An Creathlach cráite agus Cill Mocheallóg ag ceiliúradh?

Ní bheidh sé éasca ar Chreathlach teacht go Luimneach agus tabhairt faoi fhoireann atá lán de thaithí agus de spiorad.

 

Imreoirí Chill Mhocalóig ag dul chun páirce don chluiche leath-cheannais. ©INPHO/Cathal Noonan
Imreoirí Chill Mocheallóg ag dul chun páirce don chluiche leath-cheannais. ©INPHO/Cathal Noonan

An Domhnach beag seo beidh lucht leanta dílis Chill Mocheallóg agus Chreatlaigh ag déanamh ar Pháirc na nGael i Luimneach chun iarracht a dhéanamh ar dhuais iomána dheiridh na bliana a thabhairt leo.

Cad is féidir a rá faoi imreoirí an Creathlaigh nach bhfuil ráite cheana le cúpla mí anuas?

Is cosúil le foireann ghairimiúil agus iad ag imirt cluichí tábhachtacha gach deireadh seachtaine.

Tá iománaíocht an Chláir ag feabhsú bliain i ndiaidh bliana le cúpla bliain anois.

Rinne an fhoireann faoi fiche a haon a gcuid le trí chraobh Éireann a bhuachan as a chéile. Thug an fhoireann sinsear leo Craobh Mhic Cárthaigh anuraidh agus anois tá an Creathlach ag iarraidh Craobh Sinsear Club na Mumhan a thabhairt leo den chéad uair.

Ach dar ndóigh, ní bheidh sé éasca teacht go Luimneach agus tabhairt faoi fhoireann atá lán de thaithí agus de spiorad. Tugann imreoirí sinsear Luimnigh Gavin O ‘Mahony, Paudie O’ Brien agus Graham Mulcahy an-cheannaireacht dóibh.

Is deacair a rá cé a bhuafaidh an cluiche seo, ach caithfidh go gcuirfidh an tuirse isteach ar imreoirí an Chláir.

Bhí an-móiminteam acu go dtí an Domhnach seo caite ach i ndiaidh am breise (an rud deireanach a bhí ag teastáil uathu) chaill siad an cluiche leathcheannais peile agus tá cuma thar a bheith difrúil ar an scéal anois.

Rachaidh sé dian go leor orthu teacht aniar ón gcailliúint agus beidh idir chorp agus anam tuirseach. Beidh corrghortú ann leis agus cuimhnigh go bhfuil seachtain iomlán iománaíochta caillte acu. Ceapaim anois go bhfuil go leor buntáistí ag Cill Mhoceallóg.

Tá sé thar a bheith deacair ar imreoirí an t-am seo den bhliain traenáil agus imirt ar pháirceanna boga troma.

Tógann sé mórán astu. Beidh ar an dá fhoireann bheith chomh hullamh agus is féidir don choimhlint.

Ní dóigh liom gur aon bhuntáiste don fhoireann baile an cluiche a bheith á imirt i Luimneach.

Tá dúiche Chreathlaigh níos giorra don staid ná mar atá Cill Mhoceallóg ach é sin ráite, cinnte, tá níos mó taithí ag imreoirí Luimnigh bheith ag imirt i bPáirc na nGael.

Ceapann na geallghlacadóirí go mbeidh an bua ag fir an Chláir. Níl sé de nós acu sin bheith ag cailliúint airgid.

Ceapaim féin gur athraigh an pictúr don Chreatlach i ndiaidh dóibh cailliúint an Domhnach seo caite.

Ní bheidh mórán idir na foirne ach ag an deireadh, ach is dóigh liom go mbeidh an lá ag Cill Mhoceallóg.

Tá sé deacair a chreidiúint nach bhfuil ach trí chlub ón Mumhain i ndiaidh  Craobh na hÉireann a bhuachan ón mbliain 1987.

Tá foirne idirchondae an chúige an-láidir i láthair na huaire ach cosúil leis na clubanna, is deacair dóibh an duais is mó a bhuachaint.

Sa mhílaois seo, níl Corn Liam Mhic Cárthaigh buaite ach ceithre huaire ag contaetha ó Chúige Mumhan.

Dar ndóigh, thug Cill Mocheallóg leo Craobh na Mumhan scór bliain ó shin ach theip orthu Craobh na hÉireann a chur leis. B’fhéidir go ndéanfaidh siad an beart i mbliana.

Focal Scoir: Comhghairdeachas le peileadóirí Oileáin Árann (go háirthe na fir ón bparthas aoibhinn sin Inis Meáin (áit ar chaith mé laethanta saoire taitneamhacha), a thug leo Craobh Sóisear Peile Chúige Chonnacht le déanaí. Níl sibh críochnaithe fós.

Fág freagra ar 'An Creathlach cráite agus Cill Mocheallóg ag ceiliúradh?'