An córas sláinte – leigheas de dhíth, ach an bhfuil sé ar fáil?

Tá na hospidéil plódaithe arís. Tá gaolta na n-othar ag clamhsán arís, agus go leor le rá ag Teachtaí Dála faoin scéal arís. Ach an bhfuil feabhsú ar bith romhainn?

The scene in the Casualty Department as staff treat patients for the flu outbreak in Beaumont Hospital in Dublin. 14/1/2000. PIC EAMONN FARRELL/RollingNews.ie
Pictiúr: EAMONN FARRELL/RollingNews.ie

Ní foláir coinníoll a chur le gach gearán faoin gcóras sláinte. Níl an tseirbhís go léir ag dul chun donais. Tá feabhsuithe bainte amach anseo is ansiúd. Ní chloistear caint de ghnáth sna meáin ar na hothair a fuair cóireáil chuí gan mhoill.

Ach tháinig dhá dhrochscéal sna sála ar a chéile an tseachtain seo a léirigh arís dúinn an fhadhb mhór atá ag borradh in ionaid phráinne na n-ospidéal. Seo cur síos gairid ar an dá scéal a thug rabhadh dúinn faoin gcontúirt atá ag bagairt ar na hionaid, fiú sara gcuireann fliú geimhridh nó fiabhras éigin eile brú as cuimse orthu.

1. Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Chaith fear atá 91 bliain d’aois 29 uair an chloig ar thralaí san ionad práinne sarar cuireadh leaba ar fáil dó. Dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Céadaoin gur sampla uafásach an scéal de mhífheidhmiú (‘dysfunction’) na seirbhíse.

2. Beaumont, Baile Átha Cliath

An lá dar gcionn, rinne Michelle Cleary cur síos ar ar tharla dá gar-aintín Esther Tiernan (93) in Ospidéal Beaumont agus í ag feitheamh ar feadh 29 uair an chloig sarar cuireadh i leaba í.

Bheadh an dá scéal thuas dona go leor dá mba scéalta eisceachtúla iad. Ach ní tearc na scéalta náireacha eile. Mar shampla, seo cur síos ar dhá eachtra eile inar caitheadh go dona le daoine aosta le gairid. Ní gá ospidéal ná duine ar bith a lochtú – ní féidir moill mar seo ar chóireáil seandaoine a chosaint.

3. Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

I mí an Mheithimh, chaith bean a bhí 101 bliain d’aois 25 uair an chloig ar thralaí sarar cuireadh leaba ar fáil di. Dúirt Cumann na nAltraí gur scéal tubaisteach é gur cuireadh moill chomh fada ar an othar is sine san ospidéal.

4. Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Fagadh fear 102 bliain ar thralaí ar feadh 26 uair sarar cuireadh leaba ar fáil dó. Ghabh an t-ospidéal leithscéal.

Tá iarracht ar bun chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo, agus tasc-fhórsa bunaithe ina bhfuil idir bhainisteoirí an HSE, ionadaithe na n-altraí agus dhochtúirí páirteach. An feabhas is soiléire atá geallta: 400 leaba bhreise, agus foireann bhreise dá réir, roimh dheireadh na bliana.

Ní foláir an méadú beag ar mhaoiniú na Roinne Sláinte i 2016 (má fhagtar as an áireamh an €600m a chaithfear faoi mheastachán breise na bliana seo) a lua freisin. Ar dhá chúis: (a) toisc nach méadú ar chaiteachas sláinte an stáit ach a mhalairt a fógraíodh gach bliain le seacht mbliana anuas, agus (b) toisc gur léir cheana féin nach leor an méadú chun íoc as caighdeán reatha na seirbhíse a choinneáil an bhliain seo chugainn.

Mar is gnáth, thapaigh páirtithe an fhreasúra an deis leis an rialtas a sciúirseáil faoi na scéalta náireacha is déanaí ó na hospidéil, díreach mar a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre rompu nuair a bhí na páirtithe sin sa bhfreasúra; díreach mar a rinne gach freasúra rompu.

Cuimhnigh ar an ngeallúint a thug Fine Gael, i nGaeilge shoiléir, roimh olltoghchán 2011, sa phlean Cúig Phointe a d’fhógair Enda Kenny. Seo é agus é ag cur síos ar bhunaidhmeanna an rialtais nua a thoghfaí:

“Cruthóidh sé córas sláinte iomlán nua agus níos cothroime agus níos éifeachtaí.”

Is leor breathnú ar shíneadh na liostaí feithimh (sampla: an coinne le speisialtóir i 2017 a tairgeadh le gairid d’fhear a bhfuil sciaitíce air) chun an gheallúint sin a mheá tar éis ceithre bliana.

Tá míéifeacht na bpolaiteoirí maidir le bunathchóiriú, feabhsú, forbairt agus, thar aon rud eile maoiniú, na seirbhíse sláinte. Níor éirigh le pairtí/páirtithe ar bith a bhí i gcumhacht le 50 bliain anuas an dul chun cinn a bhí riachtanach a chur i gcrích.

Thug Leo Varadkar léargas cuimsitheach ar an atheagrú ar mian leis féin tabhairt faoi in óraid thomhaiste a thug sé i mBaile Átha Cliath Déardaoin (tá an téacs ar líonlaithreán na roinne, health.gov.ie). Is fiú é a leamh, fiú mura n-aontaíonn tú le polasaithe an rialtais.

Mura gcuirfear na hacmhainní cuí (nó, mar a deirtear i gcaint na ndaoine, airgead) ar fáil, beidh na hospidéil plódaithe go deo agus na liostaí feithimh fada ann go síoraí. Dúshlán mór don Aire, agus do gach aire sláinte eile amach anseo, mura n-athróidh ár gcur chuige polaitiúil.

 

 

Fág freagra ar 'An córas sláinte – leigheas de dhíth, ach an bhfuil sé ar fáil?'