‘An costas atá luaite le hAcht Teanga réasúnta’ – polaiteoir sinsearach de chuid an DUP

Deir Conradh na Gaeilge go ndúirt an t-iar-aire cultúir Edwin Poots leo go raibh an costas a luaigh an eagraíocht teanga le hAcht Gaeilge 'réasúnta'

‘An costas atá luaite le hAcht Teanga réasúnta’ – polaiteoir sinsearach de chuid an DUP

Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge go ndúirt polaiteoir sinsearach de chuid an DUP leo go raibh an costas atá luaite ag an eagraíocht teanga le hAcht Gaeilge “réasúnta”.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge aréir, tugtar le fios go ndúirt Edwin Poots an méid sin ag an gcruinniú a bhí ag an gConradh le ceannaire an DUP, Arlene Foster, ag deireadh mhí Aibreáin.

Thug Arlene Foster le fios i mí Aibreáin go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

Ba mar chuid den iarracht sin a chas Foster agus triúr eile ón DUP le Conradh na Gaeilge ar an 27 Aibreán.

Meastar gurb é sin an chéad uair riamh go raibh cruinniú dá leithéid idir an DUP agus Conradh na Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe sin nár léirigh an DUP “aon imní faoi chostas na reachtaíochta” atá á lorg le fada ag an gConradh agus grúpaí teanga eile.

Ach tá an Conradh ag maíomh anois go ndeachaigh an páirtí aontachtach céim níos faide ná sin ag an gcruinniú agus go ndúirt Poots, an t-iar-aire cultúir ar toghadh chun Stormont i mbliana é i nGleann an Lagáin, go raibh an costas a luadh leis an Acht “réasúnta”.

Cúigear a bhí i dtoscaireacht Chonradh na Gaeilge a bhuail leis an DUP i mí Aibreáin; Uachtarán na heagraíochta Niall Comer; Julian de Spáinn; Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta; Michaeline Donnelly, Craobh Phobal ar a’n Iúl, agus Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide.

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots, David Graham agus Chris Stalford i láthair thar cheann an DUP.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer aréir go raibh “dul chun cinn” i gceist le dearcadh Poots.

“Nuair a bhuail muid leis an DUP in Aibreán na bliana seo dúradh linn go mbeadh soláthair reachtúla ann don Ghaeilge. Bhí an chuid is mó den chruinniú bunaithe ar phlécháipéis Chonradh na Gaeilge ina bhfuil costais curtha le moltaí s’againne don Acht.

“D’aithin ionadaí ón DUP, Edwin Poots, a bhí i láthair, go bhfuil na costais seo “réasúnta”.  Is léir dúinn gur dul chun cinn an-tábhachtach é seo, go háirithe agus cúrsaí costais luaite go minic agus go poiblí ag an DUP roimhe seo mar phríomhchonstaic roimh aon reachtaíocht don Ghaeilge.”

De réir plécháipéis de chuid Chonradh na Gaeilge, is é an costas a bhainfeadh le hAcht Teanga a thabhairt isteach ó thuaidh ná £2 mhilliún in aghaidh na bliana agus £9 milliúin eile thar thréimhse cúig bliana i gcostais bhunaithe aon uaire.

Tá ceist an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail ó thuaidh i gcónaí agus Sinn Féin agus an DUP fós i mbun cainteanna faoi athbhunú Fheidhmeannas Sormont.

Mhaígh an DUP cheana go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain Acht dá leithéid a thabhairt isteach. Figiúr ‘a fuair an DUP ó Plútó’ a thug an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir (Sinn Féin) ar an meastachán sin.

Fág freagra ar '‘An costas atá luaite le hAcht Teanga réasúnta’ – polaiteoir sinsearach de chuid an DUP'

  • Breathnóir

    Go breá. Tá súil agam go gcuirfear acht na Gaeilge i bhfeidhm láithreach, mar sin de.