‘An dearcadh sóisialach’ a bhí ag Tomás Ághas ‘glanta de na leabhair staire’

Táthar ag déanamh comóradh i mbliana ar bhás an Ághasaigh agus athchló de leabhar faoi shaol agus saothar an réabhlóidí seolta sa Daingean

‘An dearcadh sóisialach’ a bhí ag Tomás Ághas ‘glanta de na leabhair staire’

Tá athchló de leabhar faoi shaol agus saothar Thomáis Ághas seolta sa Daingean ag an iarTheachta Dála, Joe Higgins.

Agus leabhar Mhichíl Uí Mhóráin, Tomás Ághas 1885-1917, á sheoladh aige ag ócáid sa Daingean an tseachtain seo dúirt an sóisialaí mór go raibh “an dearcadh sóisialach” a bhí ag Tomás Ághas agus “a lán daoine eile “glanta amach as na leabhair staire ar fad”.

Ar ndóigh, ba ó Chinn Aird a’ Teampaill don Ághasach féin agus is ón dúiche chéanna, ó Bhaile An Fhaoitigh, in aice le Lios Póil,  don Uigíneach.

“Murach gur cuireadh James Connolly agus Tomás Ághas chun báis go héagórach,  creidim go gcaithfí i bhfad níos fearr leis an gcosmhuintir agus le daoine bochta na tíre seo, dá mbeadh an deis acu beirt bheith mar pháirt den chóras rialtais a bhí ann tar éis Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad.

“Bheadh aitheantas i bhfad níos fearr á thabhairt don sclábhaí agus dóibh seo a bhí brúite faoi chois agus faoi smacht an lucht saibhir. Dá dtarlódh sin, bheadh tír níos fearr againn anois a mbeadh an t-ómós cuí á thabhairt dóibh siúd atá ag broic leis an saol. Is cinnte go raibh dearcadh láidir sóisialach ar an saol ag an Ághasach féin le linn dó bheith beo agus thug sé tacaíocht nach beag do Jim Larkin le linn na Stailce Móire sa bhliain 1913,” a dúirt Joe Higgins.

Dúirt an t-iarTheachta Dála nach dtugtar a ceart do ghné an sóisialachais de stair na hÉireann.

“Rud eile de, do bhí bá ar leith in Éirinn le réabhlóid na cosmhuintire sa Rúis ó cuireadh réimeas na Sár de dhroim seoil.  Ach ní chloistear faic mar gheall air sin ar na saolta seo. Tá cuid de stair na tíre seo agus an dearcadh sóisialach a bhí ag a lán daoine inti sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Mór glanta amach as na leabhair staire ar fad.”

D’fhreastail slua mór ar an athsheoladh ag searmanas sa Díseart sa Daingean tráthnóna Dé Sathairn  seo caite agus bhí cuid de ghaolta an Ághasaigh ina measc siúd a bhí i láthair.  Táthar ag déanamh comóradh i mbliana sna bólaí seo ar bhás an Ághasaigh. Fuair sé bás de dheasca bia a bhrú siar air agus é ar stailc ocrais i gcarcair Mhuinseo i mí Mheán Fómhair, 1917 agus bhí seoladh an leabhair ar cheann de na searmanais atá ar chlár an chomórtha as seo go deireadh na bliana.

Ceann de na clocha móra eile atá ar phaidrín choiste an chomórtha is ea busta den Ághasach, atá á dhéanamh ag an dealbhóir, Paul D’Arcy, a chur i bhfearas ag an mbaile fearainn inar saolaíodh an tÁghasach, Cinn Aird a’ Teampaill, níos déanaí i mbliana. Áirítear go gcosnóidh an busta isteach is amach le €15,000 agus pé brabús a dhéanfar as díol an leabhair (sladmhargadh ar €10), cuirfear i dtreo chostas an bhusta é.

I ndiaidh shearmanas an tseolta sa Daingean ar an Satharn, do bhronn Mary Enright ón Daingean portráid bróidnéireachta den Ághasach, bunaithe ar dhearadh le Robert Ballagh,  ar gharneacht Thomáis Ághas, Margaret Ashe Moriarty, a ghlac leis an bportráid ar mhaithe le Cnuasach An Ághasaigh.

Fág freagra ar '‘An dearcadh sóisialach’ a bhí ag Tomás Ághas ‘glanta de na leabhair staire’'