An Danmhargach a rugadh gan ego…

Tuigeadh do Sunyata nach bhfuil i ngach reiligiún ach ‘canúint a leagann béim ar ghnéithe áirithe de theanga uilíoch an anama’. Dá dtuigfimis go léir é, bheadh deireadh le coimhlintí creidimh

sunya1

Emmanuel Sorensen ab ainm dó. Duine as milliún! Rugadh sa bhliain 1890 é i dtuaisceart na Danmhairge. Rugadh gan ego é, deirtear. Tá a fhios agam go bhfuil an focal ‘féin’ againn ar ego; mar sin féin (!), b’fhearr liom cloí leis an téarma Laidine mar go dtuigeann gach éinne cad is ‘ego’ ann. Tá ego againn go léir – nó ag an gcuid is mó againn. Rugadh Sorensen gan ego, áfach.

Sunyata a thugtar inniu ar Sorensen. Nach aisteach go dtabharfaí Emmanuel air sa chéad áit, ainm a chiallaíonn ‘Dia ionainn’, agus féach go n-aimseodh sé Dia, ní sa Danmhairg, ná san Ind, ach ann féin.

Tá dream ar a dtugtar na Kabalarians a dhéanann anailís ar ainmneacha.

Maíonn go leor daoine go bhfuil siad cuibheasach cruinn sa chur síos a dhéanann siad ort, cur síos atá bunaithe ar d’ainm. Cá bhfios?

Ar aon chuma, ‘folús’ is brí leis an bhfocal ‘Sunyata’, focal Sanscraite. Nuair a chailltear an ego, níl fágtha ach an folús sin. Is deacair an folús sin a chur i bhfocail mar nach cuid de throscán aigne an Iartharaigh é. Léiríonn lucht Zen-Bhúdachais leis an tsiombail ensō é.

Ó bhí se an-óg, bhraith Sunyata an folús sin ann féin; bhí sé ag réiteach go maith leis féin (gan an ‘fein’ nó an ego a bheith ag cur brú air ná ag cothú dúile ann – dúil sa cháil, sa phléisiúr, san airgead agus mar sin de). Chuaigh sé le garraíodóireacht agus chaith tamall in Dartington, Sasana, áit ar casadh an file mór Indiach Rabindranath Tagore air i samhradh na bliana 1929.

Thug Tagore cuireadh dó teacht go dtí an Ollscoil a bhí bunaithe aige i mBeangál, Shantiniketan. (Bhí comhfhreagras, dála an scéil, idir Tagore agus an Piarsach faoi chúrsaí oideachais agus an-chuid comónta eatarthu, de réir dealraimh).

San Ind dó, d’aithin gúrú mór gur misteach ón gcliabhán ab ea Sunyata. Ba é an gurú sin ná Sri Ramana Maharshi.

Chaith Sunyata formhór dá shaol san Ind ina dhiaidh sin agus meas an-mhór ag muintir na tíre sin air, gnáthmhuintir na hInd agus an Príomh-Aire féin ag an am, Jawaharlal Nehru. Ag damhsa san fholús a chaith sé a shaol agus Dancing with the Void (Non-Duality Press) is teideal don leabhar nua a thugann léargas dúinn ar an rince sin:

Nuair a bhuail Sunyata le Gandhi, thuig sé nach raibh aon bhundifríocht dáiríre idir reiligiúin mhóra an domhain. Níl i ngach reiligiún, a deir Sunyata linn, ach ‘canúint a leagann béim ar ghnéithe áirithe de theanga uilíoch an anama’.

Thuig Gandhi an méid sin go maith, thuig Sunyata é. Dá dtuigfimis go léir é, bheadh deireadh le coimhlintí creidimh.

Fág freagra ar 'An Danmhargach a rugadh gan ego…'

  • seán

    Agus thuig Seán Ó Ríordáin é nuair a dúirt go raibh sé ag filleadh abhaile ‘ó rince an tsaoil’. An i Sceithín an Rince (canúint na nDéise) a bhí sé ag ranncás an uair úd? Nó laistigh d’fhallaí Luimní (sic)? Is draíochtúil agus is mealltach agus is rinnciúil an teideal é ‘Dancing with the Void’. Ná ligimís i bhfaighid é.

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Ná habair go mbaineann Eaglais Jansen na hÉireann (Maynooth) leis an aontacht spioradálta sin! Ní chun sprioradáltacht a chothú I measc na nGael a bhunaigh Rialtas Shasana Maynooth.

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Ní fuath leis an nadúr follús.

    Alt breá ag Gabriel Rosenstock.