An conradh do sheirbhís aeir chuig na hOileáin Árann aontaithe agus sínithe

Deir an tAire Stáit Seán Kyne gur ‘ábhar faoisimh do phobal Oileáin Árann’ atá san fhógra go bhfuil an conradh aersheirbhíse aontaithe agus sínithe ar deireadh

An conradh do sheirbhís aeir chuig na hOileáin Árann aontaithe agus sínithe

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go bhfuil an conradh don tseirbhís aeir d’oileáin Árann aontaithe agus sínithe.

Thug an tAire Stáit le fios ag tús na bliana nach raibh an conradh sínithe fós ag Aer Arann Islands, an comhlacht ar éirigh leo sa chomórtas tairisceana.

Dúirt an tAire an uair sin go raibh cosc ar a Roinn dul i mbun a thuilleadh idirbheartaíochta faoin gconradh, ach d’fhógair sé tráthnóna go rabhthas tagtha slán ón tsáinn sin.

Thug Kyne le fios go bhfuil an conradh, a mhairfidh ón 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020, “forghníomhaithe” agus “gur toradh dearfach ar obair a Roinne” a bhí sa mhéid sin.

Ghlac sé buíochas chomh maith leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a stiúir an próiseas tairisceana

“Táim cinnte gur ábhar faoisimh do phobal Oileáin Árann atá sa bhfógra seo inniu.  Tabharfaidh an toradh seo cinnteacht maidir leis an tseirbhís sna blianta amach romhainn,” a dúirt an tAire Stáit.

Bronnadh an conradh PSO chun seirbhís aeir a chur ar fáil idir Aerfort na Mine agus na hoileáin ar chomhlacht an tSeanadóra Pádraig Ó Céidigh, Galway Aviation Services Limited (ag trádáil mar Aer Árann), ach ní raibh an comhlacht sásta le gnéithe den chonradh a bronnadh orthu.

Fág freagra ar 'An conradh do sheirbhís aeir chuig na hOileáin Árann aontaithe agus sínithe'

  • Séamus Ó Flaithbheartaigh

    “Chuig na hOileáin Árann”? Cén chineál Gaeilge í seo? Feicim nach bhfuil údar leis an alt, ach an é gur chuir duine gan Ghaeilge cheart teideal leis?
    Briseann sé seo rialacha bunúsacha sa nGaeilge, agus goileann sé ar an nGaeilgeoir!
    Séamus