Ag damhsa ar son Acht Gaeilge – ‘An Dioscó Dearg’ beartaithe do Bhéal Feirste

Tá oíche shiamsaíochta á heagrú faoi scáth ‘An Dream Dearg’, an grúpa feachtais a tháinig go mór chun cinn ó thuaidh ó thús na bliana seo

Ag damhsa ar son Acht Gaeilge – ‘An Dioscó Dearg’ beartaithe do Bhéal Feirste

Tá ‘Dioscó Dearg’ beartaithe do Bhéal Feirste mar chuid den fheachtas leanúnach atá ar bun Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart.

Beidh cainteoirí Gaeilge ag damhsa ar son Acht Gaeilge ag an “imeacht speisialta” a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 5ú Lúnasa, mar chuid d’Fhéile an Phobail.

Tá an oíche shiamsaíochta á heagrú faoi scáth ‘An Dream Dearg’, an grúpa feachtais a tháinig go mór chun cinn ó thuaidh ó thús na bliana seo. Rachaidh an t-airgead a dhéanfar ar na ticéid, a chosnaíonn £10 an ceann, isteach i gciste ‘An Dream Dearg’.

Beidh sé ar siúl i The Devenish in iarthar Bhéal Feirste. Beidh na ceoltóirí Ultacha aitheanta Bréag, Emma Ní Fhíoruisce, agus Tonnta  ag casadh an oíche sin chomh maith leis an ngrúpa Duibhneach Pólca 4.

Tá an Dream Dearg ag gníomhú ar son Acht Teanga don Ghaeilge amháin ó thuaidh le tamall de mhíonna anuas. Ba iad a d’eagraigh ‘An Lá Dearg’ i mBéal Feirste sa Bhealtaine, chomh maith le sraith mórshiúlta eile ar fud an Tuaiscirt sna míonna roimhe sin.

Tá súil ag lucht an fheachtais lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd a thacaíonn le reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh a spreagadh a thuilleadh leis ‘An Dioscó Dearg’ chomh maith le hairgead a bhailiú don fheachtas agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil déanta go dtí seo.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag an Dream Dearg ar a gcuid leantóirí litreacha a scríobh chuig nuachtáin áitiúla agus náisiúnta leis an éileamh ar Acht Gaeilge a léiriú sna seachtainí idir seo agus atosú na gcainteanna idir páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt.

Foilsíodh roinnt alt agus litreacha inar cuireadh in aghaidh na Gaeilge agus in aghaidh an Achta Gaeilge i nuachtáin ar fud na tíre ó  cuireadh dlús faoin bhfeachtas ar son na reachtaíochta ag tús na bliana.

Tá sé mar sprioc ag an Dream Dearg dul i ngleic leis an mbolscaireacht fhrithGhaeilge sin trí bholscaireacht ar son na Gaeilge a chur os comhair an phobail oiread agus is féidir i gcaitheamh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Ag damhsa ar son Acht Gaeilge – ‘An Dioscó Dearg’ beartaithe do Bhéal Feirste'