Beidh mo Roinn i dteagmháil arís le Coiste na hAmharclainne go luath faoi seo agus táim ag súil go mbeifear in ann teacht ar réiteach a bheidh sásúil don Roinn agus don Choiste araon,” a dúirt Kyne.

Dúirt Pól Mac Cumhaill, cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, go bhfuil an coiste sin ag iarraidh an rud atá “féaráilte, cothrom agus ceart” anois agus go siad “sásta” go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil dul chun cinn déanta ach iad “iontach míshásta” mar sin féin nár tugadh cuireadh do bhaill an choiste a bheith i láthair ag an gcruinniú.

D’éirigh idir lucht stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Roinn faoin deontas a ceadaíodh d’athchóiriú na hamharclainne ag tús na bliana seo caite.

Cheadaigh an t-iar-aire stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’Amharclann Ghaoth Dobhair ag tús na bliana seo caite. Cuireadh críoch leis an obair athchóirithe sin ó shin agus osclaíodh an amharclann den chéad uair le deich mbliana an mhí seo caite.

Dúirt an Roinn go raibh sé i gceist aici an deontas a bronnadh ar choiste na hamharclainne a laghdú toisc nach raibh an obair athchóirithe críochnaithe ag an am a bhí socraithe. €400 ‘in aghaidh an lae’ an pionós is mian leis an Roinn a ghearradh agus tá €50,000 á lua leis an laghdú ar an deontais.

Bhí sé ar cheann de choinníollacha an chonartha go mbeadh laghdú le déanamh ar an deontas sa chás go mbeadh moill ar chríochnú na hoibre ach tá easaontas ann anois idir an coiste agus an Roinn faoi údar na moille.

Chuir Tuairisc.ie ceist ar an Roinn ar tharla sé riamh cheana gur cinneadh gan deontas, ná cuid de dheontas, a bhronnadh toisc nár cuireadh togra i gcrích taobh istigh den am a leagadh síos, ach ní raibh an Roinn sásta an cheist sin a fhreagairt.

Ceadaíodh an deontas i mí Feabhra na bliana seo caite, ach maíonn an coiste nach bhféadfaí tús a chur leis an obair go dtí 22 Meitheamh. Ba é an 31 Iúil 2016 an sprioclá maidir le deireadh a chur leis an obair nuair a ceadaíodh an deontas ar dtús, ach dúirt Mac Cumhaill go raibh an sprioc sin bunaithe “ar an mbunús go dtosófaí an obair mí Feabhra”.

Bhain conspóid leis an gcinneadh an t-airgead a bhronnadh ar choiste na hamharclainne an chéad lá riamh. Cheadaigh an t-iar-aire stáit Joe McHugh an deontas €485,000 don amharclann in ainneoin gur chuir oifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta comhairle air go mbeadh sé “mífhreagrach”, “faillitheach” agus fiú “contúirteach” an deontas sin a cheadú.

Dúradh leis an Aire, chomh maith, go rabhthas go mór in amhras faoi ghnéithe áirithe den iarratas agus go bhféadfadh gur “tubaiste” a bheadh ann dá gceadófaí an deontas.

De réir cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, chuir oifigeach sinsearach sa Roinn in iúl don Aire tráthnóna an 1 Feabhra 2016, an lá sular cheadaigh sé an deontas, nach raibh “iniúchadh ceart” déanta ar iarratas Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair.