An cúigiú séasúr déag de Laochra Gael seolta i bPáirc an Chrócaigh

Seoladh sraith nua den chlár spóirt i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus ceiliúradh á dhéanamh arís ar chuid de mhórimreoirí CLG, Tommy Walsh, Dara Ó Cinnéide agus Dónal Óg Cusack ina measc

An cúigiú séasúr déag de Laochra Gael seolta i bPáirc an Chrócaigh

Dara Ó Cinneide i 2000. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tríocha bonn Uile-Éireann agus 28 gradam All-Star. Sin atá buaite acu siúd a mbeidh Laochra Gael ag díriú orthu nuair a chuirfear tús leis an tsraith is déanaí den chlár aitheanta ar TG4 Dé Céadaoin seo chugainn.

Déanfar ceiliúradh ar chúigear iománaithe agus seachtar peileadóirí sa 15ú sraith den chlár, a seoladh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna í.

Ba i gceannáras CLG cuid mhaith de na héachtaí a bheidh á gceiliúradh le linn na sraithe, go háirithe i gcás fhir na gcamán sa tsraith nua: Dónal Óg Cusack, cúl báire cróga Chorcaí, Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide iománaithe Chill Chainnigh le linn a ré órga ag tús an chéid seo, Pete Finnerty, cosantóir crua sciliúil as Gaillimh, Seánie McMahon, leathchúlaí stuama cruinn iománaithe an Chláir, agus Pat Fox as Tiobraid Árann, tosach a bhris croí an fhreasúra go mion minic lena chruinneas.

Ó thaobh na peile de, déanfar cur síos ar na gaiscí a rinne Dara Ó Cinnéide, an naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach as Ciarraí agus déanfar ceiliúradh leis ar na deartháireacha cáiliúla Lowry, Seán, Michael agus Brendan, as Uíbh Fhailí, ar Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, ar Owen Mulligan, tosach lúfar le peileadóirí Thír Eoghain agus ar Chlíodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Bhaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhadbhunaithe seo.

“Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shárscil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sárthaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” a dúirt Uachtarán CLG.

Dúirt an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh sé buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo.

“Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réaltaí seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad,” a dúirt sé.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.


LAOCHRA GAEL 2017


Dónal Óg Cusack 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm)

Dara Ó Cinnéide 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm)

Pete Finnerty 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm)

Éamonn O’Hara 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)

Tommy Walsh 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)

Clíodhna O’Connor 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm)

Pat Fox 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm)

Na Lowrys 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm)

Seánie McMahon 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm)

Owen Mulligan 17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm)

Fág freagra ar 'An cúigiú séasúr déag de Laochra Gael seolta i bPáirc an Chrócaigh'