An clúdach ó Bhaile na hAbhann agus Casla inchurtha le haon rud a bhí ag teacht ó Bhaile Átha Cliath…

Tá moladh thar na bearta ag dul do na meáin chraolta Ghaeilge a dhein obair na gcapall ar an Satharn agus arís ar an Domhnach d’Olltoghchán 2016

Maolra Mac Donnchadha ag obair leis na grafaicí
Maolra Mac Donnchadha ag Balla an Eolais

Tá moladh thar na bearta ag dul do na meáin chraolta Ghaeilge a dhein obair na gcapall ar an Satharn, agus arís ar an Domhnach (Vóta 2016,TG4 agus Clár an Chomhairimh ar RTÉ RnaG). Bíonn an dá stáisiún go maith os cionn a mbuille ar laethanta móra agus ar TG4 bíonn an ‘Súil Eile’ mar a ceapadh di a bheith an chéad lá.

Bhíos siar is aniar eatarthu, agus na meáin Bhéarla, agus bhí an plé, anailís agus clúdach a bhí ag teacht ó Bhaile na hAbhann agus Casla inchurtha le haon rud a bhí ag teacht ó cheártaí gustalacha Bhaile Átha Cliath.

Páidí Ó Lionaird, Maolra Mac Donncha agus Cormac Ó hEadhra; Eimear Ní Chonaola, Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg. Ceardaithe cumasacha.

Comhfhreagraithe ag an dá eagraíocht sna hionaid chomhairimh ar fud na tíre. Na meáin shóisialta faoi bharr lasrach, comhghuaillíocht eatarthu agus caint léargasach le dealramh.

Bhaineas súp thar na bearta as an Satharn. Bhí TG4 ar an aer óna 10.00 a chlog ar maidin go dtí a 1.00 an mhaidin dár gcionn agus ní foláir nó go raibh neart ‘Red Bull’ agus ‘espresso’ á dtaoscadh siar ag Páidí Chorcaí mar níor tháinig aon lagú air.

Ábhar iontais dom ar shlí nach raibh an dara bord plé acu le hEimear ina bun óir go raibh an oiread sin aíonna breátha acu. Ina theannta sin bheadh aga ag Páidí a anáil a tharraingt agus d’fhéadfadh Maolra a bheith fágtha ag falla an eolais agus duine eile i bhfeighil na bhfeasachán. Seans maith, áfach, go raibh Maolra buíoch as imeacht ón mballa eolais agus an diabhal cianrialtán sin a fhágaint ina dhiaidh. Cé aige a bhí an jab na cadhnraí a fháil?

Dhein TG4 an-bheartaíocht beirt iar-Thánaistí a mhealladh chucu, cé go raibh orthu Mary Coughlan (agus cúpla aoi eile) a roinnt le RnaG. Sampla eile den chomhghuaillíocht a ghin teas an olltoghcháin?

Ní haon bhéalghrá a thug ann iad ach an oiread mar bhíodar breá sásta a maidí a chur san fheamnach. Ag amanna difriúla chuaigh Eamon Gilmore, Mary Coughlan agus Liadh Ní Riada i bpíobáin a chéile. Níor chuir Liadh fiacail ann go minic agus bhain Páidí sásamh as a bheith ag crá a chomharsan le ceisteanna comhrialtais.

I measc na dtráchtairí eile a chuaigh i bhfeidhm orm le linn na deireadh seachtaine bhí Alan Dukes, Tony Kileen, Eoin Ó Murchú, Eoghan Ó Neachtain, Gearóid Ó Tuathaigh, Donncha Ó hÉallaithe, Áine Ní Chiaráin, John Walsh agus Bernie Ní Chuinn, a thug a léargais shainiúla féin dúinn.

Donncha Ó Héallaithe le Eoghan Ó Neachtain.
Donncha Ó Héallaithe le Eoghan Ó Neachtain.

Bhaineas súp as tráchtaireacht Bhernie nuair a tháinig tine ar a craiceann ag caint faoi mhuintir Healy-Rae agus an cumas atá iontu a chur ina luí ar lucht na tuaithe go bhfuilid in áit na leathphingne. Thagair sí don tslí go n-oireann an seanaBhéarla agus na caipíní dá n-íomhá agus dá dteachtaireacht.

B’anailís léargasach, chruinn í, anailís nach bhfaighfeá ar na meáin Bhéarla. Sin an rud go bhféadfaí a rá faoi chlúdach an dá stáisiún go ginearálta, agus sin é ar shlí an moladh is mó go bhféadfá a thabhairt do TG4 agus RnaG.

Fág freagra ar 'An clúdach ó Bhaile na hAbhann agus Casla inchurtha le haon rud a bhí ag teacht ó Bhaile Átha Cliath…'

  • padraig

    Aontaim leis an uile fhocal agat, bhi se notalta ar fad, job gairmiuil criochnuil deanta acu, agus bhi an trachatireacht bheo ar siul ar an iPhone ag daoine airithe sna pubanna fiu!

  • Áine

    An-tráchtaireacht mar a bhíonn i gcónaí ar RnaG agus is iontach an uair seo nach raibh ar dhuine ach dul ó chainéal raidió RnaG agus ar ais go TG4 agus gach a raibh a tarlú ar fud na tíre ar eolas agat…. sin Súil Eile go cinnte… an bhfuil tuiscint ar deireadh ann go bhfuil na hiriseoirí cumasacha seo ar na meáin Ghaeilge ar chomhchaighdeán (nó níos airde -creidim) le haon dream ar na meáin Bhéarla… go mba fada buan iad go léir mar tá a leithéid de chraoladh tuillte ag Gaeilgeoirí na tíre agus na Gaeltachta. Tá súil agam nach bhfuil anseo ach an tús…ardchaighdeán anailíse ar an dá stáisiún agus muide na héisteoirí/an lucht féachana faoi chomaoin agaibh…go mbeirimid beo ar an am seo arís (mar b’fhéidir go gearr go mbeidh sé uilig romhainn arís… agus beimid ag súil leis an gclúdach céanna as seo amach,… anois agus é léirithe gur ‘féidir linn!!!’