An dlí teanga sáraithe ag dhá Chomhairle Contae – an Coimisinéir Teanga

De réir Thuarascáil Bhliantúil 2016 an Choimisinéara Teanga, sháraigh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Comhairle Contae Uíbh Fhailí a ndualgas reachtúil teanga

An dlí teanga sáraithe ag dhá Chomhairle Contae – an Coimisinéir Teanga

Rinne an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, imscrúdú faoi thrí Chomhairle Contae i gcaitheamh na bliana seo caite. Ba iad Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Uíbh Fhailí agus Comhairle Chontae na Gaillimhe na comhairlí ar bunaíodh trí imscrúdú éagsúla ina dtaobh.

Chinn an Coimisinéir gur sháraigh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Comhairle Contae Uíbh Fhailí a ndualgas reachtúil teanga ach nach raibh aon sárú déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Bhain an trí ghearán le comharthaíocht a cuireadh suas sna contaetha éagsúla. I gContae Uíbh Fhailí, rinneadh gearáin éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaí páirceála thart ar bhaile Thulach Mhór agus comhartha ag fógairt oscailt oifigiúil Bhealach na Canálach Móire.

Cuireadh in iúl don Choimisinéir Teanga gur cuireadh na comharthaí sealadacha a bhí le feiceáil sna grianghraif in airde “ar iarratas an Chomhlachais Tráchtála áitiúil” chun comhaontú mar gheall ar páirceáil saor in aisce a fhógairt. Cuireadh na comharthaí suas mar chuid d’fheachtas an Chomhlachais Tráchtála um Nollaig chun muintir na háite a spreagadh le siopadóireacht i Lár Bhaile Thulach Mhór, a dúradh.

Thug an Chomhairle Contae le fios raibh aon taifead ann ar litir ón té a rinne an gearán agus thug mar mhíniú air sin go bhfuil “srianta” i bhfeidhm i gcóras ríomhphoist na Comhairle a chuireann bac ar ríomhphost ina mbíonn grianghraif leabaithe iontu ó sheoltaí anaithnide. Mhaígh an Chomhairle nár seachadadh an ríomhphost chuig ball foirne ar bith de chuid na Comhairle.

Tháinig sé chun solais le linn an imscrúduithe nach raibh córas cuí ag an gComhairle le plé le gearáin ó Oifig an Choimisinéara Teanga ná le gearáin ón bpobal. Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “ceist shuntasach” í sin nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi.

Tharraing an Coimisinéir ceist na gcomharthaí páirceála anuas leis an gComhairle den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014. Thug an Chomhairle le fios ag an am go raibh an scéal curtha ina cheart faoi dheireadh na bliana dár gcionn — 2015. Bhí na comharthaí fós in airde i mí Aibreáin na bliana 2016 nuair a fuair an Coimisinéir gearán eile ina dtaobh.

Dúirt Ó Domhnaill ina thuarascáil gur údar imní agus díomá dó nach raibh an cheist réitithe faoin am sin agus nach raibh an Chomhairle “sásta spriocdháta a chur go fóill leis an obair”. Thug an Chomhairle le fios go gcuirfí na comharthaí ina gceart nuair a bheadh an t-airgead ar fáil chuige sin, ach dúirt an Coimisinéir nach bhféadfadh sé glacadh le cur chuige “coinníollach” mar sin.

B’údar imní don Choimisinéir freisin go raibh botún ó thaobh na Gaeilge de ar chomhartha nua amháin a raibh sé beartaithe ag an gComhairle é a chur in airde ar fud an bhaile, agus chuir sé an méid sin in iúl don Chomhairle Contae.

I gcás Chomhairle Contae Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, rinne duine den phobal gearán faoi logainmneacha míchruinne a bheith ar ainmchláir sráide sa cheantar i mí na Nollag 2013, agus arís i mí Bealtaine agus mí an Mheithimh 2015, agus maíodh nár thug an Chomhairle aon fhreagra ar na gearáin sin.

Nuair a d’eisigh an Chomhairle freagra chuig an ngearánach i mí na Samhna 2015 tugadh le fios nach ndearnadh aon chigireacht ar na ceisteanna faoi logainmneacha a tharraing an gearánach anuas agus go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar an moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar na hainmchláir go léir sa chontae mar go mbeadh “impleachtaí beartais agus acmhainní” i gceist leis sin.

Mhaígh an Chomhairle freisin nach raibh sé ar a cumas an scéim teanga a d’aontaigh sí a chur i gcrích mar nach raibh Oifigeach Gaeilge fostaithe ag an gComhairle agus go raibh lánchosc ar earcaíocht i bhfeidhm ag an am.

Thug an Chomhairle le fios go raibh sí tar éis teacht ar aontú le Rannóg Iompair na Comhairle go dtabharfaí faoi athbhreithniú iomlán ar an gcomharthaíocht bhóthair agus go mbeadh sí ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana chun an t-athbhreithniú sin a chur amach ar conradh.

D’admhaigh an Chomhairle don imscrúdú gur theip uirthi na gealltanais áirithe seo a bhí déanta ina scéim teanga a chur i bhfeidhm. Faoin tráth a raibh an tuarascáil imscrúdaithe á hullmhú bhí moltaí déanta ag an gComhairle chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomharthaíocht ina ceantar feidhme ach ní raibh aon socrú cinnte déanta go fóill chun aghaidh a thabhairt ar cheartú na gcomharthaí míchruinne.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léir dó go raibh cur i bhfeidhm na scéime teanga ag brath den chuid is mó ar Oifigeach Gaeilge a bheith ar fáil don Chomhairle agus gur tugadh léargas ar an méid sin san fhreagra a chuir an Chomhairle ar fáil ar an dréacht-tuarascáil a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga faoina bráid. Dearbhaíodh san fhreagra sin go raibh an t-athbhreithniú déanta agus foilsithe in Eolaire Sráidainmneacha agus Logainmneacha Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin ach gur tháinig “lúb ar lár” i gceist nuair a d’éirigh an tOifigeach Gaeilge deiridh a bhí ag an gComhairle as.

Ba é cinneadh an imscrúdaithe gur sháraigh an Chomhairle Contae na gealltanais ábhartha a rinneadh sa scéim teanga. Mhol an t-imscrúdú go gcuirfí na gealltanais sin i bhfeidhm anois gan a thuilleadh moille agus go leagfaí plean faoi bhráid na hOifige laistigh de thrí mhí ó dháta na tuarascála. Moladh freisin go gcuirfí córas cuí ar bun chun déileáil go tráthúil le gearáin ó Oifig an Choimisinéara Teanga nó ó dhaoine den phobal maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla.

Bhain an gearán i gcontae na Gaillimhe le logainmneacha Gaeltachta, ach fuarthas nach raibh aon sárú dlí i gceist ó tharla nach raibh aon chead tugtha ag an gComhairle Contae don ghnólacht phríobháideach na comharthaí a bhí i gceist a chur in airde.

Fág freagra ar 'An dlí teanga sáraithe ag dhá Chomhairle Contae – an Coimisinéir Teanga'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Fágtha ag baill den phobal gearáin leanúnacha a dhéanamh….samhnasach.

    Agus níl smachtbhannaí ná fíneálacha de chineál ar bith ann…