An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Márta 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”. Beathainéis na scríbhneoirí ó ainm.ie

Márta 20

Márta 20, 1915            An Claidheamh            3            

Bliain an Chogaidh

drochnós againn in Éirinn ainm coigcríochach a thabhairt ar gach uile ní. Má orainn trácht ar dheireadh an séú haois déag tugaimid aimsir Shibéile air in ionad aimsir Aodha Uí Néill. Mar an gcéanna tráchtaimid ar aimsir Chromail agus aimsir Bhictóri agus ó sin siar. Is comhartha é don Ghalldachas atá scíte  orainn. Ar an séala sin creidim go dtabharfar Bliain an Chogaidh Mhóir ar an bhliain atá ann anois go dtí go dtiocfaidh ár gciall agus ár stuaim dhílis dhúchais arís dúinn. Ach cibé ar bith a bhaistfear ar an bhliain seo beidh ábhar againn le cuimhniú uirthi. Ní théann an cogadh agus an ganntanas i dtairbhe dúinn agus is iomaí rud a dhéanfaidh siad cíorthuathail díobh. Agus i measc na rudaí eile an Ghaeilge mura dtabharfaimid aire di. Tá intinn na ndaoine i gcoitinn chomh tógtha sin leis an chogadh uafásach gur baol go ndéanfaidh siad dearmad de gach uile rud ach é.

Anois níl fíor-ábhar go ndéanfaimis dearmad nó neamhaird ar an Ghaeilge mar gheall ar an chogadh nó mar gheall ar aon rud eile. Beidh an Ghaeilge againn, tá dúil againn, nuair a bheas an cogadh thart. Beidh teanga na hÉireann agus náisiúntacht na hÉireann le tarrtháil cibé ar bith mar a bheas an scéal ag an chogadh. Agus is é an rud amháin é, b’fhéidir, a fhéadfaimid a dhéanamh go héifeachtúil faoi láthair ar son na tíre – an teanga a neartú agus a chur chun tosaigh. Tá polaitíocht marbh faoi láthair. Ní féidir aon ní a dhéanamh. Ní mór an méid is féidir a dhéanamh ar son déantúsa ná talmhaíocht. Tá gannchuid airgid agus gannchuid fear ag cur as dúinn, agus ní luíonn intinn na ndaoine le healaín ná le ceardaíocht ná le litríocht. ach tig linn gan dua leanúint don Ghaeilge. Tá na mná is na páistí sa bhaile againn mura bhfuil na fir go léir, agus is iad is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaimn agus a labhairt. Tá na scoileanna ag obair agus níl bacadh nó barradh ar na múinteoírí agus bainisiteoirí an Ghaeilge a choinneáil ar cois iontu. Agus an Conradh féin ní fheicim a dhath le tuisle a bhaint as. Na daoine céanna a chuir ar bun é agus a neartaigh leis go dtí anois tá siad le fáil, formhór acu, chomh fairsing is a bhí siad riamh. agus an féidir a rá go ligfidh siad don obair dul ar gcúl? Ní thuigim go ligfidh agus ní chreidim go ligfidh, ach go leanfaidh siad d’obair na Gaeilge mar ba ghnách nó b’fhéidir níos fearr ná riamh.

Beidh sé deacair, b’fhéidir, an t-airgead a bhailiú i mbliana. Tá an t-airgead gann ag a lán daoine. Tá luach scriosta ar gach uile ní, agus tagann sé crua ar dhaoine nach mbíonn acu ach pá seachtaine nó bliana agus an phá sin gan ardú. Má bhíonn an teacht isteach céanna ag duine agus gurb amhlaidh go bhfuil dhá luach ar gach uile ní atá le ceannach aige tchífear nach mór dó a bheith aireach ar na scillingí, agus na pinginí féin a choigilt. Ach ar an taobh eile den scéal, duine ar bith a bhfuil rud le díol aige ba cheart go mbeadh airgead fairsing aige. Ag na feirmeoirí, cuir i gcás, agus is iad an dream is líonmhaire in Éirinn iad. Féach an luach atá ar an eallach, ar chaoirigh, ar mhuca, ar chapaill, ar chearca, ar uibheacha, ar phrátaí, ar arbhar, ar mhin, ar fhéar, ar líon; ar gach uile rud atá le díol ag feirmeoir. Ba cheart go mbeadh saol flaithiúil ag na feirmeoirí agus go mbeadh siad flaithiúil dá réir le ciste na teanga. Ar scor ar bith is beag duine nach féidir leis a bheag nó a mhór a thabhairt do chiste na Gaeilge agus tá tuairim láidir agam nach bhfuil mórán daoine in Éirinn, ach amháin dornán daoine a bhfuil drochrún acu i dtólamh don Ghaeilge agus do gach a bhaineann le náisiúntacht na hÉireann, nach dtabharfaidh síntiús éigin uaidh don chiste ach é a iarraidh air go macánta. Mar sin iarraimis an t-airgead go macánta ach gan dearmad nó faillí ar aon duine. Is iomaí dóigh ann lena iarraidh. Agus seo sampla de dhóigh acu: coiste beag d’oifigigh sa Chustam agus Acsadhas (mál) a tháinig i gcionn a chéile an oíche faoi dheireadh agus atá ag cur amach imlitir chuig a gcomhoifigigh ag iarraidh cabhrach don teanga. Ba ghnách leis na dochtúirí obair dá sórt a dhéanamh, agus na máistrí scoile agus na máistreása, agus daoine eile. Ná déanaidís dearmad air i mbliana. Agus an bailiúchán i gcoitinn ná ligimis i ndearmad nó i mbeagshuim é.

B’fhéidir, in ainm Dé agus Cholmcille, gurbh í Bliain an Chogaidh Mhóir an bhliain atá i ndán dúinn feabhas oibre a dhéanamh ar son na teanga, i modh is nuair a bheidh an cogadh thart ag na heachtrannaigh go mbeidh buaite ag an Ghaeilge, agus go bhféadfaimid Bliain Bhuaite na Gaeilge, nó Bliain Mhúscailte na nGael, nó Bliain Aiséirí na hÉireann a bhaisteadh ar an bhliain 1915 in ionad Bhliain an Chogaidh.

Cú Uladh

Is Aoibhinn Liom Mo Shaol

Fonn – “Bean Dubh a’ Ghleanna”
Is aoibhinn liom mo shaol,
Go minic is mé am aon,
Ar rothar amuigh faoin spéir istoíche;
Solas geal ón ré,
solas lag na réalt,
gan agam aon leas am choinnleacht.
Is ionann liom mar scéal
An bháisteach ann is an ghaoth
leoithne bog den aer am shlíobadh;
a chuirim spéis
Ins na nithe sin gan bréag,
i ngliogar bog baoth na ndaoine.
Aoibhinn liom an bheatha
Bíonn agamsa a’ taisteal
Trí Éire na seansreabh álainn;
Cloisim ceol ón abhainn,
Cloisim ceol ón nglaise,
A’s cloisim ceol ón gcaisín dána;
Ceol dom éin ag cantain,
Ceol dom glór na n-easach,
Ceol dom fuaim na mara ar tránna,
neart am shláinte braithim,
Amuigh i lár na leacan,
A’s in uaigneas an Ghleanna bhreá ghlais.
hairgead is maith liom,
mórán maoine as eallaigh,
saol istigh i gcathair ghránna,
Ach áras geal cois mara,
I bhfad ón mbóthar leathan,
Mar a shéidfeadh gaotha aneas thar sáil
chugam;
Mar a léifinnse na leabhair
A’s glór na dtonn am spreagadh
A’s mar a chumfainnse gan bac na

dánta:

Is ann mo chailín chasfainn
A’s ba shuairc mo shaol ina haice
’S nach mairg nach mar sin atá ‘gam

Lorga Liath Bhán

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Márta 1915)'