An dá fhadhb shíceolaíocha a bhaineann le hathrú aeráide

Mura mbeidh rath ar chruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe faoi athrú aeráide i bPáras, beidh dhá chúis shíceolaíocha leis sin, a scríobhann ár gcolúnaí

On July 20, the U.S. Coast Guard Cutter Healy steamed south in the Arctic Ocean toward the edge of the sea ice. The ICESCAPE mission, or "Impacts of Climate on Ecosystems and Chemistry of the Arctic Pacific Environment," is NASA's two-year shipborne investigation to study how changing conditions in the Arctic affect the ocean's chemistry and ecosystems. The bulk of the research takes place in the Beaufort and Chukchi seas in summer 2010 and 2011. Credit: NASA/Kathryn Hansen NASA image use policy. NASA Goddard Space Flight Center enables NASA’s mission through four scientific endeavors: Earth Science, Heliophysics, Solar System Exploration, and Astrophysics. Goddard plays a leading role in NASA’s accomplishments by contributing compelling scientific knowledge to advance the Agency’s mission. Follow us on Twitter Like us on Facebook Find us on Instagram

Dé Luain, cuirfear tús i bPáras le cruinniú mullaigh ag a mbeidh ionadaithe ó 195 thír ag iarraidh teacht ar phlean nua chun dul i ngleic le hathrú na haeráide. Is é an chaoi go dtiocfaidh deireadh sa bhliain 2020 le Prótacal Kyoto, an conradh inar leagadh síos dualgais dheonacha na dtíortha éagsúla maidir le haschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain. Táthar ag súil go dtiocfar ar chonradh nua i bPáras ina leagfar síos dualgais cheangailteacha don tréimhse i ndiaidh 2020.

Faoi Phrótacal Kyoto, ní ghearrtar aon fhíneálacha ar thíortha a sháraíonn na srianta a chuir siad orthu féin maidir le haschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain. I bhfocail eile, faoi láthair, ní sheasann idir an domhan agus a théamh ach píosa páipéir siombalach. 

Ach táthar ag súil go mbeidh doiciméad againn tar éis na gcainteanna i bPáras a chuirfidh ceangal ar thíortha uile an domhain srianta aschuir a chur i bhfeidhm a fhágfaidh nach n-ardóidh teocht mheánach na cruinne os cionn dhá chéim Celsius os cionn na teochta meánaí roimh thús ré na tionsclaíochta.

Ach an mbainfear an sprioc sin amach? An gcuirfear na srianta dochta i bhfeidhm a theastóidh chun ollthubaiste timpeallachta a sheachaint nó an aontófar comhréiteach lag nach mbeidh de thionchar aige ach moill a chur ar ollthubaiste timpeallachta ar feadh cúpla bliain?

Mura ndéanfar fíorghníomh i bPáras, dar liom féin go mbeidh dhá bhunchúis shiceolaíoch leis sin.

1. Tá athrú aeráide dofheicthe.

2. Tá an fhadhb rómhór.

Lig dom seo a mhíniú.

Ar ndóigh, níl athrú aeráide dofheicthe. Ach is ar scáileán lán staitisticí aimsire a bheadh ort a bheith ag breathnú chun na hathruithe a fheiceáil. Is é an chaoi go bhfuil athrú na haeráide ag tarlú rómhall dár súile féin, súile an dreama a chaithfidh gearradh siar ar úsáid breosla neamhinbhuanaithe. Agus an rud nach bhfeiceann an duine, bíonn sé deacair air creidiúint ann.

Ag caint ar shúile, tá cosúlacht mhór idir athrú aeráide agus radharc na súl a bheith ag dul i léig. Ligfidh an duine a bhfuil a shúile ag dul i léig air féin ar feadh na mblianta nach bhfuil rud ar bith ag tarlú, go dtí an lá a gcaillfidh sé an bus toisc nach raibh sé in ann an ceann scríbe a léamh. Monuar nach réiteoidh péire spéaclaí fadhb athrú na haeráide nuair a bheidh an bus a thabharfadh slán ó ollthubaiste timpeallachta muid caillte againn.

An chúis eile a fheicim leis an drogall a bhíonn orainn dul i ngleic le hathrú na haeráide go fírinneach ná go bhfuil an fhadhb rómhór. Rómhór don duine aonair, rómhór do phobal, do thír, do mhór-roinn as féin. Cuireann an nuacht faoi athrú aeráide oiread dúlagair ar an gcuid is mó againn nach léimid ach na ceannlínte. Ansin crochaimid ár nguaillí, cuirimid an milleán ar pholaiteoirí agus lucht gnó agus deirimid: ‘táimid focáilte, ach ní féidir liomsa a dhath a dhéanamh faoi i m’aonar.’ Ach tá freagracht ár dtoghchaí ar an bplainéad seo ar ár nguaillí ar fad.

As seo go ceann seachtaine go leith, báfaidh súnámaí nuachta (maith dom an cliché uafásach) as Páras sinn. Seans gur mó an tsuim a bheidh ag cuid mhór againn sna scéalta a bhaineann le cúrsaí sábháilteacha sa chathair sin fad is a bheidh an cruinniú mullaigh ar siúl, ná sna scéalta a bhaineann leis an gcruinniú mullaigh féin. Sin é nádúr an duine: an rud is feiceálaí a tharraingíonn aird a chuid súl.

Ach tharlódh go bhfuil an bhagairt dhofheicthe a bheidh faoi chaibidil i bPáras as seo go ceann seachtaine go leith i bhfad Éireann níos tromchúisí ná aon bhagairt sceimhlitheoireachta.

Fág freagra ar 'An dá fhadhb shíceolaíocha a bhaineann le hathrú aeráide'