An Daingean chun aghaidh a thabhairt ar Dhúiche Neidín i gCraobh Shinsir Chiarraí

Rinneadh an tarraingt don chéad bhabhta do Chraobh Shinsir Peile Chiarraí aréir agus socruithe déanta do chluichí an Daingin agus Chiarraí Thiar

An Daingean chun aghaidh a thabhairt ar Dhúiche Neidín i gCraobh Shinsir Chiarraí

Imreoidh an Daingean in aghaidh Dhúiche Neidín sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí an mhí seo chugainn agus an tarraingt déanta ó aréir.

Imreofar an cluiche ar dheireadh seachtaine 13 Bealtaine agus is as baile a bheidh an Daingean agus iad ag imirt in aghaidh foireann a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe anuraidh.

Shroich an Daingean an cluiche leathcheannais in 2016, mar ar chaill siad in aghaidh Na Crócaigh, ach tá dream breá imreoirí óga den scoth tagtha chun cinn sa chumann le cúpla bliain anuas agus beidh sé mar aidhm acu Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin a thabhairt leo i mbliana.

Chuaigh Ciarraí Thiar chomh fada le babhta 3 sa chraobh anuraidh agus cuirfidh siad tús le feachtas na bliana seo le cluiche sa bhaile i gcoinne Fhánaithe na Féile.

Níl sé ach trí seachtaine ó bhuaigh Na Crócaigh Craobh na hÉireann ach beidh fir Chill Airne ag díriú ar dhúshlán an tséasúir seo agus é beartaithe go n-imreoidh na curaidh i gcoinne Chiarraí Láir sa chéad bhabhta.

Imreoidh seaimpíní 2015, Ciarraí Theas in aghaidh Chéirín Uí Rathaille agus tabharfaidh cumann eile Thrá Lí, fir Aibhistín de Staic aghaidh ar Naomh Ciarán.

Babhta 1 de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí

Ciarraí Thoir v An Ráth Mhór

Aibhistín de Staic v Naomh Ciarán

Ciarraí Thiar v Fánaithe na Féile

Léigiún Chill Airne v An Neidín

Naomh Breandán/Raonaithe na Sionainne v Cill Chuimín

Céirín Uí Rathaille v Ciarraí Theas

Dúiche Neidín v An Daingean

Na Crócaigh v Ciarraí Lár