An dúch agus an deoch: is í an scríbhneoireacht féin an druga

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní chun leasa na litríochta an t-ól

An dúch agus an deoch: is í an scríbhneoireacht féin an druga

Liosta le háireamh é liosta na scríbhneoirí a bhfuil an deoch luaite leo. Hemingway, Faulkner, Capote, Cheever, Carver, Kerouac, Patricia Highsmith, Dorothy Parker, Carson McCullers, F. Scott Fitzgerald, Hunter S. Thompson. Agus níl ansin ach na Meiriceánaigh.

Dar leis féin, ‘meisceoir a bhfuil fadhb scríbhneoireachta aige’ a bhí i mBreandán Ó Beacháin, agus, ar ndóigh, níorbh é an t-aon scríbhneoir Éireannach amháin, ná baol air, a chuaigh i muinín an bhuidéil.

Bhí oiread dúile sa bhiotáille ag duine de mhórscríbhneoirí mo thíre dúchais féin, an tÍsiltíreach Gerard Reve, gur thug sé geallúint don Mhaighdean Mhuire go n-iompódh sé ar an gCaitliceachas dá dtabharfadh sí cúnamh dó éirí as an ól (seift nár oibrigh, de réir cosúlachta).

I bhfianaise na samplaí sin ar fad, luíonn sé le réasún go gceapfadh scríbhneoir óg go dtéann an dúch agus an deoch lámh ar láimh le chéile – gur cuid riachtanach den phróiseas scríbhneoireachta é an t-alcól. Go deimhin, sin a cheap mé féin nuair a chuir mé mo chéad chéimeanna ar chosán na scríbhneoireachta: bhíodh buidéal den fhíon dearg le mo thaobh agus mé i mo shuí liom féin ag bord na cistine i dteach mo mhuintire ag iarraidh gearrscéalta a scríobh.

Cén dochar – ní raibh an scór bainte amach agam fós agus bhí dul amú orm faoi go leor rudaí. Ar ámharaí an tsaoil, d’fhoghlaim mé rud nó dhó faoin scríbhneoireacht ó shin. Níl mórán tuairimí daingne, diongbháilte agam maidir leis an gceird – pé cur chuige a oibríonn do dhuine an cur chuige is fearr don duine sin, a deirim – ach tá mé lánchinnte faoi rud amháin: ní chun leasa na litríochta í an deoch (ná go deimhin aon druga eile).

Go hiondúil, is ag iarraidh na ballaí timpeall ar chríocha na samhlaíochta a shárú a bhíonn an scríbhneoir a théann i muinín an bhuidéil; creideann sé go n-osclóidh an deoch doirse dó a d’fhanfadh dúnta mura n-ólfadh sé braon. Ach is é a mhalairt atá fíor. Is í an scríbhneoireacht féin an druga. Gluaiseacht an phinn ar an bpáipéar, cnagadh na méar ar an méarchlár, fíodóireacht focal an chomhfheasa agus an fho-chomhfheasa: gníomh na scríbhneoireachta féin is cúis leis an aistear aigne a bhíonn mar thoradh air. 

Níl sa deoch, dar liom, ach cleas saorga chun an staid intinne a bhíonn de dhíth ar an scríbhneoireacht a bhaint amach – gan trácht ar an dochar a dhéanann sé. Ní lánstaonaire mé; ólaim deoch go sóisialta uair nó dhó sa bhliain. Ach ní chuirfidh mé peann le páipéar nuair a bhím faoi thionchar an óil, nó fiú an lá ina dhiaidh. Is maith atá a fhios agam go mbeadh aon rud a scríobhfainn faoi bhun an phar. 

Céard faoin tsárlitríocht a scríobh na scríbhneoirí a luaigh tú ag tús an ailt? a deir tú.

Céard faoi na sárleabhair ar fad nár éirigh leo a scríobh de bharr a gcuid ólacháin? a deirimse.

Mar aguisín scoir, tá drochnós eile ann gur cheart don scríbhneoir a sheachaint: cluichí ríomhaireachta. Cluichí ina mbíonn ar dhuine a dhomhan féin a thógáil is measa ar fad: ní hamháin go dtógann sé an t-uafás ama iad a imirt, ach ídíonn siad an tsamhlaíocht. Is cinnte gur chosain Sim City agus Civilization úrscéal nó dhó orm nuair a bhí mé sna fichidí.

Ach tagann ciall le haois.