An dlí teanga sáraithe ag ‘Maynooth University’ le comhartha aitheantais aonteangach

Mhaígh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad nach raibh sé ‘oiriúnach, indéanta ná riachtanach’ go mbeadh a gcomhartha aitheantais sa dá theanga oifigiúla ar a gcuid a gcuid stáiseanóireachta

An dlí teanga sáraithe ag ‘Maynooth University’ le comhartha aitheantais aonteangach

Sháraigh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, an reachtaíocht teanga nuair a chuir siad ainm na hollscoile i mBéarla amháin ar chomhartha aitheantais na hOllscoile agus ar cheannteidil a gcuid stáiseanóireachta, de réir fiosrúcháin a rinne Oifig an Choimisinéara teanga anuraidh.

Le linn an imscrúdaithe, a bhfuil cur síos air i dTuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, mhaígh lucht Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, gur mheas siad nach raibh sé “oiriúnach, indéanta ná riachtanach na focail a chur i láthair go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla” ar a gcuid stáiseanóireachta.

Ceadaítear díolúine sna rialacháin teanga maidir le léiriú ainmneacha agus sa chás gur lógó atá i gceist, ní gá go mbeadh an lógó sin i nGaeilge amháin nó dátheangach.

Mhaígh an Ollscoil gur ‘lógó’ a bhí i gceist le suaitheantas na hOllscoile ar an stáiseanóireacht agus dá bharr sin nach raibh aon sárú ann.

“Ní ghlacann an Ollscoil leis go sáraíonn a cuid stáiseanóireachta na dualgais reachtúla maidir le húsáid teangacha oifigiúla. Is cúis imní don Ollscoil an chaoi a bhfuil an cheist curtha, sa mhéid is go dtéann sé chun dochair do sheasamh na hOllscoile.

“Is é seasamh na hOllscoile nach ‘ceannteideal’ iad na focail atá ag barr stáiseanóireacht na hOllscoile agus atá faoi imscrúdú, ach gur bunchuid de lógó na hOllscoile iad,” a dúradh i bhfreagra na hOllscoile ar an bhfiosrúchán.

Maíodh go raibh an Ollscoil i dteideal díolúine ón riachtanas go gcaithfidh na focail a bheith i nGaeilge agus i mBéarla de bharr gur bunchuid de lógó iad.

Dúirt an Ollscoil gur “seasamh earráideach, nach raibh aon bhonn dlí leis” a bhí tógtha ag Oifig an Choimsinéara Teanga, a mhaígh nach raibh aon díolúine i gceist i gcás ainm na hOllscoile.

“Cinneadh straitéiseach [a rinneadh] nuair a bhí lógó nua á fhorbairt, lógó a dhéanann sainaithint ar an Ollscoil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, na focail ‘Maynooth University’ a chur san áireamh chun an Ollscoil a shainaithint agus a idirdhealú, chomh maith leis na focail ‘National University of Ireland, Maynooth’ chun an nasc stairiúil atá againn le hOllscoil na hÉireann a chaomhnú, agus le teachtaireacht a chur amach go hidirnáisiúnta gur cuid den chóras náisiúnta ollscoile muid.

“Toisc gur bunchuid dár lógó iad na focail seo, chreideamar nach raibh sé oiriúnach, indéanta ná riachtanach na focail a chur i láthair go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla,” a dúradh.

Dúradh nár ghlac an Ollscoil le sainmhíniú Oifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfocal ‘lógó’ — “siombail, samhail, comhartha, dearadh nó léaráid phictiúrtha a úsáidtear chun aitheantas ar leith a éascú” —agus go raibh an sainmhíniú sin “i bhfad níos caoile ná an gnáth-shainmhíniú” ar an bhfocal.

Dúirt an Ollscoil nach raibh aon bhonn dlí leis an sainmhíniú “níos caoile” seo agus gur tháinig sé salach ar an sainmhíniú dlíthiúil ar thrádmharcanna agus ar lógónna.

Ní luaitear ‘lógó’ in Acht an dTrádmharcanna ná ní luaitear an focal ‘trádmharc’ in Acht na dTeangacha Oifigiúla ná sna Rialacháin atá déanta faoin Acht sin, a dúirt an Coimisinéir Teanga/

Mhol an Coimisinéir Teanga go leasódh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ceannteidil stáiseanóireachta na heagraíochta nuair a bheadh an chéad stoc eile stáiseanóireachta á ordú.

Moladh freisin dá mbeadh ainm na hOllscoile le húsáid ar chomharthaí go gcinnteofaí go mbeadh na comharthaí sin i gcomhréir leis an reachtaíocht teanga.

Fág freagra ar 'An dlí teanga sáraithe ag ‘Maynooth University’ le comhartha aitheantais aonteangach'

  • Mánus

    Is cosúil go bhfuil “Maynooth College” fós ag cur i bhfeidhm an conradh a rinne an eaglais Chaitliceach Ròmhánach sna 1790daí le rialtas Shasana go gcabhródh “Maynooth college” leis an tír seo a Ghalldú.

  • Feardorcha

    Tá an suíomh idirlín acu go hiomlán Gallda chomh maith. Is mór an trua é i bhfianaise na scoláirí iomráiteacha le Gaeilge a d’oibrigh ann tráth.