An Claiḋeaṁ Soluis – Tar éis saothar 20 bliain nó os a chionn…an bhfuil an oiread Gaeilgeoirí in Éirinn anois agus a bhí 20 bliain ó shin? Sin í an cheist…

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (14 Deireadh Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis – Tar éis saothar 20 bliain nó os a chionn…an bhfuil an oiread Gaeilgeoirí in Éirinn anois agus a bhí 20 bliain ó shin? Sin í an cheist…

Claíomh-133

2                         An Claidheamh                         Deireadh Fómhair 14, 1916

Scéala ón mBriotáin

Is fada nach bhfacamar scríbhinn ar chúrsaí teanga na Briotáine ab fhéidir a chur i gcomparáid le leabhrán* a chuir ár nduine muinteartha, Pierre Mocaër i gcló, tá tamall ó shin ann. La Question Bretonne ainm an leabhair sin. Léacht a rinne Pierre i dtosach na bliana is ea é. Thaitin sé chomh mór sin leis na daoine a bhí ag éisteacht gur comhairlíodh dó an chaint a chur i gcló i bhfoirm leabhair. Agus seo é againn é.

I dtosach báire déanann an t-údar míniú ar náisiún agus ar náisiúntacht na Briotáine. Dar linn bhain sé preab as cuid dá lucht éisteachta nuair a dúirt sé gur náisiún í an Bhriotáin, nach dúiche ná cúige ná ceantar í, agus go bhfuil teanga agus nósanna agus comharthaí náisiúntachta aici á hidirdhealú ó na tíortha is neasa di. Ag tagairt dá náisiúntacht deir sé:

“Le terme suppose évidement l’existence d’une nation, c’est-à-dire quelque chose de plus, quelque chose de mieux qu’une région ou qu’une province, et de mêine que notre langue bretonne est une langue et non pas un patois ou un dialecte, de même la Bretagne est une nation, et non pas une région, une province.”

Déanann an t-údar áireamh ar na nithe faoi deara sin a bheith amhlaidh. Ar dtús cuireann sé síos ar shuíomh na Briotáine ar an léarscáil; agus is eol dúinn a laghad cosúlacht atá idir í féin agus a tíortha comharsan.

Léann sé dúinn ansin go hachomhair stair na tíre ó aimsir na Seancheilteach anall, agus tuairisc a seachráin ar fud na hEorpa, anuas go dtí an lá faoi dheireadh úd sular thosaigh an Cogadh Mór. Is aoibhinn a léamh mar chuaigh seanmhanaigh is naoimh ón mBreatain Mhór ar teitheadh roimh chumhacht na nAngal is na Sacsan, mar a chuir na daoine naofa sin fúthu sa Bhriotáin, gan braon fola a dhoirteadh ann, agus mar a thóg siad flaitheas agus treabhchas dóibh féin agus dá muintir ann.

Ansin tarraingíonn Pierre déantúis na Briotáine chuige. An talamh agus an t-ionad atá ag a muintir, déanann siad feirmeoirí agus iascairí d’fhormhór acu. Ní féidir a mhalairt. Ní rómhaith atá ag éirí leis na hiascairí, go háirithe ó thosaigh an Cogadh, ach tá feabhas maith ar an bhfeirmeoireacht. Agus maidir le tráchtáil na Briotáine ní ligtear di puinn a dhéanamh. Nach i bPáras atá ceann bhóithre iarainn na Briotáine!

Ag tagairt do mhoráltacht a mhuintire féin tá scéal maith le hinsint ag Pierre. An meath agus an uireasa a chreidim a rug greim ar an bhFrainc chuaigh siad thar an mBriotáin gan díobháil di. Bhí grásta Dé acu, agus a dteanga dhúchais agus chosain siad an pobal ar amas nimhneach an drochsprioraid. Ní thuigeann an Francach cad ina thaobh nach ndéanann an Briotánach aithris air féin. Ar an gcuma chéanna, teipeann ar Sheán Buí muintir na hÉireann a thuiscint. Éist le Pierre: “Je ne sais si vous avez entendu parler de l’aventure de Zola qui, désireux d’écrire un livre sur nous, débarqua un beau jour dans notre pays pour étudier notre mentalité; toujour est-il qu’il comprit vite qu’il n’y comprendrait jamais rien; dè qu’il avait cru saisir un trait essentiel de notre caractère et sa signification, des observation ultë venaient aussitôt renverser ses hypothèses. Mystifié, vaguement inqueit devant ce caractère ondoyant et insaisissible, à métamorphoses brusques, Zola, pour une fois, fut sage; il brûla ses notes, partit et ne revint plus.”

Nach againne in Éirinn atá an seantaithí ar obair den sórt sin. Ach ní baol do Shasanach na céille, d’fhear an “common sense” go léir, a leithéid siúd a dhéanamh. Pé nótaí a scríobhfadh sé abhus bheidís á dhó sin go dtí go gcuirfeadh sé dhá chroí iad. Ní bheadh suaimhneas le fáil aige go mbeadh a leabhar i gcló! Cúis gháire chugainn.

Nuair a thagann Pierre chun cur síos ar an mBriotáinis insíonn sé scéalta nua dúinne. Seo é an chuid den leabhar is fearr a thaitníonn linn. Tuigimid uaidh go bhfuil tuairim is milliún go leith duine a labhraíonn an Bhriotáinis. Agus cá bhfuilimidne, muintir na Gaeilge, tar éis saothar fiche bliain, nó os a chionn? An bhfuil an oiread Gaeilgeoirí in Éirinn anois, tar éis na hiarrachta sin, agus a bhí fiche bliain ó shin? Sin í an cheist.

An t-údar seo againne cuireann sé síos ar chanúintí na Briotáinise, agus ar na dúiche ina labhraítear iad. Déanann sé tagairt don teanga liteartha agus don chuma ar fhás sí. Agus ní hé a dhearmad gan áireamh ar na seoda is fearr inti. Taispeánann sé dúinn cuid den difríocht ghraiméir atá idir an Fhraincis agus an Bhriotáinis, agus ní sos dó ag gríosú na mBriotánach chun troid a dhéanamh ar son a dteanga dhúchais agus í a mhúineadh don aos óg.

Ar oideachas na tíre is mó a fhaigheann sé locht i dtaobh aineolas na ndaoine ar litríocht na teanga. Réim Ghallda oideachais atá ar bun ann. Díreach mar is eol dúinne in Éirinn é. Agus is dóigh le Pierre go mbeadh an scéal i gceart gan mhoill dá gcuirtí ar bun ansiúd oideachas dátheangach ar an gcuma chéanna ina bhfuil sé sa Bhreatain. Tá a fhios againn go ndearna an t-údar staidéar speisialta ar an gceist sin, agus ní miste géilleadh dá thuairim.

Ní healaín dúinn leanúint ródhlúth anseo d’ábhar cainte ár gcomhbhráthar ón mBriotáin. Tugann sé cuntas ar an iarracht dhéanach, roimh an gCogadh, chun an teanga dhúchais a chur ar a boinn, agus an obair fhónta a rinneadh de dhroim na hiarrachta sin. Agus mar bhuille scoir tráchtann sé ar an obair atá rompu fós. Sa chuid sin dá shaothar is follas gur tháinig Pierre faoi anáil Chonradh na Gaeilge agus Choláistí na Gaeilge; mar tugann sé moladh speisialta dóibh. Chaith sé tréimhse i mBéal Átha an Ghaorthaidh, agus is furasta a aithint nach díomhaoin a bhí faoi ann.

Ní míchosúil ina lán slite Éire agus an Bhriotáin. Tá aithreacha agus máithreacha ansiúd, leis, agus ní mian leo an teanga dhúchais a mhúineadh dá gclann. Ach ar an taobh eile den scéal, tá daoine ann, agus ar shon go mbíonn an Fhraincis acu féin is í an Bhriotáinis a labhraíonn siad lena gclann. Tá scéal beag ag Pierre mar gheall air sin, agus deir sé:

“C’est ansi que dans le villes et souvent le bourgs nombre de parents ent, par vanité, ignorance, inconscience, hostilité, ou tout simplement bêtise, délaissé la langue bretonne et ne la parlent plu à leurs enfants, ce qui serait pourtant le moyen le plus pratique pour la leur apprendre. Les résultats de cette conduite sont deplorables, non seulement pou la langue bretonne, mais aussi pour la langue française.

“‘Parles-vous le breton ou français à vos enfants,’ demandaitun jur devant moi un de mes amis à une paysanne des environs de Carnac.

“‘Je leur parle breton,’ répondit cette femme intelligente, ‘quel français voulez-vous que je leur apprene?’

“Et cette réponse était très just: nombre de parents possèdent, en effet, infiniment miuex le breton que le français qu’ils écorchent lamentable-ment. N’oublions pas que le mot baragovin a été créé spécialement pour nous. Eh bien, c’est ce baragouin mélangé, car le breton faute de miuex communique á son rejeton dénaturé son accent, sa syntaxe, ses mots, qui acquiert, de nos jours, droit de cité en Bretagne, se transmet religiusement et empêche invinciblement, dans beau-coup de cas, l’acquistion si désirable d’un français correct.”

Cuimhnigh, a léitheoir, ar an “brogue” a cuirtear i leith mhuintir na hÉireann nuair a labhraíonn siad an Béarla. Na cleasa céanna is ea a tharraingíonn an madra rua chuige i gcónaí.

Daoine a chuireann suim sa Bhriotáin agus a mheabhraíonn an tslí ina bhfuiltear ag obair ann chun cosc a chur le meathlú na teanga dúchais, b’fhiú dóibh an leabhar beag seo a fháil agus é a scrúdú go mion. Is iomaí comhairle mhaith do mhuintir na Gaeilge ann; agus b’fhéidir go bpiocfaimis as rud nó dó a chuirfeadh ar ár leas sinn. Ní gá dom Pierre Mocaër a mholadh mar gheall ar a cháilíochtaí scríbhneora. Tá fios a ghnó aige, agus níl sé gan taithí ar an sórt sin oibre. Faoi mar a thaitin an saothar leis an dream a bhí ag éisteacht, thaitneodh sé mar an gcéanna leis an té a léifidh sa leabhar é. Molaimid an leabhar. Agus molaimid an t-údar as ucht an leabhair.

Torna

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis – Tar éis saothar 20 bliain nó os a chionn…an bhfuil an oiread Gaeilgeoirí in Éirinn anois agus a bhí 20 bliain ó shin? Sin í an cheist…'