An Corn Domhanda Rugbaí 2023 ag dul chun na Fraince

Cuireadh iarratas na hÉireann as an áireamh sa chéad bhabhta vótála i Londain inniu nuair nár éirigh leis ach ocht vóta as 39 a mhealladh

An Corn Domhanda Rugbaí 2023 ag dul chun na Fraince

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

I ndiaidh theip na foirne sacair i mbabhtaí cáilithe Chorn an Domhain aréir, bhí drochscéal inniu ann do lucht rugbaí na hÉireann agus é fógartha gur sa Fhrainc a bheidh Corn an Domhain 2023.

Bhain conspóid mhór leis an moladh a rinne coiste athbhreithnithe de chuid Chomhairle Dhomhanda an Rugbaí go nglacfaí le hiarratas na hAfraice Theas maidir le corn an domhain a reáchtáil in 2023. Sa tríú háit a bhí iarratas na hÉireann, de réir mholtaí an choiste athbhreithnithe,

Níor bhac formhór bhaill Chomhairle Dhomhanda an Rugbaí leis an moladh sin inniu agus vótáil tromlach chomhaltaí na comhairle ar son na Fraince. 

Cháin lucht rugbaí na hÉireann agus na Fraince an moladh go nglacfaí le hiarratas na hAfraice Theas agus mhaígh siad go raibh an próiseas athbhreithnithe lochtach.

Cuireadh iarratas na hÉireann as an áireamh sa chéad bhabhta vótála i Londain inniu nuair nár éirigh leis ach ocht vóta as 39 a mhealladh. 18 vóta a thuill iarratas na Fraince sa chéad bhabhta sin, i gcomparáid le 13 vóta don Afraic Theas. 24-15 ar son iarratas na Fraince an toradh deireanach a bhí ann.

Fág freagra ar 'An Corn Domhanda Rugbaí 2023 ag dul chun na Fraince'