An deichniúr Teachtaí Dála is mó a bhíonn ag tvuíteáil i nGaeilge…

17% an céatadán is airde giolcacha Gaeilge atá ag aon Teachta Dála – an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh

An deichniúr Teachtaí Dála is mó a bhíonn ag tvuíteáil i nGaeilge…

Is beag Gaeilge a bhíonn ag lucht na Dála ar Twitter, de réir taighde de chuid Tuairisc.ie ar shonraí a sholáthair an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis i Missouri.

De réir na hanailíse seo, atá mar chuid dár sraith alt faoi úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta, níl ach triúr Teachtaí Dála ann a mbíonn níos mó ná 10% dá gcuid giolcacha i nGaeilge.

Is é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, an Teachta Dála is mó a úsáideann an Ghaeilge ar Twitter. I nGaeilge a bhí 17% den 10,959 giolc atá seolta ag McHugh ó chuaigh i mbun na giolcaireachta.

Sa dara háit, tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta, Seán Kyne, ón bpáirtí céanna. Tá 13% den 4,160 giolc atá seolta ag fear Mhaigh Cuilinn i nGaeilge.

Is Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin iad cúigear den deichniúr is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge. Is é Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge an pháirtí sa Dáil, an duine is airde de Theachtaí Dála Shinn Féin ar an liosta seo agus 12% dá chuid giolcacha i nGaeilge. Is iad ceannaire an pháirtí Gerry Adams (7%), Aengus Ó Snodaigh (5%), Donnchadh Ó Laoghaire (4%) agus Denise Mitchell (2%) an ceathrar eile ó Shinn Féin atá i measc an deichniúir is mó den 113 Teachta Dála a raibh cuntas Twitter acu nuair a rinneadh an taighde.

Tá ord an liosta bunaithe ar chéatadán na ngiolcacha seachas ar líon na ngiolcacha, rud a fhágann go n-áirítear Pat the Cope Ó Gallchóir ar dhuine de na polaiteoirí ‘is Gaelaí’ ar Twitter (10%) cé nach bhfuil ach cúig giolc Gaeilge seolta aige. Ar an láimh eile, tá 61 giolc i nGaeilge seolta ag Ciarán Cannon, ó Fhine Gael, ach tá sé íseal ar an liosta toisc nach bhfuil sna giolcacha Gaeilge sin ach 0.3% den 18.2 míle giolc atá seolta aige.

Is iad an deichniúr Teachtaí Dála is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge:

 

Fág freagra ar 'An deichniúr Teachtaí Dála is mó a bhíonn ag tvuíteáil i nGaeilge…'