An crú tagtha ar an tairne sa tSraith Náisiúnta Peile i ndiaidh briseadh trí seachtaine

Agus an sos trí seachtaine thart, tá tús á chur arís leis an tSraith Peile Náisiúnta agus luach le gach pointe a shaothrófar

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 8/8/2015 Mayo vs Donegal DonegalÕs Mark McHugh and Lee Keegan of MayoÕs Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
 ©INPHO/James Crombie

Dún na nGall v Maigh Eo, Páirc Mhic Cumhaill, 2 i.n.

Ní bheidh sé éasca ag Maigh Eo a gcéad phointí den tsraith a fháil inniu agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an bhfoireann atá ar bharr na sraithe faoi láthair, Dún na nGall. Níl cuma rómhaith ar chúrsaí fós do Stephen Rochford ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar pheileadóirí an chontae.

Tugadh greadadh dóibh in aghaidh Chorcaí sa chéad chluiche agus cé nach raibh ach dhá chúilín eatarthu féin agus Baile Átha Cliath an tseachtain dár gcionn, tá siad fós taobh le Ciarraí agus an Dúin ag bun Roinn 1.

Bhí dea-sceál ann do Rochford an tseachtain seo, áfach. Bhí scata imreoirí in easnamh ar Mhaigh Eo don chéad cúpla babhta agus cé go bhfuil Kevin McLoughlin, Tom Parsons agus Donal Vaughan fós gortaithe, seans go mbeidh fáil arís ar Chris Barrett, Andy Moran, Seamus O’Shea, Keith Higgins agus Lee Keegan, fear a chaill amach ar an gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath toisc gur baineadh gortú comhtholgtha dó in aghaidh Chorcaí.

Beidh taithí na n-imreoirí sin ag teastáil uathu i mBealach Féich agus tús iontach curtha ag Dún na nGall leis an tsraith. Bhí siad i bhfad rómhaith don Dún sa chéad bhabhta agus bua 3-15 in aghaidh 0-7 acu. Ina dhiaidh sin, bhí farasbarr deich gcúilín, 2-14 in aghaidh 1-7, acu in aghaidh Chorcaí.

Tá leas bainte as an mbriseadh ag Rory Gallagher chun a chuid imreoirí a thabhairt chomh fada le Tenerife do champa traenála. Cé nach mbeidh fáil ar Karl Lacey nó Colm McFadden don chluiche in aghaidh Mhaigh Eo, tá roinnt imreoirí óga tugtha isteach ag Gallagher i mbliana agus tá leithéidí Ciarán Thompson agus Eoin McHugh ag cruthú go maith.

Níl cluiche sraithe ná craoibhe caillte ag Dún na nGall i bPáirc Mhic Cumhaill ó mhí na Bealtaine 2010 agus seans maith nach dtiocfaidh deireadh leis an gcuriarracht sin Dé Domhnaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Corcaigh v Ros Comáin, Páirc Uí Rinn, 2 i.n.

Agus iad díreach i ndiaidh an bua a fháil ar Chiarraí i gCill Áirne den chéad uair, seans nach raibh Ros Comáin róshásta go raibh briseadh trí seachtaine ann. Beidh sé deacair anois orthu an fuinneamh agus an díograis chéanna a thaispeáint le go mbeidh an bua i gCúige Mumhan don dara cluiche as a chéile.

Tá dhá athrú déanta ag bainisteoirí Ros Comáin, Kevin McStay agus Fergal O’Donnell, agus Senan Kilbride agus Sean Purcell tagtha isteach in áit Conor Daly agus Ronan Stack. Bhí Cathal Cregg, a d’aimsigh ceithre chúilín ón imirt in aghaidh Chiarraí, agus Enda Smith ar fheabhas sa bhua i gCill Áirne agus beidh ról lárnach acusan má tá na Connachtaigh chun an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh, foireann nár imir siad ó 2010.

Murab ionann agus Ros Comáin, seans go raibh Peadar Healy sásta go raibh briseadh ann agus deis dá réir aige machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a d’fhoghlaim sé ón gcéad dá chluiche sa tsraith. Thug Corcaigh lagthaispeántas ceart uathu in aghaidh Dhún na nGall as baile trí seachtaine ó shin agus beidh Healy ag súil le feabhas uathu agus iad ar ais i bPáirc Uí Rinn.

Beidh an bainisteoir gan an cosantóir Barry O’Driscoll nach mbeidh fáil air don chuid eile den tsraith agus a rúitín briste aige. Tá scéal níos fearr ann i dtaobh Eoin Cadogan agus James Loughrey agus an chosúlacht air go mbeidh an bheirt sin in ann imirt in aghaidh Ros Comáin tar éis dóibh cailleadh amach ar an gcluiche i nDún na nGall.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'An crú tagtha ar an tairne sa tSraith Náisiúnta Peile i ndiaidh briseadh trí seachtaine'