An Coimisinéir Teanga ag súil go leanfaidh an Taoiseach lena ‘cheannaireacht’ ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh cearta teanga á bplé

Ag ócáid ag ar bronnadh Teastas Gaeilge ar an Taoiseach aréir, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh súil aige go léireodh Leo Varadkar ‘an cheannaireacht, an diongbháilteacht agus an tuiscint chéanna’ i gcás an Bhille nua chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

An Coimisinéir Teanga ag súil go leanfaidh an Taoiseach lena ‘cheannaireacht’ ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh cearta teanga á bplé

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag bronnadh an teastas ar "Leo de Varad". Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá ardmholadh tugtha ag an gCoimisinéir Teanga do Leo Varadkar as an ‘ceannaireacht’ atá léirithe aige i leith na Gaeilge, agus tá súil aige go léireoidh an Taoiseach ‘an cheannaireacht’ chéanna’ maidir le cearta teanga phobal na Gaeilge.

Bhí an Taoiseach i measc 70 duine ar bhronn an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) orthu i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath aréir.

Chun an Teastas a bhaint amach, d’fhreastail Leo Varadkar ar rang de chuid Gaelchultúr trí uair an chloig gach maidin Dé Céadaoin idir mí Feabhra agus tús mhí na Bealtaine agus bhí measúnú leanúnach agus béaltriail le déanamh aige chomh maith.

Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr, Éamon Ó Dónaill, i mbun cainte agus an Taoiseach ag éisteacht

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh ‘teachtaireacht láidir’ maidir le tábhacht na Gaeilge tugtha ag Leo Varadkar ó thosaigh sé i mbun fhoghlaim na Gaeilge. Dúirt Ó Domhnaill go raibh súil aige go léireoidh Varadkar féin agus a Rialtas “an cheannaireacht” chéanna i gcás an Bhille um leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla atá le foilsiú go luath. 

Dúirt an Coimisinéir gur ábhar dóchais a bhí i bhfoilsiú na dréachtreachtaíochta leasuithe d’Acht na dTeangacha agus go raibh súil aige gur cathair mar a tuairisc a bheadh sa Bhille féin.

“Tá deacrachtaí móra ag daoine seirbhísí sásúla sa gcéad teanga oifigiúil a fháil ón Státchóras. Is éard atá i gceist agam le sásúil ná seirbhísí a chuirtear ar fáil go réamhghníomhach agus ar chomhchaighdeáin le seirbhísí i mBéarla. Chun sin a dhéanamh, dar ndóigh, caithfear a chinntiú go bhfuil a ndóthain daoine le Gaeilge sa státchóras.

“Tá sé luaite mar aidhm sna ceannteidil sin go gcinnteofaí gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua sa gcóras poiblí sa tír. Tá súil agam go mbeidh an Bille féin, nuair a fhoilseofar é, ag teacht leis an méid atá sna ceannteidil,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga ag súil go leanfaidh an Taoiseach lena ‘cheannaireacht’ ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh cearta teanga á bplé'