AN DAONÁIREAMH: I gceantair thuaithe atá an céatadán is airde daoine a mhaíonn labhairt na Gaeilge a bheith acu

44.6% de phobal na gceantar tuaithe a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu i nDaonáireamh 2016, i gcomparáid le 32.8% i gcathair Bhaile Átha Cliath agus 39.8% den daonra ar fad

AN DAONÁIREAMH: I gceantair thuaithe atá an céatadán is airde daoine a mhaíonn labhairt na Gaeilge a bheith acu

Is i gceantair thuaithe is airde atá céatadán na ndaoine a deir go bhfuil labhairt na Gaeilge acu, de réir eolas nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.

44.6% de phobal na gceantar tuaithe a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu i nDaonáireamh 2016, i gcomparáid le 32.8% i gcathair Bhaile Átha Cliath agus 39.8% den daonra ar fad.

Thug 40.8% de dhaoine sna ceantair uirbeacha nach cathracha ná bailte móra iad, agus ina bhfuil daonra níos lú ná 1,500, le fios go raibh labhairt na Gaeilge acu.

As measc na gcathracha, is i gcathair Bhaile Átha Cliath a bhí an céatadán is lú den phobal ag maíomh go raibh labhairt na Gaeilge acu.

Mar sin féin, is i mBaile Átha Cliath agus a bruachbhailte atá 20.2% (14,903 duine) de na cainteoirí laethúla Gaeilge sa stát lasmuigh den chóras oideachais.

Sa Ghaeltacht atá 21.4% de na cainteoirí laethúla Gaeilge sa stát – 20,586 duine.

8.2% de chainteoirí laethúla Gaeilge an Stáit atá i gcathracha na Gaillimhe, Chorcaí agus Luimnigh le chéile.

3% de mhuintir chathair agus bhruachbhailte na Gaillimhe a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir Dhaonáireamh 2016 agus 1.3% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath.

1.4% de mhuintir chathair agus bhruachbhailte Chorcaí a thug le fios gur cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad, agus 1.1% de mhuintir chathair agus bhruachbhailte Luimnigh a dúirt amhlaidh.

De réir an eolais a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, is é Leitir Ceanainn i nDún na nGall an baile mór is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge sa tír lasmuigh den Ghaeltacht agus is é Mín Lárach i nDún na nGall an baile Gaeltachta is láidre sa tír.


CLÚDACH TUAIRISC.IE AR DHAONÁIREAMH 2016 AR FÁIL ANSEO


De réir na tuarascála nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu faoi chainteoirí Gaeilge na hÉireann, tá 2.9% de mhuintir Leitir Ceanainn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, rud a fhágann chun tosaigh ar Bhré (1.5%) agus ar Shord (1.3%), atá sa dara agus sa tríú háit.

81% de mhuintir Mhín Lárach i nGaeltacht Dhún na nGall atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, rud a fhágann gurb é an baile Gaeltachta is láidre sa tír agus é chun tosaigh é ar An Bun Beag-Doirí Beaga (59.6%) sa Ghaeltacht chéanna agus An Cheathrú Rua (61.7%) i gConamara.

Is é an sainmhíniú ar ‘baile’ a d’úsáid an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcás Dhaonáireamh 2016 ná; áit ina raibh ar a laghad caoga áras cónaithe ann agus daoine ina gcónaí iontu; gan níos mó ná céad méadar idir aon áras agus an ceann is gaire dó; agus siopa, scoil nó comhartha sóirt eile d’ionad uirbeach le feiceáil ann.

Maidir le líon na ndaoine de réir contae a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge acu, bhí céatadán níos airde i gContae an Chláir ná mar a bhí i sé cinn den seacht gcontae Gaeltachta. Ba é contae na Gaillimhe an t-aon chontae Gaeltachta a bhí chun cinn ar chontae an Chláir.


Céatadán na ndaoine a deir go bhfuil labhairt na Gaeilge acu


Contae na Gaillimhe 49%

Contae an Chláir 45.9%

Contae Chorcaí 44.93%

Contae Mhaigh Eo 43.86%

Contae Chiarraí 43.19%

Contae Phort Láirge 40.56%

Contae na Mí 38.56%

Contae Dhún na Gall 37.09%


Na contaetha de réir an chéatadáin a mhaíonn labhairt na Gaeilge a bheith acu



Bailte ina bhfuil an líon is mó cainteoirí Gaeilge



Na bailte ina bhfuil an céatadán is airde cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais


 

 

 

Fág freagra ar 'AN DAONÁIREAMH: I gceantair thuaithe atá an céatadán is airde daoine a mhaíonn labhairt na Gaeilge a bheith acu'

  • Maitias

    ‘a mhaíonn’……