An crúibín cam: scannal feola na Brasaíle

Agus srianta sealadacha curtha ar fheoil ón mBrasaíl ag an Aontas Eorpach, ag an tSín, ag an gCóiré Theas agus ag an tSile, tá muintir na Brasaíle féin buartha faoin bhfeoil atá á hithe acu. Nó an bhfuil?

An crúibín cam: scannal feola na Brasaíle

Michel Temer le Dilma Rousseff

Is mór an spórt iad na códainmneacha a bhaisteann póilíní feidearálacha na Brasaíle ar a gcuid oibríochtaí frithchaimiléireachta. ‘Carne fraca’, nó ‘feoil fhann’, an ceann is déanaí acu: imeartas focal bunaithe ar Mhaitiú 26:41, ‘Tá an spiorad ullamh, ach tá an cholainn fann’. (Is ionainn ‘colainn’ agus ‘feoil’ sa Phortaingéilis.)

Cén saghas calaoise a tháinig chun solais an iarraidh seo i dtír atá céasta ag an gcaimiléireacht mar atá? 

Is cosúil go raibh feoil a bhí imithe ó mhaith ‘á cóireáil’ le haigéad ascorbach agus le ceimiceáin eile ag breis agus scór comhlachtaí feola sa Bhrasaíl, agus go raibh breabanna á dtabhairt ag na comhlachtaí sin d’fheidhmeannaigh de chuid na Roinne Talmhaíochta le go bhféadfaí an fheoil chéanna a dhíol arís – i bpacáistiú nua, ach gan chigireacht a bheith déanta uirthi. Mairteoil agus sicín, go háirithe, a bhí i gceist, agus bhí na hearraí lochtacha sin á ndíol sa Bhrasaíl féin agus thar lear. 

De réir dealraimh, tá an chaimiléireacht seo ar siúl leis na blianta.

Más fianaise iad oibríochtaí frithchaimiléireachta eile sa Bhrasaíl beidh an fiosrúchán seo ar siúl ar feadh na mblianta freisin.

Idir an dá linn, rinne uachtarán na Brasaíle, Michel Temer, iarracht a chur ina luí ar mhuintir na tíre agus ar an gcuid eile den domhan go bhfuil táirgí feola as an mBrasaíl sábháilte, ach theip go tubaisteach ar an iarracht. Ag an deireadh seachtaine, thug Temer cuireadh do dhá scór ambasadóir dul chun dinnéir leis i mbialann fulachta thraidisiúnta, nó churrascaria, san ardchathair, Brasília.

Ba mhór an magadh a rinneadh faoin scéal nuair a thuairiscigh meáin na Brasaíle nach mbíonn ar fáil sa bhialann a roghnaigh an t-uachtarán ach feoil as Uragua, as an Astráil agus as an Eoraip. Thug urlabhraí an uachtaráin le fios do na meáin ina dhiaidh sin gur feoil as an mBrasaíl amháin a cuireadh ar fáil do na hambasadóirí an oíche áirithe sin, ach faoin am sin, bhí an dochar déanta agus bhí Temer, a tháinig i gcumhacht nuair a rinneadh táinseamh ar Dilma Rousseff agus nach bhfuil aon ghrá mór ag muintir na Brasaíle dó, ina cheap magaidh críochnaithe.

Gáire dóite a rinne muintir na Brasaíle faoin scéal, áfach, mar is maith a thuigeann siad go bhfuil feoil lochtach á hithe acu le blianta. Anois agus srianta sealadacha curtha ar fheoil ón mBrasaíl ag an Aontas Eorpach, ag an tSín, ag an gCóiré Theas agus ag an tSile, tá na meáin ag cur thar maoil le scéalta go bhfuil muintir na Brasaíle féin ag seachaint cineálacha áirithe feola, nó ag iompú ar an bhfeoilséanadh scun scan, fiú amháin.

Níor léir sin dom féin, áfach, agus mé amuigh an oíche cheana in churrascaria in Salvador, an chathair mar a bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl. Breithlá mo leathbhádóra a bhí ann agus bhí fonn feola air. Ní airsean amháin, ach ar neart daoine eile freisin. Oíche Luain a bhí ann, ach bhí an teach leathlán. 

Fág freagra ar 'An crúibín cam: scannal feola na Brasaíle'