An Dream Dearg, TG4 agus Bean in Dingle buacach ag na Sockies

Bhuaigh an grúpa feachtais, an stáisiún teilifíse, agus an caifé Gaeltachta gradaim dá ngníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta ag ócáid bhronnta na ngradam i mBaile Átha Cliath aréir

An Dream Dearg, TG4 agus Bean in Dingle buacach ag na Sockies

D’éirigh go maith le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag Gradaim na Meán Sóisialta, na Sockies, a reáchtáladh san RDS i mBaile Átha Cliath aréir.

Thug An Dream Dearg, an grúpa feachtais a d’eagraigh an Lá Dearg i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, leo an gradam nuabhunaithe don úsáid is fearr a baineadh as na meáin shóisialta i nGaeilge.

Tá an grúpa thar a bheith gníomhach ar Twitter agus ar Facebook le sé mhí anuas agus d’éirigh leo #ládearg a chur i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta le linn mhórshiúl na seachtaine seo caite.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, duine d’eagraithe an ghrúpa, go bhfuil an Dream Dearg sásta “aitheanta náisiúnta” a fháil.

“Ta muid ar fad fíorshásta aitheantas náisiúnta a fháil ar an obair atá déanta ag An Dream Dearg ar na meáin shóisialta. Is bua beag é seo do na scórtha daoine deonacha agus díograiseoirí ata ag teacht le chéile o bhí mí na Samhna ann.

“Ta buíochas agus ardmholadh tuillte ag na daoine sin ar fad,  mar aon leis na 12,000 a tháinig amach ag an Lá Dearg, agus a chuir cearta Gaeilge ó thuaidh i gcroílar an dioscúrsa pholaitiúil. Níl anseo ach an tús — #AchtAnois,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

D’éirigh go maith le TG4 aréir freisin. Thug an stáisiún Gaeilge an gradam leo don “Fheachtas Trasardán is Fearr” don togra ‘Caitlín Eile’ a bhí ar siúl ar TG4 féin agus ar ardáin éagsúla an stáisiúin mí na Samhna seo caite.

Baineadh geit as lucht féachana TG4 Oíche Shamhna seo caite nuair a “bhuail splanc thintrí” Caitlín Nic Aoidh agus í ag tabhairt réamhaisnéis na haimsire. Bhí na meáin shóisialta beo i ndiaidh na heachtra agus TG4 á mholadh ag go leor as a gcleas Oíche Shamhna.

Rinneadh na mílte athghiolc ar ghearrthóg amháin den ‘timpiste’, agus láithreoirí cáiliúla teilifíße, an fear grinn mór le rá Dara Ó Briain ar dhuine acu,  ina measc siúd a scaip an scéal.

Lean an feachtas ar aghaidh i ndiaidh ar feadh tamaill ina dhiaidh agus bhí sraith míreanna dá cuid féin ag ‘Caitlín Eile’ ar shuíomh idirlín TG4.

Is ar ‘Bean in Dingle’, caifé agus siopa caife sa Daingean i gCorca Dhuibhne, a bhuaigh an gradam don úsáid is fearr a baineadh as Instagram.

Tá os cionn 2,700 leantóir ag an gcaifé, atá lonnaithe ar Shráid na Faiche i lár an bhaile.

Just dipping the toes…. (don't worry, we took the cup home to dry off)

A post shared by Bean in Dingle (@beanindingle) on

Fág freagra ar 'An Dream Dearg, TG4 agus Bean in Dingle buacach ag na Sockies'