An córas aláraim a labhróidh Gaeilge leat…

Tá leagan Gaeilge dá gcóras ‘Securewave’ curtha ar fáil dá gcuid custaiméirí in Éirinn ag an gcomhlacht HKC, a dhéanann córais aláraim do ghnólachtaí agus do thithe. Tá an córas nua aláraim seo feiliúnach do thithe cónaithe agus d’fhoirgnimh thráchtála araon. Comhlacht Éireannach is ea HKC atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach a bhfuil fás tagtha air ón uair a […]

Typing alarm code

leagan Gaeilge dá gcóras ‘Securewave’ curtha ar fáil dá gcuid custaiméirí in Éirinn ag an gcomhlacht HKC, a dhéanann córais aláraim do ghnólachtaí agus do thithe.

an córas nua aláraim seo feiliúnach do thithe cónaithe agus d’fhoirgnimh thráchtála araon. Comhlacht Éireannach is ea HKC atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach a bhfuil fás tagtha air ón uair a bunaíodh é, 20 bliain ó shin, sa Bhreatain freisin. Meastar gurb é seo an chéad chóras aláraim lán-Ghaeilge a cuireadh ar fáil riamh.

Dúirt urlabhraí de chuid HKC le Tuairisc.ie gur bheartaigh an comhlacht an leagan Gaeilge den aláram a úsáid mar tuigeadh go raibh “go leor cainteoirí Gaeilge in Éirinn fós” agus go mb’fhéidir go mbeadh spéis acu sa táirge.

“Is leagan Gaeilge é de chóras seanbhunaithe a bhfuil dea-theist air le fada an lá le húsáideoirí Béarla. Thuigeamar go bhfuil go leor daoine in Éirinn a labhraíonn an Ghaeilge gach lá ag an obair agus sa bhaile agus go mb’fhéidir go mba mhaith leo gné bheag eile dá saol, ach gné atá an-tábhachtach, a bheith ar fáil sa teanga sin.

“Is éard atá i gceist nuair a deirimid ‘leagan Gaeilge’ go bhfuil na teachtaireachtaí a bhíonn le feiceáil ar an scáileán beag i nGaeilge agus go labhraíonn glór an chórais i nGaeilge freisin agus treoracha á dtabhairt aici,” a dúirt an t-urlabhraí.

aip HKC ar fáil i nGaeilge freisin, agus is féidir le húinéir an fhoirgnimh an córas aláraim a rialú ó áit ar bith ar domhan a bhfuil ceangal idirlín ann trí mheán na Gaeilge. Mhínigh urlabhraí HKC go bhfuiltear in ann an córas a chur in oiriúint d’fhoirgneamh ar bith agus de réir mhianta an chustaiméara – d’fhéadfaí córas sreangaithe nó córas gan sreang a chur isteach, mar shampla.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta gur “forbairt iontach” é an leagan Gaeilge den chóras aláraim a thugann “sásamh” don chomhlacht é a chur ar fáil agus go bhfuil sé á chur ar fáil ag HKC mar “chuidiú beag i gcaomhnú na Gaeilge”.

Seoladh an leagan Gaeilge den chóras aláraim cúpla mí ó shin ach dúirt an t-urlabhraí ó HKC le Tuairisc.ie nach raibh mórán éilimh air go dtí seo ach go bhfuiltear ag súil go mbeidh amach anseo.

Cuireann HKC táirgí eile sábháilteachta ar fáil chomh maith le haláraim ionraidh, ina measc braiteoirí deataigh, teasa agus aon-ocsaíd charbóin. Ní bhíonn aon teanga ar chor ar bith le léamh ná le cloisteáil ar na táirgí sin.

Fág freagra ar 'An córas aláraim a labhróidh Gaeilge leat…'