An dtiocfaidh Syriza slán as toghchán na Gréige?

Ag breathnú ar na figiúirí is deireanaí, níl Syriza ach rud beag chun tosaigh ar an bpáirtí caomhach, an Daonlathas Nua

Alexis Tsipras

Tá dáta socraithe anois don toghchán sa nGréig. Reáchtálfar ar an 20 Méan Fómhair é – lá na cinniúna cinnte do pháirtí an Phríomh-Aire, Alexis Tsipras Syriza.

Nuair a toghadh Syriza sa nGréig an chéad lá, bhí dóchas mór – sa nGréig agus ar fud na hEorpa – go raibh tús curtha le ré nua, go dtabharfaí dúshlán na déine, is go dtosófaí ag troid ar ais ar fud na hEorpa freisin.

Labhair Alexis Tsipras, an Príomh-Aire nua, go láidir fórsúil, ag ionsaí polasaithe na déine is ag míniú nach bhféadfadh an Ghréig teacht slán as géarchéim eacnamaíochta na tíre mura gcuirfí polasaithe difriúla i bhfeidhm, agus, go deimhin, nach bhféadfaí téarnamh a fháil san Eoraip fré chéile gan stop a chur le polasaithe déine freisin.

Ach bhí laigeacht ón tús san anailís a chuir Syriza chun tosaigh: is é sin, gur chreid Tsipras bolscaireacht na hEorpa faoi thacaíocht an Aontais do gach ballstát, agus nach raibh se sásta briseadh leis an Euro ar chúis ar bith.

Agus sa deireadh, i ndiaidh na cainte móire, ghéill Tsipras nuair a léirigh an Ghearmáin nach mbeadh aon athrú ar pholasaithe an limistéir Euro, go gcloífí leis an déine is nach maolófaí fiacha na Gréige beag nó mór.

Dúirt sé go lom nach bhfaca sé aon rogha ach an Euro, nach bhféadfadh an Ghréig córas airgeadra nua neamhspleách a chur ar bun, agus, ag deireadh thiar, go raibh an tír faoi thráill na hEorpa agus na Gearmáine.

Mar sin, in ainneoin a raibh le rá aige in aghaidh pholasaithe déine sa bhfeachtas toghcháin, agus in ainneoin gur éirigh leis sa Reifreann, nuair a d’iarr sé ar mhuntir na Gréige droim láimhe a thabhairt le moltaí déine Aontas na hEorpa, ghéill Tsipras do thromaíocht na Gearmáine is ghlac sé le beartis déine níos measa ná an déine ar diúltaíodh di sa Reifreann.

Ní nach ionadh, ní raibh chuile dhuine i Syriza sásta leis sin, agus scoilt an pháirtí.

Vótáil 23 teachta de chuid Syriza in aghaidh an rialtais. Bhí móramh in aghaidh fheidhmeannas an pháirtí, agus ní raibh Tsipras in ann na polasaithe nua a fháil tríd an bparlaimint ach amháin le cabhair ó sheanpháirtithe an rachmais.

Tá gach cosúlacht ann go mbeidh an Syriza nua seo sa gcead áit sa toghchán is go mbeidh Tsipras ina phríomhaire arís dá bharr. Ach ta ceist mhór ann an mbeidh móramh ar bith aige sa bparlaimint nua. (Go deimhin, beidh sé deacair freisin ag Pasok, iarpháirtí rialtais agus pairtí sóisialach-daonlathach an líon vótaí a bheidh riachtanach a fháil freisin).

Agus bunaithe ar na figiúírí is deireanaí, níl Syriza ach rud beag chun tosaigh ar an bpáirtí caomhach, Daonlathas Nua.

Tá ráite ag Tsipras nach ndeanfadh sé cómhreiteach le Pasok nó le Daonlathas Nua, is nach nglacfadh sé le post an phríomhaire i gcomhrialtas le Daonlathas Nua nó le Pasok. Ach mura mbeidh móramh aige féin, cá rachaidh sé?

Tá páirtí nua bunaithe ag na teachtaí de chuid Syriza a vótáil in aghaidh an rialtais, Aontacht an Phobail. Tá siadsan ag rá gur chóir imeacht ó chóras an euro agus drachma nua a thabhairt isteach mar airgeadra. Tá siad ag diúltú scun scan don réiteach a rinne Tsipras leis an nGearmáin agus le tíortha eile an Euro.

Is ar éigean go mbeadh Syriza agus Aontacht an Phobail na hábhair scoilte eatarthu a chur ar leataobh.

Agus maidir leis na Cumannaigh, an KKE, tá siadsan namhdach do Tsipras ón gcéad lá, ag rá ón tús go ndíolfadh se amach mar a rinne sa deireadh.

Teastaíonn uatha deireadh a chur le déine, briseadh leis an Euro agus briseadh freisin le hAontas na hEorpa agus leis an rachmas atá taobh thiar de.

Le fanacht dílis dá shocrú leis an Eoraip, ní bheidh aon rogha ag Tsipras ach margadh a dhéanamh leis na seanpháirtithe.

Tá a lán daoine sa nGréig a ghlacann lena leithscéal go ndearna sé a dhícheall is nach raibh aon rogha aige, ach mura bhfuil sé féin sásta an margadh sin a dhéanamh cinnteoidh sé go mbeidh cumhacht gan srian ag na páirtithe eile.

I ndeireadh na dála, chuir sé leas na hEorpa agus leas an Euro roimh leas na Gréige.

Is tá ceacht anseo don eite chlé – in Éirinn agus san Eoraip: ní féidir seasamh in aghaidh na déine agus a bheith dílis don Euro ag an am céanna.

Agus ceacht eile, b’fhéidir, a fheicfeas muid i ndiaidh an toghcháin seo: gheobhaidh an Ghearmáin agus an Eoraip réidh le Tsipras a luaithe is nach mbeidh sé riachtanach é a choinneáil.

Fág freagra ar 'An dtiocfaidh Syriza slán as toghchán na Gréige?'