An dtoghfar macasamhail Trump sa Bhrasaíl in 2018?

Tá tús á chur sa Bhrasaíl le feachtas uachtaránachta a fhágfaidh an scoilt idir an eite chlé agus an eite dheis níos leithne ná riamh…

An dtoghfar macasamhail Trump sa Bhrasaíl in 2018?

Jair Bolsonaro. Pictiúr: Fábio Rodrigues Pozzebom/Agência Brasil

Bliain achrannach a bheas sa bhliain 2018 sa Bhrasaíl agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin i mí Dheireadh Fómhair a fhágfaidh an scoilt idir an eite chlé agus an eite dheis níos leithne ná riamh. 

Lena chois sin, d’fhéadfadh fear atá inchurtha le Donald Trump ó thaobh ciníochais, homafóibe agus fuath ban de an lá a thabhairt leis. 

Idir fear na heite clé, Lula (a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl cheana idir 2003 agus 2010) agus fear na heite fíordheise, an t-iaroifigeach airm Jair Bolsonaro, a bheas an rás. 

Sin má bhíonn cead ag Lula páirt a ghlacadh sa rás.

Tá Lula i dtrioblóid leis an dlí. I mí Iúil na bliana seo, ciontaíodh an t-iaruachtarán as breabanna a ghlacadh agus as sciúradh airgid. Séanann Lula na coireanna sin; dar leis go bhfuil géarleanúint pholaitiúil á déanamh air. Tá achomharc á dhéanamh ag a dhlíodóirí; níl súil leis an mbreithiúnas sa chás sin go ceann roinnt míonna. 

Go dtí sin, ní bheidh cosc ar Lula seasamh sa toghchán uachtaránachta. Tá sé i mbun feachtais go fíochmhar le míonna anuas, agus más fianaise ar bith í an phobalbhreith a rinneadh ag an deireadh seachtaine, tá sé i bhfad chun cinn ar na hiarrthóirí eile, agus 34 faoin gcéad de na vótaí aige.

De réir na pobalbhreithe céanna, ní bheadh ag iarrthóir na heite fíordheise, Jair Bolsonaro, ach 17 faoin gcéad de na vótaí. Ach dá mbainfí Lula amach as an rás, is dóichí ná a mhalairt gurb é Bolsonaro, gríosóir pobail a mheabhródh Donald Trump do dhuine, a mheallfadh vóta na cosmhuintire.

Iar-oifigeach airm é Bolsonaro a thagann i dtír go tráthrialta ar an gcumha atá ar chuid mhór Brasaíleach i ndiaidh laethanta na deachtóireachta míleata, nuair a chuir réimeas na nginearál borradh bréige faoin eacnamaíocht (ar íocadh go daor as ó shin) agus nuair nach raibh an foréigean drugaí chomh forleathan agus atá anois. De réir Bolsonaro, ‘ré órga’ a bhí i dtréimhse na deachtóireachta (1964-1985).

Tá fuath ag Bolsonaro don phobal LADT, do bhundúchasaigh na Brasaíle, do dhaoine dubha agus d’inimircigh. Tá an ghráin shíoraí aige ar an stát tuata freisin. ‘Dia os cionn chuile shórt eile. Níl sa stát tuata ach scéilín. Stát Críostaí é seo agus féadfaidh an mionlach a bheadh ina choinne sin bóthar a bhualadh,’ a dúirt Bolsonaro le slua ag tús na bliana seo.

Maidir le mná, sháraigh sé Donald Trump agus a ráiteas gránna ‘grab them by the pussy’.

‘Ní éigneoinn thusa go deo. Ní bheadh an gar sin tuillte agat,’ a dúirt Bolsonaro leis an mball parlaiminte Maria do Rosário – i dTeach na nIonadaithe agus os comhair ceamaraí teilifíse – sa bhliain 2003. Gearradh fíneáil luach €2,600 air.

Beidh rogha an dá dhíogha roimh mhuintir na Brasaíle in 2018.

Má bhuann Lula an t-achomharc i gcoinne a chiontaithe, má sheasann sé sa toghchán agus má bhíonn an bua aige, beidh an Bhrasaíl scoilte. Is aoibhinn leis an gcosmhuintir é ach tá an ghráin shíoraí ag an meánaicme agus ag an ardaicme air. 

Má bhíonn an bua ag Jair Bolsonaro, beidh an Bhrasaíl sa chás ina bhfuil na Stáit Aontaithe anois, agus baol dáiríre ann go ndéanfar daonlathas óg na tíre a chreimeadh. 

An t-aon iarrthóir eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do sheansanna Lula agus Bolsonaro ná Marina Silva, gníomhaí timpeallachta as ceantar na hAmasóine a bhfuil sciar mór den vóta soiscéalach aici agus ar soiscéalach cráifeach í féin. D’fhógair Silva ag an deireadh seachtaine go mbeadh sí ag seasamh don uachtaránacht arís. Tháinig sí sa tríú háit i dtoghcháin uachtaránachta 2010 agus 2014; mura dtiocfaidh athrú ollmhór ar chúrsaí is dóichí ná a mhalairt gur sa tríú háit a chríochnóidh sí arís in 2018.

 Tá deich mí fágtha fós sula mbeidh an toghchán ann, agus d’fhéadfadh tuilleadh iarrthóirí fógairt go seasfaidh siad, ach tá an feachtas ag géarú cheana féin. Tar éis ceithre bliana de scannail chaimiléireachta, corraíl pholaitiúil agus cúlú eacnamaíochta tá muintir na Brasaíle i ndeireadh na feide, agus tá an tuairim ann go bhféadfadh todhchaí an daonlathais féin a bheith idir dhá cheann na meá.

Fág freagra ar 'An dtoghfar macasamhail Trump sa Bhrasaíl in 2018?'